YouVersion Logo
Search Icon

Irimia 30

30
Leabhar an tSóláis agus Breiseanna
Geallúint do Ríocht an Tuaiscirt
1An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna. 2“Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Na briathra uile a labhair mé leat, scríobh i leabhar iad. 3Óir féach tá na laethanta ag teacht–an Tiarna a labhraíonn–ina gcuirfidh mé an rath arís ar mo phobal Iosrael (agus Iúdá), a deir an Tiarna, agus tabharfaidh mé orthu filleadh ar an tír a thug mé dá sinsir, agus sealbhóidh siad í.’ ” 4Is iad seo na briathra a labhair an Tiarna i dtaobh Iosrael (agus Iúdá):
5“Is mar seo a deir an Tiarna: chuala [mé] guth criothnaithe,
guth eagla, agus ní guth síochána é.
6Fiafraígí anois, meabhraígí:
an mbíonn fir ag breith clainne?
Cad chuige a bhfeicim gach fear mar sin
agus a lámha ar a leasracha mar bheadh bean in íona?
Cad chuige ar tháinig dath bán ar gach aghaidh?
7Go deimhin is mór an lá é seo,
ionas nach bhfuil aon lá cosúil leis;
is í uair bhuartha Iacóib í;
ach sábhálfar aisti é.
8“Ar an lá sin–Tiarna na Slua a labhraíonn–brisfidh mise an chuing dá muiníl, agus scaoilfidh mé a gcuibhreacha. Ní dhéanfaidh siad fónamh níos mó do choimhthíocha. 9Ach déanfaidh don Tiarna a nDia, agus do Dháiví a rí a thógfaidh mise suas dóibh.
10Mar sin, ná bíodh eagla ort,
a shearbhónta liom, a Iacóib,
–an Tiarna a labhraíonn–
Ná bíodh scanradh ort, a Iosrael:
féach, sábhálfaidh mise thú as tíortha i gcéin,
agus do shliocht as tír a ndaoirse.
Beidh Iacób arís i suaimhneas
agus mairfidh go sóúil;
ní chuirfidh aon duine eagla air.
11Óir táimse in éineacht leat, do do shábháil.
Cuirfidh mé deireadh leis na ciníocha uile
mar ar scaip mé thú;
ní chuirfidh mé críochnú ortsa,
ach smachtóidh mé thú go measartha,
le nach bhfágfaidh mé ar fad gan pianadh thú.
12Sea, is mar seo a deir an Tiarna:
Tá do chneá doleigheasta,
tá do lot gan cneasú.
13Níl aon duine chun aire a thabhairt do do chréachtaí,
níl luibh ná leigheas i ndán duit.
14Rinne dʼaos grá uile dearmad díot,
ní iarrann siad níos mó thú.
Sea, bhuail mé le buille namhad thú,
buille neamhthrócaireach
(mar gheall ar mhéid do chiontachta
agus ar iomadúlacht do pheacaí).
15Cad chuige a n‑éagaoineann tú dʼainnise?
Tá do phian doleigheasta.
Rinne mé na nithe sin uile leat,
mar gheall ar mhéid do chiontachta,
agus ar iomadúlacht do pheacaí.
16Ach gach aon a shlog thusa slogfar iad féin,
rachaidh lucht dʼansmachta uile i ndaoirse,
creachfar lucht do chreachta,
agus gach aon dár airg thusa,
tabharfaidh mise mar argain iad.
17Ach casfaidh mise do shláinte ar ais chugat,
agus leigeasfaidh mé do chréachtaí
–an Tiarna a labhraíonn.
Óir ghairidís ‘An Díbeartach’ díot,
‘Éadáil linn ar cuma le haon duine í!’
18Seo mar a deir an Tiarna:
Tabharfaidh mé ar ais anois both an Tiarna,
agus déanfaidh mé trua dá áiteanna cónaithe;
tógfar an chathair arís ar a carn féin,
atógfar an daingean ar a láithreán.
19Tiocfaidh astu amach buíochas
agus glórtha daoine a dhéanann lúcháir.
Déanfaidh mé líonmhar iad,
agus ní bheidh laghdú orthu;
déanfaidh mé glórmhar iad,
agus ní bheidh siad faoi dhímheas.
20Beidh a gclann mhac mar a bhí siad féin anallód,
beidh a gcomhthionól go daingean i mo láthair,
agus smachtóidh mé lucht leatroim orthu.
21Is duine díobh féin a bheidh ina phrionsa orthu,
as a muintir féin a thiocfaidh a rialtóir.
Ligfidh mise dó teacht i mo láthair
agus féadfaidh sé teacht i ngar dom;
go deimhin, cé eile a chuirfeadh a anam i gcontúirt
agus teacht i ngar domsa?–an Tiarna a labhraíonn.
22Agus beidh sibhse in bhur bpobal agamsa,
agus beidh mise i mo Dhia agaibhse.”
23Anois éiríonn anfa an Tiarna, séideann an stoirm ghaoithe,
briseann sí ar cheann na ndrochdhaoine;
24ní fhillfidh fearg an Tiarna go gcuire sé i gcrích
agus go gcomhlíona comhairle a chroí.
Tuigfidh sibh é seo sna laethanta atá ag teacht.

Currently Selected:

Irimia 30: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Irimia 30