Eizicéil 42
42
Na Seomraí Taobh Amuigh
1Thug sé ó thuaidh mé isteach sa chúirt inmheánach, go dtí na seomraí ar aghaidh na cúirte seachtraí [ar an taobh thuaidh] den fhoirgneamh. 2Bhí siad céad banlámh ar fad, ag dul ó thuaidh, agus caoga banlámh ar leithead. 3In aon líne leis na fiche banlámh a bhain leis an gcúirt inmheánach agus os comhair na pábhála a bhain leis an gcúirt sheachtrach bhí áiléar os comhair áiléir, trí urlár acu. 4Bhí cosán isteach os comhair na seomraí a bhí deich mbanlámh ar leithead agus céad banlámh ar fad; dʼoscail na doirse ó thuaidh. 5Na seomraí in uachtar bhí siad níba chúinge de bharr na n‑áiléar a thóg níos mó spáis uathu ná mar thóg ó na seomraí i lár agus in íochtar an fhoirgnimh. 6Bhí siad seo roinnte i dtrí urlár agus ní raibh colúin acu mar bhí sa chúirt [sheachtrach]. Uime sin bhí siad níba chúinge siar ná na seomraí in íochtar nó sa lár. 7Bhí balla amuigh in aon treo leis na seomraí, os a gcoinne agus ar aghaidh na cúirte seachtraí; bhí sé caoga banlámh ar fad. 8Bhí na seomraí ar aghaidh na cúirte seachtraí caoga banlámh ar fad, agus na cinn ar aghaidh an Teampaill, bhí siad céad banlámh. 9Faoi na seomraí seo bhí bealach isteach anoir ón gcúirt sheachtrach.
10I dtiús bhalla na cúirte [theas] ar aghaidh na cúirte agus an fhoirgnimh, bhí seomraí. 11Bhí cosán rompu amach mar a bhí ó na seomraí thuaidh; bhí siad ar aon fhad agus ar aon leithead, agus an déanamh céanna orthu, doirse amach is isteach. 12Faoi na seomraí ar an taobh theas bhí bealach isteach i dtreo an chrosbhalla, mar a dtéann duine isteach ón taobh thoir. 13Dúirt sé liom: “Na seomraí thuaidh agus na seomraí theas os comhair an chlóis, is seomraí naofa iad, ina n‑íosfaidh na sagairt a thagann i láthair an Tiarna na nithe rónaofa. Ansin a chuirfidh siad na nithe rónaofa–an íobairt dhóite, íobairt an pheaca agus íobairt an chúitimh–mar is áit naofa é seo. 14Nuair a rachaidh na sagairt isteach ann ní imeoidh siad ón áit naofa chuig an chúirt sheachtrach gan éide an liotúirge a fhágáil ansin, mar is naofa í an éide seo. Cuirfidh siad éadaí eile orthu féin sula rachaidh siad in áiteanna a bhaineann leis an bpobal.”
15Nuair a chríochnaigh sé tomhas an Teampaill istigh thug sé amach chuig an geata thoir mé agus thomhais sé spás an Teampaill thart timpeall. 16Thomhais sé an taobh thoir lena shlat tomhais; bhí sé cúig chéad banlámh de réir a shlat tomhais. 17Thomhais sé ansin an taobh thuaidh; bhí sé cúig chéad banlámh de réir a shlat tomhais. 18Thomhais sé an taobh theas; bhí sé cúig chéad banlámh de réir a shlat tomhais. 19Thomhais sé an taobh thiar; bhí sé cúig chéad banlámh de réir a shlat tomhais. 20Thomhais sé a cheithre thaobh; bhí siad cúig chéad banlámh ar fad agus cúig chéad banlámh ar leithead. Bhí balla thart timpeall air a scar an áit naofa ón áit choitianta.
Currently Selected:
Eizicéil 42: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.