YouVersion Logo
Search Icon

Breithiúna 20

20
Díoltas
1Thionóil clann Iosrael go léir ó Dhán go Béar Seaba, agus tír Ghileád, agus chruinnigh an chuallacht go léir mar aon chun an Tiarna i Mizpeá. 2Taoisigh an phobail ar fad, agus treibheanna Iosrael go léir, ceithre chéad míle troitheach a láimhseálfadh claíomh, thángadar chun an tionóil seo de phobal Dé. 3(Chuala clann Bhiniáimin go raibh pobal Iosrael imithe suas go Mizpeá.) Dúirt pobal Iosrael: “Inis dúinn conas a rinneadh an choir seo.” 4Dʼfhreagair an Léivíteach, fear na mná a maraíodh, agus dúirt leo: “Tháinig mé féin agus mo bhean luí go Gibeá, a bhaineann le Biniáimin, chun an oíche a chaitheamh ann. 5Dʼéirigh fir Ghibeá i mo choinne; thimpeallaíodar an teach ina raibh mé san oíche; bhí fonn mo mharaithe orthu, agus dʼéigníodar mo bhean luí agus fuair sí bás. 6Thug mé liom mo bhean luí ansin agus ghearr ina píosaí í agus chuir í ar fud fearann oidhreachta Iosrael go léir, mar go bhfuil coir ghráiniúil náireach déanta ag na fir úd in Iosrael. 7Sibhse go léir cruinnithe anseo, a phobal Iosrael, tugaigí bhur mbreith agus cinnigí bhur gcomhairle ar an toirt.” 8Dʼéirigh an pobal go léir ina seasamh le chéile agus dúradar: “Ní rachaidh aon duine againn ar ais go dtí a bhoth, ná ní fhillfidh aon duine againn ar a bhaile. 9Mar seo a dhéanfaimid le Gibeá: Beidh crannchur againn ina thaobh; 10toghfaimid deichniúr as gach céad as gach treibh dʼIosrael, agus céad as gach míle, agus míle as gach deich míle, chun lón a sholáthar don phobal, [dóibh siúd a rachaidh agus] díoltas a imirt ar Ghibeá le Biniáimin ar son na coire náirí go léir a rinneadar in Iosrael.” 11Tháinig fir Iosrael go léir le chéile bonn ar bhonn i gcoinne na cathrach sin.
12Chuir treibheanna Iosrael teachtairí ar fud treibh uile Bhiniáimin á rá: “Cad é an choir í seo atá déanta in bhur measc? 13Tugaigí suas na fir úd, na scraistí i nGibeá, dʼfhonn go gcuirfimis chun báis iad, agus an t‑olc a dhíbirt as Iosrael.” Ach ní éisteodh muintir Bhiniáimin le glór a mbráithre, clann Iosrael. 14Chruinnigh na Biniáiminigh le chéile as a gcathracha go Gibeá chun catha a chur ar chlann Iosrael. 15Thionóil na Biniáiminigh as a gcathracha ar an lá sin, fiche sé míle duine a láimhseálfadh claíomh, seachas áitritheoirí Ghibeá (a chruinnigh seacht gcéad laoch tofa). 16Bhí orthusan seacht gcéad laoch, ar comhdheas acu deas agus clé, a bhféadfadh gach fear díobh cloch a chaitheamh as a chrann tabhaill le ribe gan iomrall. 17Ba é líon chlann Iosrael a thionóil, seachas Biniáimin, ceithre chéad míle fear a láimhseálfadh claíomh; trodairí le taithí iad go léir. 18Chuireadar chun bóthair agus chuadar go Béitéil chun dul i gcomhairle le Dia; chuir clann Iosrael an cheist: “Cé acu dínn ar chóir dó dul suas ar dtús agus na Biniáiminigh a ionsaí?” Dʼfhreagair an Tiarna: “Téadh Iúdá suas ar dtús.”
19Ghabh clann Iosrael amach ar maidin agus shuíodar a gcampa os comhair Ghibeá. 20Chuaigh slua Iosrael ar aghaidh ansin le cath a chur ar Bhiniáimin, agus chóiríodar iad féin in eagar ina gcoinne láimh le Gibeá. 21Rinne clann Bhiniáimin ruathar ó Ghibeá agus leag ar lár dhá mhíle fichead de shlua Iosrael an lá sin. 22Dʼimigh clann Iosrael agus rinne olagón i bhfianaise an Tiarna go tráthnóna; ansin chuaigh siad i gcomhairle leis an Tiarna; dʼfhiafraíodar: “An rachaimid chun cogaidh arís le clann ár ndearthár, Biniáimin?” Dʼfhreagair an Tiarna: “Téigí ar aghaidh ina gcoinne.” 23Tháinig misneach arís chun arm Iosrael agus chóiríodar iad féin in eagar arís san áit chéanna ina ndearnadar an lá roimhe sin. 24Thug clann Iosrael fogha faoi chlann Bhiniáimin an dara lá; 25ach thug Biniáimin ruathar fúthu as Gibeá arís an dara lá agus leag ar lár ocht míle déag de chlann Iosrael; ba throdairí le taithí ar chlaíomh a láimhseáil na fir sin go léir. 26Ansin ghabh clann Iosrael go léir, an t‑arm ar fad, suas go Béitéil agus rinneadar olagón. Shuíodar ansiúd i bhfianaise an Tiarna agus rinneadar troscadh ar feadh an lae go léir go tráthnóna agus dʼofráladar íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach i bhfianaise an Tiarna. 27Ansin chuaigh clann Iosrael i gcomhairle leis an Tiarna. Bhí áirc chonradh Dé ansiúd an t‑am sin, 28agus bhí Píneachás mac Eileázár, mac Árón, ag fónamh di an uair sin. Dʼfhiafraíodar: “Ar chóir dúinn dul chun catha arís in aghaidh ar mbráithre, clann Bhiniáimin, nó gan dul?” Dʼfhreagair an Tiarna: “Téigh ina gcoinne; óir tabharfaidh mé an lámh uachtair duit orthu amárach.”
