Breithiúna 19
19
An Choir i nGibeá–agus an Cogadh le Biniáimin
1San am sin nuair nach raibh aon rí in Iosrael, bhí Léivíteach ag cur faoi in áit iargúlta in ardáin Eafráim. Ghlac sé bean luí chuige as Beithil in Iúdá. 2Tháinig taom feirge uirthi leis agus dʼimigh sí léi go teach a hathar i mBeithil in Iúdá agus dʼfhan ann timpeall ceithre mhí. 3Ansin chuir a fear chun bóthair chun dul ar a tuairisc, labhairt go cneasta léi agus í a thabhairt ar ais; thug sé leis a ghiolla agus dhá asal. Nuair a bhí sé ag teacht i ngar do theach athair a chéile, chonaic athair na hógmhná é, tháinig sé ina choinne le háthas. 4Chuir athair a chéile, athair na hógmhná, dʼiallach air fanacht fairis, agus dʼfhan fairis trí lá; dʼitheadar, dʼóladar agus chaitheadar an oíche ann. 5Ar an gceathrú lá, dʼéiríodar go moch, agus dʼullmhaigh an Léivíteach chun bóthair, ach dúirt athair na hógmhná lena chliamhain: “Bíodh greim bia agat chun tú féin a neartú don bhóthar! Is féidir duit imeacht ina dhiaidh sin.” 6Shuíodar síos dá bhrí sin, agus chromadar ar ithe agus ól, an bheirt acu le chéile. Dúirt athair na hógmhná lena chliamhain: “Seo, fan anocht chomh maith, le do thoil, agus bí go súgach!” 7Nuair a dʼéirigh seisean chun imeachta, thathain athair a chéile air arís agus chaith sé oíche eile ann. 8An cúigiú maidin, dʼéirigh sé go moch chun imeachta, ach dúirt athair na hógmhná leis: “Bíodh greim bia agat le tú a neartú agus fan go nóin.” Agus dʼitheadar araon le chéile. 9Nuair a dʼéirigh an fear agus a bhean luí agus a ghiolla chun imeachta, dúirt athair a chéile, athair na hógmhná, leis: “Féach, tá sé anonn go maith sa lá agus ag druidim le tráthnóna; fan anseo anocht agus bí go súgach. Is féidir leat éirí go moch do do thuras ar maidin amárach agus filleadh abhaile.” 10Ach ní fhanfadh an fear thar oíche; dʼéirigh sé agus chuir chun bóthair, agus tháinig i radharc Iabús (Iarúsailéim is é sin). Bhí dhá asal lena ndiallaití aige agus a bhean luí in éineacht leis. 11Nuair a bhíodar i ngiorracht do Iabús bhí sé anonn go maith sa lá agus dúirt an giolla lena mháistir: “Téanam, casaimis i leataobh anois agus téimis isteach i gcathair seo na Iabúsach, agus caithimis an oíche inti.” 12Dúirt a mháistir leis: “Ní chasfaimid i leataobh isteach i gcathair choimhthíoch, daoine nach mbaineann le pobal Iosrael, ach ar aghaidh linn go Gibeá.” 13Lean sé air ansin agus dúirt lena ghiolla: “Téimis ar aghaidh agus bainimis amach áit éigin díobhsan–Gibeá nó Rámá agus caithfimis an oíche ann.” 14Dʼimíodar leo, dá bhrí sin, agus ar aghaidh leo ar a n‑aistear. Ag druidim le Gibeá i mBiniáimin dóibh bhí an ghrian ag dul faoi. 15Chuadar i leataobh ansiúd chun dul isteach an oíche a chaitheamh i nGibeá. Chuaigh an Léivíteach isteach agus shuigh i lár cearnóige poiblí na cathrach, mar nár thug aon duine bheith istigh dó ina theach chun an oíche a chaitheamh ann.
