YouVersion Logo
Search Icon

Irimia 23

23
An Rí atá le Teacht
1“Is mairg do na haoirí a ligeann do chaoirigh mʼinnilte imeacht ar aimhleas agus ar fán–an Tiarna a labhraíonn. 2Dá bhrí sin, is é seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael, i dtaobh na n‑aoirí a bheathaíonn mo phobal: Lig sibh scaipeadh agus seachrán a theacht ar mo thréad agus níor thug aon aire dóibh. Féach, agróidh mise oraibhse olc bhur ngníomhartha–an Tiarna a labhraíonn. 3Ach cruinneoidh mé féin fuílleach mo thréada as gach uile thír inar dhíbir mé iad, agus tabharfaidh mé ar ais iad chun a dtalamh féaraigh: beidh siad síolmhar agus méadófar iad. 4Cuirfidh mé aoirí os a gcionn a bheathóidh iad; ní bheidh eagla orthu níos mó, ná uamhan; ní bheidh easnamh ar bith orthu–an Tiarna a labhraíonn.
5Feach, tá na laethanta ag teacht–an Tiarna a labhraíonn–
agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta;
rialóidh sé ina rí go críonna,
agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh.
6Ina laethanta siúd sábhálfar Iúdá agus cónóidh Iosrael faoi dhóchas.
Is é seo an t‑ainm a bhéarfar air: An Tiarna ár bhfíréantacht.
7“Mar sin, tá na laethanta ag teacht–an Tiarna a labhraíonn–nach ndéarfaidh daoine níos mó: ‘Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as críoch na hÉigipte!’ 8ach: ‘Go maire an Tiarna a thug ar ais agus a threoraigh abhaile sliocht theach Iosrael as an tír thuaidh agus as gach uile thír inar dhíbir sé iad, le go ndéanfaidís cónaí ina dtír féin.’ ”
In Aghaidh Fáithe Bréige
9I dtaobh na bhfáithe:
Tá mo chroí istigh ionam briste,
creathnaíonn mo chnámha uile;
is cosúil le fear meisce mé;
is cosúil le fear a chloígh fíon mé
mar gheall ar an Tiarna agus a bhriathra naofa;
tá an tír lán dʼadhaltranaigh.
10(Is mar gheall ar na fir seo tá an tír ag mairgneach agus a triomaíodh féaraigh an fhásaigh.)
“Chun olc a dhéanamh tá siad mear
agus is é an mícheart a neart.
11Sea, go fiú na fáithe agus na sagart, tá siad aindiaga;
i mo theach féin fuair mé a n‑urchóid
–an Tiarna a labhraíonn.
12Ar an ábhar seo is sleamhain an tslí
atá ag síneadh rompu;
sa dorchacht mar a ndíbreofar iad
is ann a thitfidh siad.
Óir tabharfaidh mise olc orthu
i mbliain a bhféachana
–an Tiarna a labhraíonn.
13I bhfáithe na Samáire
chonaic mé nithe a chuir samhnas orm:
thairngreadar trí Bhál
agus chuir siad mo phobal Iosrael ar seachrán.
14Ach i bhfáithe Iarúsailéim
chonaic mé na nithe gránna:
adhaltranas, síoréitheach,
an oiread sin neartú lucht na míghníomhartha,
nach bhfilleann aon duine óna olc;
tá siad domsa mar Shodom,
a háitritheoirí uile domsa mar Ghomorá.
15Ar an ábhar sin is mar seo a deir Tiarna na Slua
i dtaobh na bhfáithe:
Anois beathóidh mé iad le mormónta,
agus tabharfaidh mé uisce nimhiúil dóibh le hól,
mar is ó fháithe Iarúsailéim amach
a leathnaigh aindiagacht ar fud na dúiche.
16Is mar seo a deir Tiarna na Slua:
Ná héistigí le briathra na bhfáithe úd;
is do bhur mealladh atá siad,
aithriseann siad físeanna a gcroí féin,
agus ní as béal an Tiarna;
17leis an dream a dhiúltaíonn do bhriathar an Tiarna deir siad,
‘Gheobhaidh sibh síocháin’,
agus leo siúd a shiúlann de réir comhairlí
a gcruachroí féin:
‘Ní thiocfaidh olc ar bith oraibh.’ ”
18(Ach cé a bhí i láthair ag comhairle an Tiarna? Cé a chonaic í agus a chuala a bhriathar? Cé a dʼéist lena bhriathar le go bhfógróidh sé é?)
