YouVersion Logo
Search Icon

Breithiúna 18

18
Treibh Dhán
1San am sin ní raibh aon rí in Iosrael. Agus san am sin bhí treibh Dhán ag lorg dúiche oidhreachta le cónaí ann, mar go dtí sin ní raibh aon tailte oidhreachta faighte acu i measc treibheanna Iosrael. 2Sheol muintir Dhán cúigear laoch as a dtreibh go léir, ó Zorá go Eisteáól, chun an tír a thaiscéaladh agus a thuairisc a fháil. Dúradar leo: “Imígí agus faighigí tuairisc na tíre!” Tháinig an cúigear go hardáin Eafráim agus go teach Mhíceá agus chaitheadar an oíche ann. 3Agus iad láimh le teach Mhíceá, dʼaithníodar guth an Léivítigh óig; dʼiompaíodar ina threo, agus dúradar leis: “Cé thug anseo thú? Cad tá tú a dhéanamh anseo? Cén gnó atá anseo agat?” 4Dʼfhreagair sé: “Rinne Míceá a leithéid seo dom. Tugann sé tuarastal dom agus is sagart aige mé.” 5Dúradar leis ansin: “Téigh i gcomhairle leis an Tiarna, le do thoil, agus faigh amach dúinn an rithfidh linn sa turas seo ar a bhfuilimid ag triall.” 6Dúirt an sagart leo: “Imígí faoi shíocháin; tá súil an Tiarna oraibh ar an turas seo.” 7Dʼimigh an cúigear leo agus thángadar go Láís, agus chonaiceadar go raibh muintir na háite sin ina gcónaí ansiúd gan bhuaireamh, dála na Síodónach, gan aighneas gan drochiontaoibh; nach raibh aon ní faoin spéir in easnamh orthu; go rabhadar i bhfad ó na Síodónaigh agus gan baint acu leis na [hArámaigh]. 8Dʼfhilleadar ansin ar a ngaolta i Zorá agus in Eisteáól, agus nuair a dʼfhiafraíodarsan díobh: “Cén tuairisc atá agaibh?” 9dʼfhreagraíodar: “Bímis inár suí! Téimis ina gcoinne mar tá an tír feicthe againn agus tá sé an-torthúil. Ach sibhse–cad ab áil libh ansin i bhur staic? Cuirigí chun bóthair gan mhoill agus gabhaigí seilbh ar an tír. 10Nuair a shroichfidh sibh é, beidh pobal gan chosaint romhaibh. Tá an dúiche fairsing; níl aon ní faoin spéir in easnamh ar an áit atá curtha faoi bhur smacht ag Dia.”
11Chuir sé chéad fear de threibh Dhán chun bóthair ó Zorá agus ó Eisteáól, agus airm chogaidh acu. 12Chuadar suas agus shuíodar a longfort i gCiriat Iáraím i Iúdá. Uime sin a thugtar Longfort Dhán mar ainm ar an áit sin ó shin. Tá sé siar ó Chiriat Iáraím. 13Chuadar as sin go hardáin Eafráim agus thángadar go teach Mhíceá.
14Ansin labhair an cúigear a chuaigh chun dúiche Láis a thaiscéaladh agus dúirt lena mbráithre: “An bhfuil fhios agaibh go bhfuil éafód agus taráfaím agus íomhá ghreanta (íol de mhiotal leáite) sna tithe seo? Déanaigí machnamh dá bhrí sin ar a bhfuil le déanamh agaibh.” 15Chasadar i leataobh ansin agus chuadar go teach an Léivítigh óig in áitreabh Mhíceá, agus chuir siad a thuairisc. 16Agus an sé chéad fear de threibh Dhán faoi airm chogaidh ina seasamh ag tairseach an gheata, 17chuaigh an cúigear a rinne an tír a thaiscéaladh ar aghaidh isteach sa teach, thógadar leo an íomhá ghreanta, an t‑éafód agus an taráfaím (agus an t‑íol de mhiotal leáite); bhí an sagart idir an dá linn ina sheasamh ansiúd ar thairseach an gheata leis an sé chéad fear faoi airm chogaidh. 18Nuair a chuaigh na fir úd isteach i dteach Mhíceá agus gur thógadar leo an íomhá ghreanta, an t‑éafód, an taráfaím (agus an t‑íol de mhiotal leáite), dúirt an sagart leo: “Cad tá ar siúl agaibh?” 19Dúradar leis: “Bí i do thost! Cuir do lámh thar do bhéal agus téanam linn, agus bí i dʼathair agus i do shagart againn. An fearr duit a bheith i do shagart do theaghlach aon duine amháin, nó a bheith i do shagart do threibh agus dʼfhine in Iosrael?” 20Bhí áthas croí ar an sagart; thóg sé an t‑éafód, an taráfaím agus an íomhá ghreanta agus dʼimigh leis i lár na buíne.
21Dʼiompaíodar dá bhrí sin agus dʼimíodar leo, agus [na mná], na miondaoine, an t‑eallach, agus an chreach rompu amach acu. 22Nuair a bhíodar imithe tamall ó theach Mhíceá, glaodh ar na comharsana i gcóngar theach Mhíceá, agus chuadar sa tóir ar mhuintir Dhán. 23Nuair a liúdar orthu, chas muintir Dhán ar a sáil agus dúradar le Míceá: “Cad tá ort ag teacht sa tóir orainn le dream mar seo?” 24Dʼfhreagair sé: “Thóg sibh libh an dia a rinne mé dom féin, agus thóg sibh an sagart chomh maith. Tá sibhse ag imeacht libh, agus cad atá fágtha agamsa? Cén chaoi a bhféadfadh sibh ceist a chur: ‘Cad tá ort?’ ” 25Dʼfhreagair muintir Dhán: “Ná bíodh focal eile le clos againn uait le heagla go dtiocfadh fearg ar dhaoine leat agus tabhairt fút, agus go gcaillfí thú féin agus go gcaillfí do theaghlach uile chomh maith.” 26Dʼimigh muintir Dhán leo ansin agus nuair a chonaic Míceá go rabhadar róthréan dó, chas sé ar a sháil agus chuaigh abhaile.
Scrín Dhán
27Thug muintir Dhán leo an rud a rinne Míceá agus an sagart a dʼfhónadh dó, agus mháirseáladar in aghaidh Láis, pobal síochánta gan drochiontaoibh. Rinneadar ár agus eirleach orthu agus chuireadar an chathair trí thine. 28Ní raibh aon duine a thiocfadh i gcabhair ar an gcathair mar go raibh sí i bhfad ó Shíodón, gan aon bhaint aici leis na hArámaigh. Bhí sí sa ghleann a bhaineann le Béit Rachób. Rinneadar an chathair a atógáil agus chuireadar fúthu inti. 29Thugadar Dán ar an gcathair, i gcuimhne Dhán a n‑athair, mac a rugadh dʼIosrael, fág gur Láis a thugtaí ar dtús ar an gcathair. 30Chuir muintir Dhán an íomhá ghreanta suas dóibh féin. Bhí Iónátán mac Ghéirseom mac Mhaois agus a chlann mhac ina sagairt ag treibh Dhán go dtí an lá inar tugadh pobal na tíre ar deoraíocht. 31An íomhá ghreanta a rinne Míceá chuireadar i scrín dóibh féin í agus dʼfhan sí ansiúd fad a bhí teach Dé i Sileo.

Currently Selected:

Breithiúna 18: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Breithiúna 18