Irimia 22
22
1Is é a dúirt an Tiarna: “Imigh síos go pálás rí Iúdá agus tabhair an teachtaireacht seo ansin. 2‘Éist le briathar an Tiarna, a rí Iúdá, a shuíonn i ríchathaoir Dháiví, thusa agus do sheirbhísigh agus do mhuintir a théann na geataí seo isteach. 3Is mar seo a deir an Tiarna: Cleachtaigí macántacht agus fíréantacht; saoraigí an truán as láimh an té a dhéanann leatrom air; ná déanaigí éagóir ar an gcoimhthíoch, ar an dílleachta, ar an mbaintreach; ná déan éigean; ná doirt fuil neamhchiontach san áit seo. 4Má dhéanann sibh amhlaidh go coinsiasach, leanfaidh ríthe atá ina suí ar ríchathaoir Dháiví orthu ag dul geataí an pháláis seo isteach, ag marcaíocht i gcarbaid agus ar eachra, iad féin a seirbhísigh agus a muintir. 5Ach mura n‑éisteann sibh leis na briathra seo, mionnaim dar mé féin–an Tiarna a labhraíonn–go mbeidh an pálás seo ina fhásach. 6Sea, is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh pálás rí Iúdá:
Ba Ghileád thú agamsa,
Ba bheann de chuid na Liobáine thú;
mar sin féin, déanfaidh mé fásach díot,
baile gan áitritheoir ann.
7Tá fir do mhillte tofa agam,
ag gach uile fhear acu tá a thua;
gearrfaidh siad anuas na céadair is fearr agat,
agus teilgfidh sa tine iad.
8“ ‘Nuair a ghabhfaidh sluaite na náisiún thar an gcathair seo, déarfaidh siad lena chéile: Cad chuige go ndearna an Tiarna é seo leis an gcathair mhór seo? 9Is é an freagra a thabharfar: Mar thréig siad conradh an Tiarna a nDia chun déithe eile a adhradh agus fónamh a dhéanamh dóibh.’
10Ná golaigí ar son an mhairbh, ná caoinigí é.
Ach golaigí go géar ar son an té a dʼimigh,
óir ní thiocfaidh sé ar ais go deo,
ní fheicfidh sé a thír dhúchais arís go brách.
11“Óir is mar seo a dúirt an Tiarna i dtaobh Sealúm mac Ióisíá, rí Iúdá, a bhí ina rí i ndiaidh a athar Ióisíá agus arbh éigean dó imeacht ón áit seo: ‘Ní fhillfidh sé ar an áit seo níos mó 12ach éagfaidh sé san áit a ndearna siad cime de é; agus ní fheicfidh sé an tír seo arís.’ ”
In Aghaidh Iahóiácaím
13“Is mairg don té a leagann dúshraith a pháláis le héigeart,
agus a sheomraí uachtair le héagóir,
a thógann seirbhís a chomharsan gan tuarastal,
agus nach n‑íocann é ar son a shaothair,
14a deir: ‘Déanfaidh mé dom féin pálás fairsing
le seomraí leathana in airde’,
a ghearrann fuinneoga amach ann
a chumhdaíonn sé le céadar
agus a phéinteálann le flanndearg.
15An móide de rí thú daoine eile a shárú le céadair?
Dʼith dʼathair agus dʼól sé, mar a dhéanann tusa,
ach chleacht seisean macántacht agus ceart;
mar sin bhíothas go maith aige.
16Dhéanadh sé breithiúnas ar chúis an bhoicht agus an easpaithigh,
ansin bhíothas go maith aige.
Nach é sin mise a aithint?–an Tiarna a labhraíonn.
17Ach níl do shúilese ná do chroí
ach ar son do shainte féin,
a dhoirteadh fuil neamhchiontaigh
agus chun sáraithe, agus foréigean a dhéanamh.”
18Ar an ábhar sin is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá:
“Bás don fhear sin! Ná caoinigí é:
‘Uch a dheartháir!’ ‘Uch a dheirfiúr!’
Ná caoinigí ar a shon:
‘Uch, a thiarna!’ ‘Uch, a mhórgacht!’
19Adhlacfar é le hadhlacadh asail,
á tharraingt ar shiúl agus á chaitheamh amach
as geataí Iarúsailéim.”
In Aghaidh Iahóiácaím
20“Imigh suas chuig an Liobáin agus éigh,
tóg suas do ghuth i mBáiseán, scread as Abáraím anall,
óir do scriosadh dʼaos grá uile!
21Labhair mise leat i do shonas,
ach dúirt tú: ‘Ní éistfidh mé.’
Ba é seo do bhéasa ó dʼóige;
níor umhlaigh tú do mo ghuthsa.
22Séidfidh an ghaoth do thréadaithe uile
go malairt féaraigh;
rachaidh dʼaos grá i mbraighdeanas.
Go deimhin féadann náire agus ceann faoi a bheith ort anois
ag smaoineamh duit ar do chionta uile.
23Tusa a rinne cónaí sa Liobáin,
a neadaigh i measc na gcéadar,
cé mar a dhéanfaidh tú cneadach
nuair a thiocfaidh na doitheacha ort,
an phian amhail bean in íona.”
24“Faoi mar a mhairim–an Tiarna a labhraíonn–dá mbeadh Coiniá mac Iahóiácaím rí Iúdá, ina fháinne séala ar mo dheasláimh, mar sin féin tharraingeoinn as sin é. 25Tabharfaidh mé thú i lámha na muintire a iarrann do bhás, i láimh an dreama a bhfuil eagla ort rompu, i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, i láimh na gCaildéach. 26Tusa agus do mháthair a rug thú, caithfidh mé amach sibh go tír eile; ní ann a rugadh sibh ach is ann a gheobhaidh sibh beirt bás. 27Ní fhillfidh siad chun na tíre inar mian leo filleadh.”
28An pota briste, beagmhaitheasach é,
an fear seo Coiniá,
an soitheach é gan dúil ag aon duine ann?
Cad chuige ar teilgeadh amach iad,
é féin agus a shliocht,
ar teilgeadh iad do thír nach aithnid dóibh?
29Ó a thalaimh, a thalaimh, a thalaimh,
éist le briathar an Tiarna!
30Is mar seo a deir an Tiarna
“Scríobhaigí an fear seo faoin teideal:
gan chlann; duine nár rug biseach lena laethanta,
óir ní thiocfaidh le haon fhear dá shliocht
suí i ríchathaoir Dháiví,
ná rialú arís in Iúdá.”
Currently Selected:
Irimia 22: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.