YouVersion Logo
Search Icon

Eazrá 8

8
1Seo iad na cinn finí a chuir chun bealaigh ón mBablóin i mo theannta le linn Artaxarxaes rí, agus seo iad a nginealaigh:
2De chlann mhac Phíneachás: Géirseom; de chlann mhac Íteámár: Daníéil; de chlann mhac Dháiví: Hatúis, 3mac Sheacainiá; de chlann mhac Pharóis: Zacairiá, lenar cláraíodh céad go leith fear; 4de chlann mhac Phachat Móáb: Eilíhéanaí mac Zaraichiá, agus dhá chéad fear ina theannta; 5de chlann mhac [Zatú]: Seacainiá mac Iachaizíéil agus trí chéad fear ina theannta; 6de chlann mhac Áidín: Eibid mac Iónátán agus leathchéad fear ina theannta; 7de chlann mhac Éalám: Isiá mac Atailiá agus seachtó fear ina theannta; 8de chlann mhac Sheafatiá: Zabaidiá mac Mhíocáéil agus ceithre fichid fear ina theannta; 9de chlann mhac Ióáb: Obaidiá mac Ichíéil agus dhá chéad agus ochtar fear déag ina theannta; 10de chlann mhac [Bháiní]: Sealóimít mac Ióisifiá agus céad trí fichid fear ina theannta: 11de chlann mhac Bhaebái: Zacairiá mac Bhaebái, agus ochtar ar fhichid ina theannta; 12de chlann mhac Azgád: Ióchánán mac Hacátán agus deichniúr agus céad ina theannta; 13de chlann mhac Adoiníceám: sóisir na clainne darbh ainm: Eilífilit, Ieíéil, agus Seamaiá, agus trí fichid fear ina dteannta; 14de chlann mhac Bhigví: Útaí mac Zabúd, agus trí fichid fear ina theannta.
15Chruinnigh mé iad go bruach na habhann a shníonn go hAhavá agus shuíomar campa ansiúd ar feadh trí lá. Rinne mé iniúchadh orthu agus chonaic mé tuataí agus sagairt ina measc, ach gan aon Léivítigh. 16Chuir mé Eilíeizir, Airíéil, Seamaiá, Ealnátán, Iáiríb, Ealnátán, Nátán, Zacairiá agus Misiulám, dream tuisceanach– 17agus sheol mé iad go hIdeo ceannasaí shanctóir Chásaifiá; dʼinis mé dóibh an teachtaireacht a bhí le tabhairt acu do Ideo agus dá bhráithre a bhí ag cur fúthu i sanctóir Chásaifiá .i. searbhóntaí a sholáthar dúinn do Theampall ár nDé. 18Ansin, a bhuí le gnaoi ár nDé a bhí orainn, chuir siad chugainn fear éirimiúil, de chlann Mhailí mhic Léiví mhic Iosrael, Séiribiá lena chlann mhac agus lena ghaolta, ochtar déag ar fad; 19agus Haisibiá chomh maith agus Isiá ina theannta de chlann mhac Mharáraí, agus a gclann mhac–fiche fear; 20agus seachas sin dhá chéad agus a fiche tíolacthach de na tíolacthaigh a cheap Dáiví agus a fheidhmeannaigh le freastal ar na Léivítigh. Cláraíodh an mhuintir sin go léir ó ainm.
21Dʼfhógair mé troscadh ansiúd, ansiúd cois abhann Ahavá, dʼfhonn go ndéanfaimis sinn féin a umhlú os comhair ar nDé agus go n‑iarrfaimis air go n‑éireodh ár mbóthar linn féin, lenár gclann agus lenár maoin. 22Óir ba leasc liom cuideachta saighdiúirí agus marcshlua a lorg ar an rí le sinn a chosaint ón namhaid ar an tslí mar bhí sé ráite cheana féin againn leis an rí: “Tá láimh ar nDé leata mar sciath chosanta ar cách a lorgann é, agus a neart agus a fhearg ar chách a thugann cúl leis.” 23Rinneamar troscadh dá bhrí sin, á impí sin ar Dhia agus thug sé cluas dár n‑impí.
24Thogh mé dháréag de na príomhshagairt, Séiribiá agus Haisibiá agus deichniúr dá ngaolta mar aon leo; 25thomhais mé amach chucu an t‑airgead, an t‑ór, na soithí, agus na hofrálacha a thoirbhir an rí agus a chomhairleoirí agus a mhaithe, agus na hIosraelaigh go léir a bhí i láthair, do Theampall ár nDé. 26Thomhais mé amach ina lámha chucu: sé chéad go leith tallann airgid, céad soitheach airgid ab fhiú [dhá thallann], céad tallann óir, 27fiche mias óir ab fhiú míle dáireach, agus dhá áras de chré-umha mín geal a bhí chomh luachmhar le hór. 28Dúirt mé leo: “Tá sibhse coisricthe don Tiarna; tá na soithí seo naofa; ofrálacha deonacha don Tiarna, Dia bhur sinsear, an t‑ór agus an t‑airgead. 29Tugaigí aire dóibh agus coinnigí slán iad nó go dtomhaisfidh sibh iad i láthair na bpríomhshagart, na Léivíteach agus chinn finí Iosrael in Iarúsailéim i seomraí Theampall an Tiarna.” 30Ghlac na sagairt agus na Léivítigh cúram an airgid, an óir agus na soithí, a tomhaiseadh, orthu féin, lena dtabhairt go Iarúsailéim go Teampall ar nDé.
31Ar an dara lá déag den chéad mhí dʼfhágamar abhainn Ahavá ar ár mbealach go Iarúsailéim; bhí gnaoi ár nDé orainn agus chosain sé ar an tslí sinn ó naimhde agus ó robálaithe. 32Bhaineamar amach Iarúsailéim agus dʼfhanamar ann ag ligean ar scíthe ar feadh trí lá. 33Ar an gceathrú lá tomhaiseadh an t‑ór agus an t‑airgead i dTeampall ár nDé agus tugadh iad ar a lámha do Mharaemót an sagart, mac Úiríá, agus mar aon leis bhí Eileázár mac Phíneachás; agus ina dteannta bhí na Léivítigh Iózábád mac Iéisiúa agus Nóaidiá mac Bhionúi. 34Bhí an t‑iomlán ann idir líon agus mheáchan. Breacadh meáchan gach ní ar phár.
35Um an dtaca sin rinne an mhuintir a dʼfhill ón mbraighdeanas, na deoraithe go léir a dʼfhill, íobairtí uileloiscthe a ofráil do Dhia Iosrael, dhá tharbh déag thar ceann Iosrael go léir, nócha sé reithe, seachtó seacht uan, agus, mar ofráil pheaca, dhá phocán déag; ofráladh an t‑iomlán mar íobairt uileloiscthe don Tiarna. 36Cuireadh na treoracha a thug an rí in iúl dʼfheidhmeannaigh an rí agus do ghobharnóirí an chúige thar Eofrataes, agus ansin thugadarsan cabhair don phobal agus do Theampall an Tiarna.

Currently Selected:

Eazrá 8: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in