Eizicéil 8
8
Imeachtaí Gránna sa Teampall
1Sa séú bliain, ar an gcúigiú lá den séú mí, agus mé i mo shuí sa bhaile agus sinsir Iúdá ina suí os mo chomhair, thit lámh an Tiarna Dia orm ansiúd. 2Dʼamharc mé uaim agus chonaic neach i riocht fir. Síos ó chló a leasraigh bhí tine le feiceáil; agus óna leasrach suas bhí cuma gheal air amhail prás snasta. 3Shín sé amach mar a bheadh lámh agus rug ar dhual gruaige orm, agus dʼordaigh an spiorad mé idir neamh agus talamh; agus thug go Iarúsailéim mé i bhfíseanna ó Dhia, chuig an ngeata isteach go dtí an chúirt inmheánach lastuaidh, mar a suíodh íomhá an éada agus í ag gríosú chun éada. 4Agus féach, bhí glóir Dé Iosrael ansin mar an fhís a chonaic mé sa ghleann. 5Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, ardaigh do shúile anois i dtreo an tuaiscirt.” Dʼardaigh mé mo shúile i dtreo an tuaiscirt agus féach, sa bhealach isteach ó gheata na haltóra lastuaidh bhí íomhá seo an éada. 6Dúirt sé liom: “A mhic an duine, an bhfeiceann tú a bhfuil ar siúl acu, na himeachtaí gránna atá ag muintir Iosrael anseo le mise a ruaigeadh i bhfad ó mo shanctóir? Ach feicfidh tú imeachtaí gránna níos measa fós.”
7Rug sé mé ansin go doras na cúirte; agus ar dhearcadh uaim chonaic mé poll sa bhalla. 8Dúirt sé liom: “A mhic an duine, tochail sa bhalla.” Ar thochailt dom chonaic mé doras. 9Dúirt sé liom: “Isteach leat agus féach na himeachtaí gránna atá ar siúl acu anseo.” 10Dʼimigh mé isteach agus dhearc; bhí péisteanna agus ainmhithe míofara de gach sórt, agus íola uile mhuintir Iosrael línithe ar an mballa máguaird. 11Ina seasamh rompu bhí seachtó de shinsir mhuintir Iosrael agus Iázainia mac Sheáfán ina measc; a cheansa ina láimh ag gach duine acu agus néal túise ag éirí as. 12Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, an bhfuil feicthe agat cad tá ar siúl ag sinsir mhuintir Iosrael sa dorchadas, gach fear acu ina sheomra daite féin? Óir deir siad: ‘Ní fheiceann an Tiarna sinn, tá an tír tréigthe ag an Tiarna.’ ” 13Dúirt sé liom fosta: “Feicfidh tú imeachtaí gránna níos measa fós ar siúl acu.”
14Ansin rug sé go doras gheata thuaidh theach an Tiarna mé; agus féach, bhí mná ina suí ansin ag gol ar son Tamúz. 15Dúirt sé liom ansin: “An bhfuil seo feicthe agat, a mhic an duine? Feicfidh tú imeachtaí gránna níos measa fós.”
16Rug sé go cúirt inmheánach theach an Tiarna mé; agus féach, ag doras Theampall an Tiarna, idir an póirse agus an altóir, bhí tuairim is cúigear fear is fiche, a ndroim le Teampall an Tiarna, a n‑aghaidh leis an oirthear, agus iad ag adhradh na gréine i dtreo an oirthir. 17Dúirt sé liom ansin: “An bhfuil seo feicthe agat, a mhic an duine? Nach bhfuil sé suarach go leor ag muintir Iúdá go mbíonn a leithéid dʼimeachtaí gránna ar siúl acu anseo, go líonann siad an tír le foréigean agus go ngríosaíonn siad chun tuilleadh feirge mé? Féach, cuireann siad an chraobh lena srón. 18Dá bhrí sin, smachtóidh mé iad le teann feirge, gan anacal gan trócaire. Glaoidís orm in ard a gcinn; ach ní thabharfaidh mé aon aird orthu.”
Currently Selected:
Eizicéil 8: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.