Eizicéil 4
4
Fáistiní na Tubaiste
Léigear Iarúsailéim á Thairngreacht
1“A mhic an duine, glac chugat bríce agus leag romhat é agus línigh an chathair, Iarúsailéim, air. 2Cuir léigear uirthi ansin, tóg balla léigir ina coinne, ardaigh móta cré ina coinne, tóg campaí ina coinne, agus dírigh reithí cogaidh ina coinne mórthimpeall. 3Glac chugat oigheann iarainn agus suigh é mar bhalla iarainn idir tú féin agus an chathair; agus iompaigh ina treo agus bíodh sí faoi léigear agus tusa ag brú an léigir. Is comhartha é seo do mhuintir Iosrael.
4“Luigh fós ar do thaobh clé agus leag pionós mhuintir Iosrael air; de réir uimhir na laethanta a luífidh tú air, iompróidh tú a bpionós. 5Óir leag mise ort uimhir na laethanta de réir blianta a bpionóis, trí chéad agus nócha lá; iompróidh tú pionós mhuintir Iosrael an fad sin. 6Ar a gcur siúd i gcrích duit, luífidh tú síos arís, ar do thaobh deas an turas seo, agus iompróidh tú pionós mhuintir Iúdá daichead lá. Leag mé ort lá amháin in aghaidh gach bliana. 7Iompóidh tú dʼaghaidh i dtreo léigear Iarúsailéim, nochtfaidh tú do ghéag agus tairngreoidh tú in aghaidh na cathrach sin. 8Agus féach, cuirfidh mé cuibhreacha ort ionas nach mbeidh ar do chumas iompú ó thaobh go taobh nó go mbeidh laethanta do léigir curtha i gcrích agat.
9“Tóg cruithneacht agus eorna, pónairí agus lintilí, muiléad agus coirce sléibhe; cuir san aon soitheach iad agus déan arán duit féin astu. Íosfaidh tú é ar feadh uimhir na laethanta a luífidh tú ar do thaobh, trí chéad agus nócha lá. 10An bia a íosfaidh tú meáfaidh sé fiche seicil an lá; uair amháin sa lá a íosfaidh tú. 11An t‑uisce a ólfaidh tú tomhaisfidh sé an séú cuid de hín; uair amháin sa lá a ólfaidh tú. 12Íosfaidh tú an t‑arán amhail ciste eorna, agus é á bhruith agat os a gcomhair os cionn otrach duine. 13An Tiarna a dúirt: ‘Mar seo a chaithfidh clann Iosrael a n‑arán salach a ithe i measc na gciníocha mar a ndíbreoidh mise iad.’ ” 14Ansin dúirt mise: “Féach, a Thiarna Dia, níor thruailligh mise mʼanam; ó mʼóige aníos níor ith mé aon rud a dʼéag uaidh féin ná aon rud a stróiceadh ag ainmhithe; níor tháinig feoil thruaillithe i mo bhéal ach oiread.” 15Dúirt sé liom ansin: “Féach, tugaim duit otrach bó in ionad otrach duine; bruithfidh tú dʼarán air sin.” 16Dúirt sé liom chomh maith: “Féach, a mhic an duine, scriosfaidh mé an stór aráin in Iarúsailéim; íosfaidh siad arán a mheáfar go beacht le barr duainéise, agus ólfaidh siad uisce a thomhaisfear go gortach le barr uafáis. 17Cuirfidh mé ar an ngannchuid aráin agus uisce iad ionas go mbeidh siad ag féachaint ar a chéile le huafás agus ag éirí spíonta óna bpionós.”
Currently Selected:
Eizicéil 4: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.