YouVersion Logo
Search Icon

Irimia 35

35
Eiseamláir na Raecáibíoch
1An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna i laethanta Iahóiácaím mhic Ióisíá, rí Iúdá: 2“Imigh go clann na Raecáibíoch agus labhair leo; tabhair go Teampall an Tiarna iad, go ceann de na seomraí, agus tairg dóibh fíon le hól.” 3Rug mise mar sin Iázainiá mac Irimia, mac Habaizinia, mar aon lena dheartháireacha agus a chlann mhac uile: clann iomlán na Raecáibíoch liom. 4Thug mé go Teampall an Tiarna iad, go seomra mhic Hánán, mac Igdiliá, óglach Dé, láimh le seomra na n‑oifigeach, os cionn seomra Mhásaeiá mhic Shealúm, coimeádaí an dorais. 5Leag mé ansin os comhair fir chlann na Raecáibíoch soithí lán dʼfhíon agus cupáin, agus dúirt mé leo. “Ólaigí deoch fíona.” 6Dúirt siadsan: “Ní ólaimidne fíon, óir dʼordaigh Iónádáb mac Raecáb ár sinsear dúinn: ‘Ní ólfaidh sibh fíon, sibh féin ná bhur mic go brách. 7Ní mó a thógfaidh sibh tithe; ní chuirfidh sibh síol, ní phlandóidh fíniúin ná ní shealbhóidh sibh áitreabh; ach déanfaidh sibh cónaí ar feadh bhur laethanta i mbothanna, ionas go mairfidh sibh i bhfad sa dúiche a mbeidh sibh in bhur n‑eachtrannaigh.’ 8Dʼumhlaíomar do ghuth Iónádáb mhic Raecáb, ár sinsear san uile ní dár ordaigh sé dúinn; gan fíon a ól feadh ár mbeatha, sinn féin, ár mná, ár mic, ná ár n‑iníonacha, 9ná tithe a thógáil dúinn féin le cónaí iontu; ní mó mar atá fíniúin againn ná talamh curtha, 10ach cónaímid i mbothanna. Dʼumhlaíomar agus rinneamar de réir an uile ní dár ordaigh Iónádáb ár sinsear dúinn. 11Ach tharla, nuair a dʼionsaigh Nabúcadnazar rí na Bablóine an tír seo, go ndúramar: Tagaigí! téimis suas go Iarúsailéim ar eagla slua na gCaildéach agus slua Árám.’ Is mar sin a chuireamar fúinn in Iarúsailéim.”
12Ansin tháinig briathar an Tiarna go Irimia. 13“Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Imigh agus inis do mhuintir Iúdá agus do áitritheoirí Iarúsailéim: Nach bhfaigheadh sibh teagasc agus éisteacht le mo bhriathrasa? Is é an Tiarna a labhraíonn. 14Comhlíonadh briathar Iónádáb mhic Raecáb nuair a dʼordaigh sé dá chlainn mhac gan fíon a ól; go dtí inniu féin ní ólann siad aon deor, ach umhlaíonn siad dʼordú a sinsir. Ach labhair mise libhse gan stad gan staonadh, ach níor éist sibh liom. 15Chuir mé chugaibh mo sheirbhísigh uile, na fáithe, go minic agus go himpíoch á rá: Filleadh gach aon fhear agaibh óna dhrochshlí, agus leasaigí bhur ngníomhartha agus ná himígí i ndiaidh déithe eile á n‑adhradh; fanfaidh sibh mar sin ar an talamh a thug mise daoibh féin agus do bhur n‑aithreacha. Ach ní éistfeadh sibh liom. 16Choinnigh clann mhac Iónádáb mhic Raecáb aithne a sinsir a thug sé dóibh, ach níor éist an pobal seo liomsa. 17Uime sin–is mar seo a deir an Tiarna, Dia na Slua, Dia Iosrael: Tabharfaidh mise ar Iúdá agus ar áitritheoirí Iarúsailéim an uile olc dar fhógair mé ina n‑aghaidh, óir labhair mé leo agus ní éistfidís, ghlaoigh mé orthu agus ní fhreagróidís.’ ” 18Dúirt Irimia ansin le clann na Raecáibíoch: “Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘De bhrí gur umhlaigh sibh dʼaitheanta Iónádáb bhur n‑athair agus gur choinnigh sibh an uile aithne agus go ndearna sibh gach ar ordaigh sé daoibh, 19mar gheall air seo–a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael–ní bheidh sliochtach fireann in easnamh ar Iónádáb mac Raecáb chun seasamh i mo láthairse go brách.’ ”

Currently Selected:

Irimia 35: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Irimia 35