Irimia 21
21
Freagra ar thoscairí Zidicíá
1An briathar a tháinig chun Irimia ón Tiarna nuair a chuir an rí Zidicíá chuige Paischiúr mac Mhailcíá in éineacht leis an sagart Zafainiá mac Mhásaeiá, á rá: 2“Iarraimid dʼachainí ort fiafraí den Tiarna ar ár son ó tharla Nabúcadnazar ag déanamh cogaidh orainn; bʼfhéidir go n‑oibreodh an Tiarna a mhíorúiltí uile ar ár son agus go dtabharfadh sé ar an namhaid imeacht uainn.” 3Dúirt Irimia leo: “Beirigí an freagra seo chuig Zidicíá: 4‘Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Tógfaidh mé ar ais na hairm chogaidh atá in bhur lámha anois, lena dtroideann sibh in aghaidh rí na Bablóine agus na gCaildéach a shuíonn mórthimpeall oraibh anois taobh amuigh de na ballaí; déanfaidh mé carn díobh i lár na cathrach seo. 5Agus troidfidh mé féin in bhur n‑aghaidh le láimh sínte amach agus le rí láidir, i bhfearg, i mbuile agus i ndíbheirg mhór. 6Buailfidh mé muintir na cathrach seo, idir dhuine agus bheithíoch, le plá scanrúil: gheobhaidh siad bás. 7Ina dhiaidh sin–an Tiarna a labhraíonn–tabharfaidh mé Zidicíá, rí Iúdá, lena sheirbhísigh agus an méid de mhuintir na cathrach seo a fágadh ón bplá, ón gclaíomh nó ón ngorta, i láimh a namhad agus i láimh na ndaoine a iarrann a mbás; buailfidh sé iad le faobhar an chlaímh, ní choigleoidh sé iad, ní mó a bheidh trua ná trócaire aige dóibh.’
8“Agus déarfaidh tú leis an bpobal seo: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Cuirim romhaibh anois slí na beatha agus slí an bháis. 9An té an fhanfaidh sa chathair seo éagfaidh sé leis an gclaíomh, leis an ngorta nó leis an bplá; ach mairfidh an té a rachaidh amach agus a ghéillfidh do na Caildéigh atá anois ag cur léigir ar an gcathair; beidh a bheatha aige sin mar éadáil. 10Óir tá mʼaghaidhse curtha in éadan na cathrach seo chun oilc agus ní chun maitheasa–an Tiarna a labhraíonn. Tabharfar i láimh rí na Bablóine í, agus dófaidh sé go talamh í.’ ”
Aitheasc do Rítheaghlach Iúdá
11“Le rítheaghlach Iúdá. Éistigí le briathar an Tiarna, 12rí theaghlaigh Dháiví! Is mar seo a deir an Tiarna:
‘Gach maidin tabhair breith cheart,
tarrthaigh an té a ndearnadh éigeart air
as láimh fhear a ansmachta,
nó léimfidh mʼfhearg amach ar nós tine,
loscfaidh sí agus ní bheidh fear a múchta le fáil.
13Is libhse a dhéanaim achrann,
libhse a dʼimigh chun cónaithe ag Carraig an Réitigh
–an Tiarna a labhraíonn–
libhse a deir: Cé bhéarfadh fogha fúinne
agus a dhéanfadh a bhealach isteach inár ndaingean?
14(Smachtóidh mé sibh de réir sochar bhur ngníomhartha
–an Tiarna a labhraíonn.)
Cuirfidh mé tine lena fhoraois;
dófaidh sí an dúiche uile máguaird.’ ”
Currently Selected:
Irimia 21: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.