YouVersion Logo
Search Icon

Eizicéil 6

6
I gCoinne Shléibhte Iosrael
1Tháinig briathar an Tiarna chugam: 2“A mhic an duine, iompaigh i dtreo shléibhte Iosrael agus tairngir ina gcoinne. 3Abair: A shléibhte Iosrael, éistigí le briathar an Tiarna Dia! Seo mar a deir an Tiarna Dia leis na sléibhte agus na cnoic, leis na cumair agus leis na gleannta: Féach, cuirfidh mé an claíomh anuas oraibh agus scriosfaidh mé bhur n‑áiteanna arda. 4Bánófar bhur n‑altóirí, brisfear bhur scrínte túise; teilgfidh mé síos bhur mairbh os comhair bhur n‑íol. 5Leagfaidh mé corpáin chlann Iosrael os comhair a n‑íol agus scaipfidh mé bhur gcnámha thart timpeall bhur n‑altóirí. 6Cibé áit a mbeidh cónaí oraibh bánófar bhur gcathracha agus scriosfar bhur n‑áiteanna arda ionas go mbeidh bhur n‑altóirí bánta [millte], bhur n‑íola briste scriosta, bhur scrínte túise réabtha agus bhur n‑oibreacha curtha ar ceal. 7Titfidh daoine marbh in bhur láthair agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.
8“Ach fágfaidh mé cuid agaibh beo; tiocfaidh siad slán ón gclaíomh agus scaipfidh mé i measc na gciníocha iad. 9Ansin cuimhneoidh siadsan a dʼéalaigh ormsa, agus iad ar díbirt i measc na gciníocha. Mar beidh a gcroí a chuaigh ar seachrán uaim go macnasach [briste agam]; beidh a súile a théann go striapúil i ndiaidh a n‑íol dallta agam; agus ar fhéachaint orthu féin dóibh beidh gráin acu orthu mar gheall ar an olc a rinne siad, mar gheall ar a n‑uafáis go léir. 10Tuigfidh siad mar sin gur mise an Tiarna; ní in aisce a dúirt mé go ndéanfainn an t‑olc seo orthu.”
11Seo mar a deir an Tiarna Dia: “Buail bosa, buail cosa ar an talamh agus abair: Mo léan, ar son imeachtaí gránna uile mhuintir Iosrael; óir titfidh siad leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá. 12An duine atá i gcéin, éagfaidh sé den phlá; an duine atá sa chóngar, titfidh sé leis an gclaíomh; agus an duine a thagann slán uathusan, éagfaidh sé leis an ngorta; mar sin a ídeoidh mé mo chuthach orthu. 13Agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna nuair a luífidh a gcorpáin ansin i measc a n‑íol timpeall a n‑altóirí máguaird, ar gach cnoc ard, ar mhullach gach sléibhe, faoi gach crann glas, faoi gach dair dhuilleach, cibé áit ar íobair siad boladh cumhra dá n‑íola uile. 14Sínfidh mé mo lámh amach ina gcoinne, creachfaidh mé agus bánóidh mé an tír uile, aon áit a bhfuil cónaí orthu, ón bhfásach go Ribleá. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.”

Currently Selected:

Eizicéil 6: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in