YouVersion Logo
Search Icon

Irimia 6

6
Tuilleadh faoin Ionradh
1Teithigí le bhur n‑anam a chlann Bhiniáimin as lár Iarúsailéim
Séidigí an stoc i dTeacóa, ardaígí bratach i mBéit hac Ceirim!
Óir tá tubaiste ag bagairt as an Tuaisceart,
díobháil mhór.
2An gcuirfimid iníon Shíón i gcomparáid
le féarach cumhra?
3Tagann aoirí lena dtréada ina coinne.
Shuíodar a mbothanna timpeall uirthi.
Tá gach fear acu ag iníor ina rogha ceapach.
4“Gléasaigí cath uirthi! Faoi airm!
Déanaimis ionsaí uirthi i lár an lae ghil,”
“rí mhairg dúinne! Tá an lá ag imeacht tharainn,
tá néalta nóna ag síneadh.”
5“Faoi airm! Déanfaimid ionsaí faoi oíche
agus scriosfaimid a páláis.”
6Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua:
“Gearraigí síos na crainn,
tógaigí móta in aghaidh Iarúsailéim;
is í Cathair na mBréag í,
gan inti ina lár ach leatrom.
7Amhail mar a choinníonn tobar a uisce úr,
coinníonn sise a mailís úr.
Foréigean agus milleadh a bhíonn le clos inti;
i mo fhianaise i gcónaí
bíonn galair agus cneácha.
8Gabhsa rabhadh, a Iarúsailéim,
ar eagla go n‑iompóinn uait,
agus fásach a dhéanamh díot, tír gan áitritheoirí.
9Is mar seo a deir Tiarna na Slua:
“Deasc fuíoll Iosrael,
deasc é mar a dhéanfá le fíniúin;
mar a dhéanfadh an fómharaí fíonchaor,
cuir do lámh arís sna craobhacha.”
10Cé leis a labhróidh mise,
cé dhó a dtabharfaidh mé rabhadh le go gcluine siad?
Is follas go bhfuil a gcluasa dúnta,
ní fhéadann siad éisteacht.
Is follas gur suarach leo briathar an Tiarna,
níl dúil acu ann.
11Tá mé lán dʼfhearg an Tiarna
táim tuirseach de bheith á coinneáil istigh.
“Doirt amach mar sin é ar na leanaí sa tsráid,
agus ar oireachtas na n‑ógfhear in éineacht.
Tógfar uile iad: an fear agus an bhean,
an seanóir liath agus an té atá lán de laethanta.
12Fágfar faoi dhaoine eile a dtithe,
a bhfearann agus a mná in éineacht.
Sínfidh mise amach mo lámh
ar dhúchasaigh na tíre seo
–an Tiarna a labhraíonn.
13Santaíonn gach aon díobh an brabach mí-ionraic,
ón té is lú go dtí an té is mó;
an sagart agus an fáidh araon,
déanann siad uile bearta bréagacha.
14Is gan mhairg a chóiríonn siad créacht mo phobail,
á rá: ‘Síocháin! Síocháin!’,
ach níl aon síocháin ann.
15Náire ba chóir a bheith orthu mar gheall ar a n‑imeachtaí gránna.
Beag an baol! Níl ciall do náire acu,
ní mó is féidir leo lasadh.
Ar an ábhar sin mar a thiteann daoine eile,
titfidh siadsan freisin;
teilgfear anuas iad nuair a thiocfaidh mise ar cuairt acu
–a deir an Tiarna.”
16Is mar seo a deir an Tiarna:
“Seasaigí i mbealaí an tseansaoil
cuirigí tuairisc na seanchasán
cé acu ab ea an tslí mhaith? Siúlaigí inti ansin
agus gheobhaidh sibh suaimhneas.
Ach dúirt siadsan: ‘Ní shiúlfaimid inti.’
17Chuir mé fir faire ar mhaithe leo:
éistigí le glor an stoic!
Ach dúirt siadsan: ‘Ní éisteoimid.’
18Cluinigí mar sin, a chiníocha,
bíodh a fhios agaibh, a oireachtais,
céard tá i ndán dóibh.
19Éist, a thalaimh,
táim ag breith tubaiste ar an bpobal seo:
de bhrí nár éist siad le mo bhriathra,
agus, maidir le mo reacht, dhiúltaigh siad dó.
20Nach cuma liomsa túis anall ó Sheabá,
nó giolcóg chumhra ón imigéin?
Ní taitneamhach bhur n‑ofrálacha loiscthe,
ní milis liom bhur n‑íobairtí.
21Dá bhrí sin–mar seo a deir an Tiarna:
‘Cuirfidh mé cip thuislithe roimh an bpobal seo
le go dtitfidh siad orthu;
an t‑athair agus an mac in éineacht,
an chomharsa agus an cara, caillfear iad uile.’ ”
22Is mar seo a deir an Tiarna:
“Anois tá cine ag teacht ón tír thuaidh,
ó chríocha imigéiniúla na talún
gluaiseann náisiún mór;
23tá bogha agus gath i ngreim acu,
tá siad cruálach, míthrócaireach;
is cosúil a bhfuaim le búiríl na farraige;
tá siad ag marcaíocht ar eachra,
tá gach fear acu in eagar catha
i dʼaghaidhse, a iníon Shíón.
24Chualamar an scéala;
titeann ár lámha go faonlag,
rug doigh greim orainn,
pian mar a bheadh ag bean le híona.
25Ná himígí amach faoin tuath,
ná siúlaigí ar na bóithre,
óir tá claíomh an namhad ann,
agus scanradh ar gach aon taobh.
26Crioslaigh thú féin i sacéadach,
ó a iníon mo dhaoine,
únfairtigh thú féin i luaithreach,
déan olagón mar a dhéanfá ar son aonmhic,
caoineadh róghéar.
Óir tá an scriosadóir ag teacht go tobann orainn.
27Cheap mé thú i do mheisiúnóir ar mo phobal,
le go mbeadh a fhios agat agus go meisiúnófá a n‑iompar.
28Is tréigtheoirí ceanndána iad uile,
ag siúl rompu le lucht tromaíochta.
29Séideann na boilg go fíochmhar
go ndéana an tine an luaidhe a dhó.
Is díomhaoin don fhear leáite a shaothar,
ní ghlantar an conamar as.
30Airgead diúltaithe a thugtar orthu,
agus go deimhin dhiúltaigh an Tiarna dóibh!”

Currently Selected:

Irimia 6: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Irimia 6