16Ach seanduine a bhí ag teacht abhaile tráthnóna óna obair sna goirt, tháinig sé an treo. Bʼas ardáin Eafráim dó, duine deoranta ag cur faoi i nGibeá; Biniáiminigh iad muintir na háite. 17Dʼardaigh sé a shúile agus chonaic an taistealaí ina shuí ansiúd i gcearnóg phoiblí na cathrach; dúirt an seanduine: “Cá bhfuil do thriall? Agus cá has ar tháinig tú?” 18Dʼfhreagair seisean é: “Táimid ar an mbóthar ó Bheithil in Iúdá go hiargúl ardáin Eafráim, áit arb as dom. Chuas go Beithil in Iúdá, agus anois táim ag filleadh abhaile; ach níor thug aon duine cuireadh chun a thí dom, 19cé go bhfuil tuí agus foráiste againn dár n‑asail, agus arán agus fíon dom féin, do do shearbhónta mná anseo, agus do ghiolla turais do shearbhóntaí; níl aon ní de dhíth orainn.” 20Dúirt an seanduine ansin: “Fáilte romhat! Féachfaidh mise chun a bhfuil uait, ach ná caith an oíche sa chearnóg.” 21Thug sé chun a thí é, agus thug bia do na hasail. Nigh na taistealaithe a gcosa, ansin dʼith agus dʼól.
22Fad a bhíodar go súgach ag béile, féach, tháinig cuid dʼfhir na cathrach, scraistí, timpeall an tí; bhuaileadar ar an doras agus dúradar leis an seanduine, fear an tí: “Cuir amach an fear a tháinig isteach i do theach i dtreo go ndéanfaimis leis mar is tnúth linn.” 23Ansin chuaigh fear an tí amach chucu agus dúirt leo: “Ná déanaigí, a dhaoine muinteartha, an choir ghráiniúil sin, impím oraibh. Is aoi agam an fear seo, ná déanaigí beart chomh náireach sin. 24Féach, seo maighdean iníne liom (agus a bhean luí), tabharfaidh mé amach chugaibh anois í. Déan bhur gcuid féin di agus déan mar is mian libh léi, ach ná déanaigí beart chomh náireach in aghaidh an fhir seo.” 25Ní éisteodh na fir leis. Rug an Léivíteach ar a bhean luí dá bhrí sin agus chuir amach chucu í. Luíodar léi agus mhaslaíodar í ar feadh na hoíche go maidin. Le breacadh an lae scaoileadar léi. 26Leis an láchan tháinig an ógbhean agus thit ag tairseach tí an fhir lenar fhan a céile, agus bhí sí ansiúd go raibh sé ina lá geal.
27Dʼéirigh a fear ar maidin agus dʼoscail doras an tí; ag teacht amach dó le leanúint ar aghaidh ar a aistear, féach! ba shiúd í a bhean luí caite ansiúd ag doras an tí agus a lámha ar an tairseach. 28Dúirt sé léi: “Bí i do sheasamh, ní foláir dúinn imeacht,” ach freagra ní bhfuair sé. Ansin dʼardaigh sé ar dhroim a asail í, agus chuir chun bóthair abhaile. 29Nuair a shroich sé a theach, fuair sé scian, rug ar a bhean luí agus roinn í, ball ar bhall, ina dhá chuid déag; ansin scaip sé í ar fud críocha uile Iosrael. 30[Thug sé na treoracha seo dá theachtairí: “Seo mar a déarfaidh sibh leis na hIosraelaigh go léir: ‘Ar tharla nó an bhfaca aon duine riamh a leithéid sin ón lá a tháinig clann Iosrael amach as tír na hÉigipte go dtí an lá seo féin? Machnaígí air, téigí i gcomhairle faoi, agus tugaigí bhur mbreith.’ ”] Gach duine a chonaic, dúradar: “Ní dhearnadh ná ní fhacthas riamh a leithéid ó tháinig clann Iosrael amach as tír na hÉigipte.”
Currently Selected:
Breithiúna 19: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.