Irimia 20
20
Teaglaim de Fhaoistiní Irimia
1Anois chuala Paischiúr mac Iméar an sagart, a bhí i gceannas na bpóilíní i dTeampall an Tiarna, an tairngreacht seo á déanamh ag Irimia. 2Dʼordaigh Paischiúr Irimia a bhualadh agus a chur sna ceapa ag Geata Bhiniáimin, geata uachtair Theampall an Tiarna. 3An lá dár gcionn dʼordaigh Paischiúr Irimia a thógáil as na ceapa; dúirt Irimia leis: “Ní Paischiúr an t‑ainm a thugann an Tiarna ort ach Uafás. 4Óir is mar seo a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé uafás díot, tú féin agus do chairde uile; titfidh siad le claíomh a naimhde; feicfidh do shúile féin é sin. Tabharfaidh mé Iúdá uile freisin i láimh rí na Bablóine; tabharfaidh sé i mbraighdeanas iad chun na Bablóine agus maróidh sé iad leis an gclaíomh. 5Tabharfaidh mé fós maoin uile na cathrach seo, a huile shaothar, gach uile ní mórluaigh agus stór uile ríthe Iúdá i láimh a naimhde a chreachfaidh agus a thógfaidh iad agus a bhéarfaidh leo don Bhablóin iad. 6Maidir leatsa, a Phaischiúr, rachaidh tusa agus do líon tí uile i mbraighdeanas; gheobhaidh tú bás ansin agus is ann a adhlacfar thú, thú féin agus do chairde uile dár thairngir tú bréaga.’ ”
7Mheall tú mé, a Thiarna, agus cheadaigh mé mo mhealladh;
rug tú bua orm; ba thú ba threise.
Níl lá nach mbíonn siad ag gáire fúm,
is ceap magaidh mé ag gach aon duine.
8Níl uair dá labhraim an briathar nach mbíonn orm
a fhógairt in ard mo chinn: “Éigean agus díobháil!”
Tá briathar an Tiarna tar éis éirí ina mhasla domsa
agus ina ábhar magaidh ar feadh an lae.
9Deirinn: “Ní smaoineoidh mé air,
ní labhróidh mise níos mó ina ainm.”
Ansin chonacthas dom go raibh tine loiscneach i mo chroí,
í dúnta istigh i mo chnámha.
Tá mé tuirseach ó bheith ag iarraidh í a chosc.
Ní fhéadaim é a fhulaingt.
10Cluinim mórán do mo tharcaisniú:
“Eagla ar gach aon taobh!
Sceithigí air! Sceithimis air!”
Ag a raibh de chairde agam uair
bhí súil in airde le mo threascairt:
“Meallfar é bʼfhéidir, ansin béarfaimid bua air
agus imreoimid díoltas air!”
11Ach tá an Tiarna liomsa, curadh cumhachtach;
ar an ábhar sin tuisleoidh lucht mʼionsaithe;
ní chloífidh siad mé;
brisfear orthu;
beidh siad trína chéile,
ní dhéanfar dearmad go brách ar a náire shíoraí.
12Ach, a Thiarna na Slua, a scrúdaíonn le fírinne,
a ransaíonn na háranna agus an croí,
feicim do dhíoltas orthu
mar is duitse a dʼfhoilsigh mé mo chúis.
13Canaigí don Tiarna, molaigí an Tiarna,
óir shaor sé anam an bhoicht ó láimh lucht déanta an oilc.
14Gura mallaithe an lá a rugadh mé,
nára beannaithe an lá a rug mo mháthair mé!
15Gura mallaithe an fear a thug scéala chun mʼathar:
“Rugadh leanbh mic duit!” á dhéanamh rólúcháireach.
16Bíodh an fear sin cosúil leis na bailte
a scrios an Tiarna gan trócaire;
go gcluine sé an scread ar maidin,
agus an gháir chatha ar uair an mheán lae,
17de bhrí nár mharaigh sé mise sa bhroinn,
go mbeadh mo mháthair ina huaigh agam
fad a bheadh a broinn torrach orm.
18Cad chuige ar tháinig mé as an mbroinn riamh,
a thabhairt aghaidh ar shaothar agus doilíos
agus go gcríochnófaí mo laethanta faoi náire?
Currently Selected:
Irimia 20: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.