YouVersion Logo
Search Icon

Eizicéil 9

9
Pionós na nÍoltóirí
1Ghlaoigh sé ansin de ghuth ard agus mé ag éisteacht leis: “Druidigí anseo, a scriostóirí na cathrach, agus a uirlis scriosta ina láimh ag gach fear agaibh.” 2Agus féach, tháinig seisear fear ó threo an gheata is faide ó thuaidh, a uirlis scriosta ina láimh ag gach fear acu, agus bhí fear in éadach lín ina measc a raibh adharc dúigh scríobhaí ina chrios. Dʼimigh siad isteach agus sheas le taobh na haltóra práis. 3Dʼardaigh glóir Dhia Iosrael ó na ceiribíní, mar a raibh sí, go tairseach an tí; agus ghlaoigh sé ar an bhfear in éadach lín a raibh adharc dúigh ina chrios. 4Dúirt an Tiarna leis: “Imigh ar fud na cathrach, ar fud Iarúsailéim, agus cuir comhartha croise ar éadan na ndaoine go léir a osnaíonn agus a mhairgníonn mar gheall ar na himeachtaí gránna uile a bhíonn ar siúl inti.” 5Chuala mé é ag rá leis an gcuid eile: “Gabhaigí tríd an gcathair ina dhiaidh agus buailigí gan anacal gan trócaire. 6Maraígí ar áit na mbonn idir fhir–sean agus óg–agus chailíní, idir pháistí agus mhná; ach ná bainigí dʼaon duine a bhfuil an comhartha air. Tosaigí ag mo shanctóirse.” Thosaigh siad, dá bhrí sin, leis na sinsir a bhí os comhair an Teampaill. 7Dúirt sé leo ansin: “Truailligí an Teampall agus líonaigí na cúirteanna leis na mairbh, agus gluaisigí libh.” Dʼimigh siad leo agus mharaigh siad rompu ar fud na cathrach. 8Agus iad ag marú leo, agus mise fágtha liom féin, shléacht mé go talamh agus chaoin os ard: “A Thiarna Dia, an scriosfaidh tú iomlán a bhfuil fágtha dʼIosrael sa taom feirge seo i gcoinne Iarúsailéim?” 9Dúirt sé liom ansin: “Is an-mhór ciontacht mhuintir Iosrael agus Iúdá, tá an tír lán dʼfhuil agus an chathair lán dʼurchóid; óir deir siad: ‘Tá an tír tréigthe ag an Tiarna, níl radharc ná súl ag an Tiarna.’ 10Maidir liom féin, tabharfaidh mé chun cúitimh iad, gan anacal gan trócaire.” 11Agus féach, an fear in éadach lín agus adharc dúigh scríobhaí ina chrios thug sé scéal leis ar ais ag rá: “Rinne mé mar a dʼordaigh tú dom.”

Currently Selected:

Eizicéil 9: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in