YouVersion Logo
Search Icon

Eizicéil 10

10
1Dʼamharc mé ansin agus chonaic san fhirmimint os cionn chloigne na gceiribíní mar a bheadh saifír i riocht ríchathaoireach. 2Dúirt sé leis an bhfear in éadach lín: “Imigh isteach idir na rothaí atá ag casadh thart faoi na ceiribíní; tóg mám dʼaibhleoga as an tine atá idir na ceiribíní, agus scaip iad ar fud na cathrach.” Isteach leis agus mé ag amharc air.
3Bhí na ceiribíní ina seasamh ar dheisceart an Teampaill ar dhul isteach don fhear; agus líonadh an chúirt inmheánach le néal. 4Dʼéirigh glóir an Tiarna ó na ceiribíní go tairseach an tí; bhí an teach líonta leis an néal agus an chúirt lán de ghile ghlóir an Tiarna. 5Bhí fuaim sciatháin na gceiribíní le clos fad leis an gcúirt sheachtrach, dála ghuth Dé Uilechumhachtaigh nuair a labhraíonn sé.
6Nuair a dʼordaigh sé dʼfhear an éadaigh lín aibhleoga a ghlacadh ón tine a bhí faoi na rothaí idir na ceiribíní, chuaigh sé isteach agus sheas in aice le roth. 7Shín ceiribín amháin a lámh (idir na ceiribíní) i dtreo na tine a bhí idir na ceiribíní, agus thóg aibhleoga di agus chuir i lámha fhear an éadaigh lín iad. Ghlac seisean iad agus dʼimigh amach. 8Chonacthas [dom] go raibh mar a bheadh lámh duine faoina sciatháin ag na ceiribíní. 9Dʼamharc mé: bhí ceithre roth le hais na gceiribíní, roth le hais gach ceiribín acu; bhí cuma na rothaí mar dhrithliú criosailít. 10Bhí an chuma chéanna ar an gceathrar agus iad mar a bheadh roth i lár rotha. 11Ag gluaiseacht dóibh dʼimigh siad i dtreo aon cheann de na ceithre threo gan claonadh óna gcúrsa; cibé treo a dtéadh an roth tosaigh leanadh na rothaí eile é, gan claonadh óna gcúrsa. 12Bhí a gcoirp agus a ndroimeanna, a lámha agus a sciatháin, agus a rothaí lán de shúile thart timpeall–is é sin na rothaí a bhí ag an gceathrar. 13Chuala mé rothaí rothlaim a thabhairt mar ainm ar na rothaí. 14Bhí ceithre aghaidh ar gach ceann acu: aghaidh [daimh] ab ea an chéad aghaidh, aghaidh duine an dara ceann, aghaidh leoin an tríú ceann agus aghaidh iolair an ceathrú ceann. 15Dʼéirigh na ceiribíní san aer: ba iad na dúile a chonaic mé ag an abhainn Ceabár. 16Nuair a ghluaiseadh na ceiribíní, ghluaiseadh na rothaí lena n‑ais; agus nuair a spréadh na ceiribíní a sciatháin le héirí suas ón talamh, ní chlaonadh na rothaí (ó bheith lena n‑ais). 17Nuair a stadaidís stadadh na rothaí fosta; nuair a dʼéirídis ón talamh dʼéirídis siúd ina gcuideachta; óir bhí spiorad na ndúl sna rothaí.
Fágann Glóir an Tiarna an Teampall
18Tháinig glóir an Tiarna amach ó thairseach an Teampaill agus sheas os cionn na gceiribíní. 19Spréigh na ceiribíní a sciatháin agus dʼéirigh ón talamh; bhí mise ag amharc orthu agus na rothaí ag imeacht lena n‑ais. Sheas siad ag an mbealach isteach ag geata thoir Theampall an Tiarna agus glóir Dhia Iosrael os a gcionn. 20Ba iad seo na dúile a chonaic mé faoi Dhia Iosrael ag an abhainn Ceabár agus bhí fhios agam gur cheiribíní iad. 21Bhí ceithre aghaidh agus ceithre sciathán ag gach ceann acu agus cosúlacht lámha duine faoi na sciatháin. 22Agus ba é cosúlacht a n‑aghaidheanna na haghaidheanna céanna a bhfaca mé a gcosúlacht ag an abhainn Ceabár. Chuaigh gach ceann acu caol díreach ar aghaidh.

Currently Selected:

Eizicéil 10: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in