Eazrá 6
6
1Ar ordú an rí Dáire rinneadh cuardach sna cartlanna sa Bhablóin mar a raibh na cáipéisí i dtaisce; 2agus fuarthas in Eacbatana, an dúnfort i gcúige na Méide, scrolla ar a raibh scríofa: “Cuntas: 3Sa chéad bhliain de réimeas an rí Cíoras, thug Cíoras rí forógra: Teampall Dé in Iarúsailéim: Déantar an Teampall a atógáil mar áit ina n‑ofrálfar íobairtí agus ina dtabharfar ofrálacha [le dó]. Bíodh sé trí fichid banlámh ar fad agus trí fichid banlámh ar leithead. 4Bíodh trí chúrsa de gharbhóga cloch ann, agus cúrsa adhmaid; íoctar an costas as ciste an rí. 5Na soithí óir agus airgid, le Teampall Dé, a thóg Nabúcadnazar ón sanctóir in Iarúsailéim, agus a thug sé leis go dtí an Bhablóin, tugtar ar ais iad, i dtreo go ndéanfar gach ní a thabhairt ar ais go dtí an sanctóir in Iarúsailéim agus go gcuirfear isteach i dTeampall Dé arís iad.”
6“Uime sin, a Thatanaí, gobharnóir an chúige thar Eofrataes, a Sheatar Bózanaí agus sibhse a chomhghleacaithe leo, a fheidhmeannacha an chúige thar Eofrataes, imígí ón áit sin, 7fágaigí faoi ghobharnóir Iúdá agus faoi sheanóirí na nGiúdach Teampall seo Dé a atógáil ar a sheanláthair. 8Agus tugaim foláireamh daoibh gur mar seo a chúideoidh sibh le seanóirí na nGiúdach Teampall seo Dé a atógáil: díoltar an costas go hiomlán gan mhoill leis na fir seo as an gcáin ríoga, is é sin, as cíos an chúige thar Eofrataes. 9Agus cibé rud a bheidh de dhíth orthu do na híobairtí dóite do Dhia neimhe–tairbh óga, reithí, uain, nó cruithneacht, salann, fíon, ola–tugtar dóibh é le haghaidh an lae, gan teip de réir mar a éileoidh sagairt Iarúsailéim, 10i dtreo go n‑ofrálfaidís íobairtí taitneamhacha do Dhia neimhe agus go nguífidís fad saoil don rí agus dá chlann mhac. 11Tá an reacht seo á dhéanamh agam chomh maith: má sháraíonn aon duine an forógra seo, déantar cearchaill a staitheadh as a theach, déantar é a chéasadh uirthi, agus déantar carn aoiligh dá theach. 12An Dia a chuir a ainm chun lonnaithe ann, go dtreascra sé aon rí nó aon dream a mbeidh sé de dhánaíocht iontu é seo a shárú agus Teampall Dé in Iarúsailéim a scrios! Mise, Dáire, a thug an forógra seo. Déantar é a chomhlíonadh go beacht!”
13Ansin rinne Tatanaí, rialtóir an chúige thar Eofrataes, Seatar Bózanaí agus a gcomhghleacaithe, gach ar ordaigh an rí Dáire a chomhlíonadh go beacht. 14Dʼéirigh go seoidh le seanóirí Iarúsailéim i mbun a dtógála agus misneach acu de bharr fáidheoireachta Hagaí an fáidh agus Zacairiá mac Ideo. 15Thug siad an tógáil chun críche de réir ordú Dhia Iosrael agus ordú Chíorais agus Dháire (agus Artaxarxaes rí na Peirse). Críochnaíodh an Teampall seo ar an tríú lá fichead de mhí Adár, sa séú bliain de réimeas Dháire rí.
16Rinne pobal Iosrael, na sagairt, na Léivítigh, agus an chuid eile de na deoraithe a dʼfhill, coisreacan an Teampaill seo a chomóradh faoi lúcháir. 17Do choisreacan Theampaill seo Dé dʼofráil siad céad tarbh, dhá chéad reithe, ceithre chéad caora, agus dá phocán déag mar íobairt pheaca thar ceann Iosrael go léir, ag freagairt do líon treibheanna Iosrael. 18Ansin cheap siad na sagairt de réir a n‑ord, agus na Léivítigh de réir a ranganna, chun freastal a dhéanamh i dTeampall Dé in Iarúsailéim, mar atá scríofa i Leabhar Mhaois.
Cáisc á Ceiliúradh
19Cheiliúir na deoraithe a dʼfhill an Cháisc ar an gceathrú lá déag den chéad mhí. 20Bhí na sagairt agus na Léivítigh tar éis iad féin a íonghlanadh in éineacht; bhí siad uile glan agus mharaigh siad an t‑uan Cásca thar ceann na ndeoraithe go léir a dʼfhill, thar ceann a mbráithre na sagairt agus thar a gceann féin. 21Dʼith an mhuintir seo leanas an Cháisc: na hIosraelaigh go léir a dʼfhill óna ndeoraíocht, agus iad siúd go léir a scar le truaillitheacht a gcomharsana máguaird agus a ghabh leo ag adhradh an Tiarna, Dia Iosrael 22Cheiliúir siad féile an tSlimaráin ar feadh seacht lá le háthas croí, mar thug an Tiarna ábhar lúcháire dóibh, mar gur bhog sé croí rí na hAsaíre le misneach a thabhairt dóibh i mbun a saothair ar Theampall an Tiarna, Dia Iosrael.
Currently Selected:
Eazrá 6: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.