Eazrá 7
7
Misean Eazrá
1Tar éis na n‑imeachtaí sin, i réimeas Artaxarxaes rí na Peirse, ghabh Eazrá mac Sharáiá, mac Azairiá, mac Hilcíá, 2mac Shealúm, mac Zádóc, mac Aichítiúb, 3mac Amairiá, mac Mharáiót, 4mac Zarachiá, mac Uizí, mac Bhucaí, 5mac Aibíosúa, mac Phíneachás, mac Eileázár, mac Árón, an t‑ardsagart– 6ghabh an fear seo Eazrá suas ón mBablóin. Ba scríobhaí é a bhí oilte ar dhlí Mhaois, an dlí a thug an Tiarna, Dia Iosrael. Thug an rí dó gach ar iarr sé mar bhí gnaoi a Dhé, an Tiarna, air go tréan. 7Chuaigh líon áirithe Iosraelach, sagairt, Léivítigh, cantairí, gardaí geata, agus tíolacthaigh suas go Iarúsailéim sa seachtú bliain de réimeas Artaxarxaes rí. 8Tháinig sé siúd go Iarúsailéim ar an gcúigiú mí; ba í an seachtú bliain de réimeas an rí í, 9mar bheartaigh seisean imeacht ón mBablóin ar an gcéad lá den chéad mhí, agus shroich sé Iarúsailéim ar an gcéad lá den chúigiú mí; bhí lámh chneasta a Dhé leis go dearfa. 10Óir bhí Eazrá luite ó chroí le staidéar a dhéanamh ar dhlí an Tiarna agus lena chleachtadh, agus lena aitheanta agus a fhorálacha a theagasc dʼIosrael.
Forógra Artaxarxaes
11Seo cóip den cháipéis a thug Artaxarxaes rí dʼEazrá an sagart agus an scríobhaí a bhí oilte go sainiúil ar théacs aitheanta an Tiarna agus ar a dhlíthe ag baint le hIosrael.
12Artaxarxaes, rí na ríthe, don sagart Eazrá, scríobhaí dhlí Dé neimhe, [síoth agus síocháin!]. 13Seo iad mʼorduithe: aon duine i mo ríocht de phobal Iosrael, dá sagairt nó dá Léivítigh, a roghnóidh dá thoil féin, dul suas go Iarúsailéim, níl a bhac air dul leat. 14Óir tá tusa do do sheoladh ag an rí agus ag a sheachtar comhairleoirí le hiniúchadh a dhéanamh ar Iúdá agus ar Iarúsailéim de réir dhlí do Dhé atá i do sheilbh, 15agus freisin leis an airgead agus leis an ór a bhreith leat, a dʼofráil an rí agus a chomhairleoirí go deonach do Dhia Iosrael, atá ag cur faoi in Iarúsailéim, 16agus chomh maith céanna a bhfaighidh tú dʼairgead agus dʼór i gcúige na Bablóine go léir, mar aon leis na hofrálacha deonacha a rinne an pobal agus na sagairt do Theampall bhur nDé atá in Iarúsailéim. 17Leis an airgead seo ceannaigh go fonnmhar, tairbh, reithí agus uain agus na habhlanna agus na hofrálacha dí a ghabhann leo; agus íobair iad ar altóir Theampall do Dhé atá in Iarúsailéim. 18An fearasbarr óir agus airgid, caith é mar is áil leat féin agus le do bhráithre de réir thoil do Dhé. 19Leag na soithí a tugadh duit i gcomhair seirbhís Theampall do Dhé i bhfianaise do Dhé in Iarúsailéim. 20Aon rud eile a bhíonn de dhíth ar Theampall do Dhé, a tharlóidh a bheidh á chur ar fáil agat, déan é a sholáthar le cabhair chiste an rí. 21Agus mise, Artaxarxaes rí, tugaim an t‑ordú seo do chisteoirí uile an chúige thar Eofrataes: Cibé rud a iarrfaidh Eazrá, scríobhaí dhlí Dhia neimhe, ceadaigí é ar an toirt, 22gan agaibh mar theorainn ach céad tallann airgid, céad tomhas cruithneachta, céad dabhach fíona, céad dabhach ola, agus an oiread salainn agus a éilítear. 23Ní foláir gach a n‑ordaíonn Dia neimhe a chur i gcrích le díograis ar mhaithe le Teampall Dhia neimhe, le heagla go dtiocfadh fraoch a fheirge ar ríocht an rí agus a mhac. 24Bíodh a fhios agaibh chomh maith go bhfuil cosc ar cháin nó custaim nó táillí a leagan ar shagairt nó ar Léivítigh, ar chantairí nó ar ghardaí geata, ar thíolacthaigh nó ar shearbhóntaí Theampall Dé.
25Agus maidir leatsa, a Eazrá, de réir eagna do Dhé atá i do sheilbh, ceap scríobhaithe agus breithiúna a riarfaidh an chóir ar mhuintir uile an chúige thar Eofrataes, orthu siúd go léir is é sin arb eol dóibh dlí do Dhé; an mhuintir nach eol dóibh é, déan é a theagasc dóibh. 26Má dhiúltaíonn aon duine do dhlí do Dhé–agus is é sin leis dlí an rí–cuirtear an daorbhreith i bhfeidhm air go dian–bás nó ionnarbadh, gabháil maoine nó carcair.
An Turas
27Moladh leis an Tiarna, Dia ár sinsear, a spreag croí an rí ar an gcuma sin chun Teampall an Tiarna in Iarúsailéim a mhóradh, 28agus a ghnóthaigh domsa gnaoi an rí agus a chomhairleoirí agus feidhmeannach róchumhachtach an rí. Tháinig misneach orm féin mar go raibh gnaoi an Tiarna mo Dhia orm, agus chruinnigh mé ceannairí Iosrael le chéile le dul suas in éineacht liom.
Currently Selected:
Eazrá 7: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.