Eizicéil 5
5
1“A mhic an duine, glac chugat claíomh géar, bíodh sé mar lann bearbóra agat agus scaoil thar do cheann agus do fhéasóg é; ansin glac scálaí tomhais agus roinn an ghruaig. 2Dófaidh tú trian di le tine i lár na cathrach nuair a bheidh tréimhse an léigir istigh; glacfaidh tú trian agus buailfidh leis an gclaíomh é timpeall na cathrach; scaipfidh tú trian leis an ngaoith agus tarraingeoidh mise an claíomh amach ina ndiaidhsean. 3Glacfaidh tú beagán ribí díobh seo ansin agus ceanglóidh tú i bhfilltí do róba iad. 4Díobh seo arís glac beagán, teilg sa tine agus dóigh inti iad; as sin a thiocfaidh an tine amach. [Abair le] muintir Iosrael uile: 5Seo mar a deir an Tiarna Dia: Seo í Iarúsailéim; shuigh mé í i lár na gciníocha agus na dtíortha iasachta máguaird. 6Chuir sí i gcoinne mo dheasghnátha, níos measa ná mar chuir na ciníocha; chuir sí i gcoinne mo reachtanna, níos measa ná mar chuir na tíortha máguaird; óir thug sí cúl le mo dheasghnátha agus níor shiúil de réir mo reachtanna. 7Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí go bhfuil sibh níos ceannaircí ná na ciníocha máguaird, nár shiúil sibh de réir mo reachtanna agus nár chomhlíon sibh mo dheasghnátha, ach gur bheartaigh sibh de réir deasghnátha na gciníocha máguaird; 8uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mise anuas oraibh agus daorfaidh mé sibh os comhair na gciníocha. 9In éiric bhur n‑imeachtaí gránna déanfaidh mé oraibh nithe nach ndearna mé riamh agus nach ndéanfaidh mé choíche arís. 10Dá bhrí sin íosfaidh bhur n‑aithreacha a mic in bhur measc agus bhur mic a n‑aithreacha; cuirfidh mé breithiúnas i bhfeidhm oraibh agus scaipfidh mé an t‑iarmhar i dtreo na n‑uile ghaoth. 11Uime sin, dar mo bheatha–an Tiarna Dia a labhraíonn–chomh cinnte agus a thruailligh sibh mo shanctóir le bhur n‑uile uafás agus bhur n‑imeachtaí gránna uile, gearrfaidh mé anuas sibh gan anacal gan trócaire. 12Éagfaidh trian daoibh den phlá agus den ghorta istigh, titfidh trian leis an gclaíomh máguaird, agus scaipfidh mé trian leis na gaotha uile agus an claíomh ar tarraingt agam ina ndiaidhsean.
13“Mar seo a scaoilfidh mé le mo fhearg agus a ídeoidh mo chuthach orthu. Agus nuair a bheidh mo chuthach ídithe orthu tuigfidh siad ansin gur mise, an Tiarna, a labhair le barr éada. 14Chomh maith leis sin fágfaidh mé bánaithe sibh agus in bhur n‑ábhar náire i measc na gciníocha máguaird agus os comhair cách a théann an bealach. 15Beidh sibh in bhur n‑ábhar náire agus dímheasa, beidh sibh in bhur bhfógra uafáis do na ciníocha máguaird, nuair a ghearrfaidh mé pionóis fhíochmhara oraibh le teann feirge agus cuthaigh. Mise, an Tiarna, a labhair. 16Scaoilfidh mé in bhur gcoinne saigheada marfacha an ghorta, saigheada a scriosfaidh–óir is dʼaonturas chun sibh a scrios a scaoilfidh mé iad–agus scriosfaidh mé bhur stór aráin. 17Seolfaidh mé gorta agus ainmhithe allta in bhur gcoinne a chreachfaidh bhur sliocht oraibh; rachaidh plá agus fuil tríbh agus cuirfidh mé an claíomh anuas oraibh. Mise, an Tiarna, a labhair.”
Currently Selected:
Eizicéil 5: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.