19Anois éiríonn anfa an Tiarna,
séideann an stoirm ghaoithe,
briseann sí ar cheann na ndrochdhaoine;
20ní fhillfidh fearg an Tiarna go gcríochnaí,
agus go gcomhlíona sé comhairle a chroí.
Tuigfidh sibh é sin go soiléir sna laethanta atá ag teacht.
21“Ní mise a sheol na fáithe seo uaim,
ina dhiaidh sin bíonn siad ag rith;
ní leo a labhair mé;
ina dhiaidh sin bíonn siad ag tairngreacht.
22An raibh siad i láthair ag mo chomhairle?
Má bhí, fógraídís mo bhriathra do mo phobal,
agus tabhraidís orthu filleadh óna slí urchóideach
agus ó olc a ngníomhartha.
23An Dia i ngar mise–an Tiarna a labhraíonn–
agus nach Dia mé i bhfad uait?
24An bhféadann aon duine é féin a fholach i gcúinne dorcha
agus nach bhfeicfidh mise é?–an Tiarna a labhraíonn.
Nach líonann mise neamh agus talamh?–an Tiarna a labhraíonn.
25“Chuala mé céard a dúirt na fáithe a thairngreann i mʼainmse. ‘Rinneadh brionglóid dom,’ a deir siad, ‘rinneadh brionglóid dom!’ 26Cá fhad a bheidh seo i gcroithe na bhfáithe a thairngreann bréaga, fáistine a thabhairt ar chealga a gcroí féin? 27Síleann siad a thabhairt ar mo phobal mʼainm a dhearmad leis na haislingí a insíonn siad dá chéile, díreach mar a dhearmaid a n‑aithreacha mʼainm ar son Bhál.
28“An fáidh ag a mbíonn aisling, insíodh sé gur leis féin a aisling! Agus an té ag a bhfuil mo bhriatharsa, labhraíodh sé go beacht é!
Céard é baint na cátha leis an gcruithneacht?
–an Tiarna a labhraíonn.
29Nach ndónn mo bhriatharsa ar nós tine
–an Tiarna a labhraíonn–
nach cosúil é le hord a bhriseann an charraig ina smidiríní?
30“Mar sin, féach, táimse in aghaidh na bhfáithe–an Tiarna a labhraíonn–a ghoideann mo bhriathra óna chéile. 31Táimse in aghaidh na bhfáithe–an Tiarna a labhraíonn–nach lia corraí teanga astu ná tairngreacht. 32Táimse in aghaidh na bhfáithe a dhéanann tairngreachtaí as brionglóidí bréagacha–an Tiarna a labhraíonn–a insíonn iad, agus a thugann ar mo phobal seachránú lena mbréaga agus lena gcur i gcéill. Ní mise go cinnte a chuir uaim iad ná a thug aon ordú dóibh, agus ní aon tairbhe don phobal seo iad–an Tiarna a labhraíonn.
33“Agus nuair a fhiafróidh na daoine seo, fáidh nó sagart, díotsa: ‘Céard é ualach an Tiarna?’ déarfaidh tú leis: ‘Tusa, is tusa ualach an Tiarna; is ea, tusa, agus cuirfidh mé díom thú! an Tiarna a labhraíonn.’
34“Agus an fáidh, sagart, nó aon duine eile a déarfaidh: ‘Ualach an Tiarna’, gearrfaidh mise pionós ar an bhfear sin, agus ar a theaghlach freisin. 35Is mar seo ba cheart daoibh labhairt, gach uile dhuine lena chomharsa agus gach aon lena dheartháir: ‘Céard a dʼfhreagair an Tiarna?’ nó ‘Céard a dúirt an Tiarna?’ 36Ach ná leanaigí oraibh á rá: ‘Ualach an Tiarna’, nó is ualach a bheidh ann cinnte don té a deir é, mar claonann sibh briathra Dé bheo, Tiarna na Slua, ár nDia. 37Is mar seo a déarfaidh tú leis an bhfáidh: ‘Cén freagra a thug an Tiarna?’ nó: ‘Céard a dúirt an Tiarna?’ 38Ach má deir tú: ‘Ualach an Tiarna’, is ansin a deir an Tiarna: ‘De bhrí go n‑abrann tú na focail seo: Ualach an Tiarna; agus gur chros mise oraibh a rá: Ualach an Tiarna; 39mar sin tógfaidh mise suas sibh féin, agus an chathair a thug mé daoibh agus do bhur sinsir, agus caithfidh mé as mo radharc sibh. 40Tabharfaidh mé oraibh scannal síoraí agus náire bhuan dhodhearmadta.’ ”

Currently Selected:

Irimia 23: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Irimia 23