YouVersion Logo
Search Icon

Irimia 31

31
Maithiúnas do Iosrael
1“Nuair a thiocfaidh an t‑am sin–a deir an Tiarna–beidh mise i mo Dhia ag clanna uile Iosrael: beidh siadsan ina bpobal agamsa.”
2“Seo mar a deir an Tiarna:
Fuair siad maithiúnas san fhásach,
na daoine a chuaigh slán ón gclaíomh.
Tá Iosrael ag tarraingt ar a scíth.
3Nocht an Tiarna [dó], ó i bhfad i gcéin:
ghráigh mé thú le grá síoraí,
ar an ábhar sin is dochaite mo ghean ort.
4Tógfaidh mé thú an athuair agus atógfar thú,
a mhaighdean Iosrael.
Beidh tú sciamhach arís,
agus déanfaidh tú meidhir sa rince
le do chuid tiompán.
5Plandóidh tú fós fíonghoirt
ar shléibhte na Samáire
(tá an phlandáil déanta ag lucht plandála;
cnuasfaidh siad na torthaí).
6Sea, tiocfaidh an lá a bhfógróidh an lucht faire
ar shléibhte Eafráim:
‘Éirígí! téimis suas go Síón,
chun an Tiarna, ár nDia féin.’
7Óir seo mar a deir an Tiarna:
Scairtigí le lúcháir ar son Iacóib!
Tógaigí gártha do cheann na náisiún!
Fógraígí! Molaigí! Gáirigí:
‘Shábháil an Tiarna a phobal, fuíoll Iosrael!’
8Féach, tabharfaidh mé ar ais iad
as an tír thuaidh,
agus cruinneoidh mé iad ó na críocha in imigéin;
iad go léir, an dall agus an bacach,
an bhean torrach agus an bhean i dtinneas clainne;
tiocfaidh siad ina gcuideachta mhór ag filleadh.
9Is le gol a dʼimigh siad,
tabharfaidh mise sólás dóibh agus mé á dtreorú ar ais;
déanfaidh mé eolas an bhóthair dóibh go srutháin uisce,
slí dhíreach in áit nach bhfaighidh siad tuisle.
Óir táim i mʼathair ag Iosrael,
agus is é Eafráim mo chéadghin mic.
10Éistigí briathar an Tiarna, sibhse a chiníocha!
Insígí é seo do na hoileáin in imigéin:
‘An té a scaip Iosrael, cruinneoidh sé é,
cumhdóidh sé é mar a dhéanann aoire a thréad.’
11Óir dʼfhuascail an Tiarna Iacób,
thug slán é as láimh a bhí ní ba láidre ná é.
12Tiocfaidh siad agus canfaidh ar mhullach Shíón;
baileoidh siad in éineacht chun maitheasaí an Tiarna:
cruithneacht agus ola agus fíon,
caoirigh agus eallach;
beidh a n‑anamacha mar a bheadh garraí uiscithe;
ní dhéanfaidh siad brón níos mó.
13Is ansin a ghairdeoidh an mhaighdean sa rince,
déanfaidh ógánaigh agus seanóirí [meidhir];
fillfidh mise a ndobrón i ngairdeachas;
tabharfaidh mé sólás agus faoiseamh ar lorg a ndólás;
14sásóidh mé mo shagairt le bia blasta,
agus beidh mo dhaoine sách le mo mhaitheas
–an Tiarna a labhraíonn.
15Is mar seo a deir an Tiarna:
Cluineadh guth i Rámá,
caoineadh agus gol géar;
is í Ráchael í ag caoineadh a clainne
mar nach bhfuil siad ann.
16Is mar seo a deir an Tiarna:
Éirígí as bhur gcaoineadh,
triomaígí bhur súile;
déanfar bhur saothar a chúiteamh
–an Tiarna a labhraíonn.
Tiocfaidh siad ar ais ó thír a namhad.
17Tá dóchas ann do do shliocht;
tiocfaidh do chlann mhac ar ais dá gcríocha féin.
18Go deimhin cluinim éamh Eafráim:
‘Smachtaigh tú mé, ghlac mé an smachtú
mar tharbh óg gan smacht;
beir ar ais mé, lig dom teacht ar ais;
óir is tú an Tiarna mo Dhia.
19'Sea, dʼiompaigh mé i leataobh,
ach tháinig aithrí orm ó shin;
tháinig tuigsin chugam, bhuail mé mʼucht.
Bhí deargnáire orm, níor thóg mé mo cheann;
'sea, lean dom go fóill míchlú mʼóige.’
20An ionúin liom mo mhac Eafráim an méid sin?
An bhfuil mé chomh doirte sin air mar leanbh,
nach bhfuil uair dá mbagraím air
nach ag cuimhneamh air a bhím,
nach formhothaithe mé i gcónaí ar a shon,
go ligim do mo ghrámhaireacht a bheith ag tnúthán ina dhiaidh?
Is é an Tiarna a labhraíonn.
21Cuir suas duit féin comharthaí bóthair,
ardaigh clocha críche;
tabhair suntas maith don tslí,
an tslí ar imigh tú.
Tar abhaile, a mhaighdean Iosrael,