Scriostar Biniáimin
29Chuir Iosrael fir i luíochán timpeall ar Ghibeá. 30Ar an tríú lá ghluais clann Iosrael in aghaidh chlann Bhiniáimin, agus chóiríodar iad féin in eagar os comhair Ghibeá dála na n‑uaireanta eile. 31Rinne clann Bhiniáimin ruathar in aghaidh an tslua agus mealladh ón gcathair iad. Chromadar ansin ar chuid den mhuintir a bhí ar na bóithre suas go Béitéil agus go Gibeón a threascairt agus a mharú dála na n‑uaireanta eile; mharaíodar ansiúd, amuigh faoin tuath, timpeall deichniúr ar fhichid dʼarm Iosrael. 32Dúirt clann Bhiniáimin leo féin: “Tá siad ag imeacht ina raon madhma romhainn, mar a rinneadar cheana.” Ach sé dúirt arm Iosrael: “Teithimis rompu, agus meallaimis ón gcathair iad ar feadh na mbóithre. 33Ansin fágfaidh arm Iosrael a láithreacha agus cóireoidh siad iad féin in eagar catha ag Bál Támár; idir an dá linn, déanfaidh na hIosraelaigh atá i luíochán lastiar de Gheaba ruathar.” 34Deich míle fear, tofa as Iosrael go léir, dʼionsaíodar Gibeá, agus ba dhian é an cath a fearadh. Ní raibh a fhios ag clann Bhiniáimin cén tubaiste a bhí ag bagairt orthu. 35Chuir an Tiarna Biniáimin i raon madhma roimh Iosrael, agus ar an lá sin mharaigh clann Iosrael fiche cúig mhíle agus céad fear de Bhiniáimin; fir a dʼfhéad claíomh a láimhseáil iad go léir. 36Thuig clann Bhiniáimin ansin go raibh buaite orthu.
Chuaigh arm Iosrael ar gcúl roimh Bhiniáimin mar go raibh muinín acu as an dream a bhí curtha i luíochán acu in aghaidh Ghibeá. 37Bhrúcht an lucht luíocháin amach go tapa, agus thugadar faoi Ghibeá, agus dʼimríodar faobhar claímh ar lucht na cathrach go léir. 38Ba é an comhartha a bhí socair idir arm Iosrael agus an lucht luíocháin, go gcuirfidís scamall mór deataigh suas ón gcathair, 39agus go gcasfadh clann Iosrael a bheadh i lár an chatha ar a sála. Thosaigh Biniáimin ar dtús le timpeall deichniúr ar fhichid de chlann Iosrael a mharú; dúradar leo féin: “Tá siad ag imeacht ina raon madhma romhainn mar a rinneadar cheana, tá siad sin.” 40Ach nuair a thosaigh an comhartha, an scamall deataigh, ag éirí ón gcathair, dʼfhéach Biniáimin siar agus chonaic siad an chathair ar fad ag dul in airde mar uileloscadh chun na bhflaitheas. 41Ansin chas arm Iosrael ar a sála agus thit an lug ar an lag ag arm Bhiniáimin, mar chonaiceadar go raibh an tubaiste sa mhullach orthu.
42Chúlaíodar os comhair arm Iosrael agus thugadar aghaidh ar an bhfásach, ach chuaigh an t‑arm sa tóir orthu; tháinig an dream eile as an gcathair agus thug fúthu gan choinne agus rinne ár orthu i leith a gcúil. 43Thimpeallaíodar Biniáimin; rinneadar tóir gan taise gan trócaire orthu, agus bhascadar iad lastoir os comhair Gheaba. 44Thit ocht míle dhéag de Bhiniáimin, laochra cróga iad uile. 45Chas an fuílleach agus theitheadar i dtreo an fhásaigh agus Charraig Rimeon. Treascraíodh cúig mhíle fear díobh ar na bóithre, agus ansin cuireadh tóir orthu go Geaba agus maraíodh dhá mhíle díobh. 46Maraíodh ar fad an lá úd fiche cúig mhíle fear de Bhiniáimin a dʼfhéadfadh claíomh a láimhseáil, laochra cróga iad uile. 47Ach dʼéalaigh sé chéad fear chun an fhásaigh, go Carraig Rimeon, agus dʼfhanadar ansiúd ar feadh ceithre mhí. 48Dʼfhill fir Iosrael agus thug faoi chlann Bhiniáimin arís agus dʼimir faobhar claímh orthu, idir fhear agus ainmhí, agus gach a bhfuaireadar; chuireadar gach baile dar ghabhadar i mBiniáimin trí thine.

Currently Selected:

Breithiúna 20: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in