“Más mian leat filleadh, a Iosrael,
–is é an Tiarna a labhraíonn–
Is ormsa nár mhór duit filleadh.
Cuir deireadh le do ghráiniúlacht
agus ní bheidh aon chall agat mé a sheachaint.
Má mhionnaíonn tú: ‘Go maire an Tiarna’
go fírinneach, go fíréanta agus go macánta,
beannóidh na ciníocha iad féin ionat,
agus is ionat a bheidh a nglóir.”