tar abhaile go dtí na bailte seo is leatsa.
22Cá fada a bheidh tú go stadach, a iníon mhídhílis?
Óir tá ní nua á chruthú ag an Tiarna ar talamh:
Rachaidh an Bhean arís ar lorg a Fir Chéile.”
Gealltar Athbhunú do Iúdá
23Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Bainfidh siad leas athuair as na briathra seo i dtír Iúdá agus ina bailte nuair a thabharfaidh mé ar ais iad:
‘Go mbeannaí an Tiarna thusa,
a choimín an chirt,
a shliabh na naofachta!’
24“Cuirfidh fúthu sa tír seo, Iúdá agus a bhailte uile, na feirmeoirí agus an dream a dhéanann buachailleacht ar na tréada. 25Óir tugaimse suaimhneas don anam cortha agus sólás don anam doilíosach.” 26Agus uaidhsean:
Dhúisigh mé agus bhí [athbheocht] ionam,
agus ba shámh é mo chodladh.
Iosrael agus Iúdá
27“Féach, tá na laethanta ag teacht–an Tiarna a labhraíonn–agus síolchuirfidh mé teach Iosrael agus teach Iúdá le síol an duine agus le síol an bheithígh. 28Agus faoi mar a bhí mé ag faire orthu uair amháin, a réabadh aníos agus a bhriseadh, a chaitheamh síos, a scrios agus a mhilleadh, is mar sin a bheidh mé anois, a thógáil agus a phlandú. An Tiarna a labhraíonn.”
Cúiteamh Pearsanta
29“Sna laethanta sin ní abróidh daoine níos mó:
‘Dʼith na haithreacha caora searbha;
agus cuireadh déistin ar fhiacla na clainne.’
30“Ach éagfaidh gach duine ar son a pheaca féin. Gach duine a itheann caora searbha, is ar a fhiacla féin a bheidh déistin.”
An Conradh Nua
31“Féach, tá na laethanta ag teacht–an Tiarna a labhraíonn–a ndéanfaidh mé conradh nua le teach Iosrael (agus le teach Iúdá), 32ní ar nós an chonartha a rinne mé lena n‑aithreacha an lá ar ghlac mé ar láimh iad á dtabhairt amach as críoch na hÉigipte. Bhriseadar an conradh sin orm, gur thaispeáin mé dóibh cérbh é an máistir–an Tiarna a labhraíonn. 33Ach is é seo an conradh a dhéanfaidh mé le teach Iosrael nuair a thiocfaidh na laethanta sin–an Tiarna a labhraíonn: Cuirfidh mé mo dhlí iontu istigh agus scríobhfaidh mé ina gcroí é. Beidh mé ansin i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa. 34Ní bheidh call feasta le duine a bheith ag iarraidh a chomharsa a mhúineadh, ná le deartháir a rá lena dheartháir: ‘Bíodh aithne ar an Tiarna agat!’ Ní hea, beidh aithne acu go léir orm, ón té is lú díobh go dtí an té is mó–an Tiarna a labhraíonn–óir maithfidh mé a n‑éigeart dóibh agus ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí níos mó.”
Mairfidh Iosrael
35An Tiarna a bheir an ghrian mar sholas sa lá,
an ghealach agus na réaltaí mar sholas san oíche,
a shuaitheann an fharraige agus a bheir ar a tonnta búirthíl,
an té darb ainm Tiarna na Slua, deir sé é seo:
36“Dá n‑imeodh na reachta daingne seo as mo radharc
–an Tiarna a labhraíonn–
ar an uair sin amháin is ea a chuirfinnse síolra Iosrael
ó bheith ina chine i mʼfhianaise go brách.
37Dá mbʼfhéidir choíche neamh thuas a thomhas,
agus fuaimint na talún thíos a spíonadh,
is ar an uair sin amháin a theilgfinn díom clann Iosrael
ar son gach a ndearna siad
–an Tiarna a labhraíonn.”
Atógfar Iarúsailéim
38“Féach, tá na laethanta ag teacht–an Tiarna a labhraíonn–a n‑atógfar cathair Iarúsailéim ó Thúr Hananael go Geata an Choirnéil. 39Ansin sínfidh arís eile an dorú tomhais caol díreach anonn ar Chnoc Gháraeb ag déanamh ina dhiaidh sin ar Ghóá. 40Agus an gleann frí chéile, gona chorpáin is a luaithreach, agus na goirt uile cois sruth Chidreon soir chomh fada le coirnéal Gheata na nEach, beidh sin coisricthe don Tiarna. Ní scriosfar arís é ná ní mhillfear arís é go deo.”

Currently Selected:

Irimia 31: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in