YouVersion Logo
Search Icon

Eizicéil 43

43
Filleadh an Tiarna
1Thug sé ansin mé go dtí an geata, an ceann a fhéachann soir. 2Féach, tháinig glóir Dhia Iosrael anoir. Tháinig fuaim leis amhail fuaim mhórán uiscí; agus shoilsigh an domhan lena ghlóir. 3Bhí an fhís seo a chonaic mé ar aon dul leis an bhfís a chonaic mé nuair a tháinig sé ag scriosadh na cathrach, agus leis an bhfís a chonaic mé ag bruach na habhann Ceabár. Shléacht mé go talamh.
4Tháinig glóir an Tiarna isteach sa Teampall ag an ngeata thoir. 5Thóg an spiorad mé agus thug isteach sa chúirt inmheánach mé; agus féach, líon glóir an Tiarna an Teampall. 6Bhí fear ina sheasamh taobh liom agus chuala mé duine ag labhairt liom ón Teampall amach. 7Dúirt sé liom: “A mhic an duine, is é seo suíomh mo ríchathaoireach, an áit ar a leagfaidh mé boinn mo chos. Cónóidh mé anseo i lár chlann Iosrael go brách. Muintir Iosrael agus a ríthe ní thruailleoidh siad mʼainm naofa choíche arís, lena striapachas agus le conablaigh a ríthe, 8ag cur a dtairsí le hais mo thairsí agus a n‑ursaineacha le hais mʼursaineacha, gan ach balla idir mé agus iad. Thruaillídís mʼainm naofa leis na nithe gránna a dhéanaidís, agus dá bhrí sin scrios mé iad go feargach. 9As seo amach díbreoidh siad an striapachas agus conablaigh a ríthe i bhfad ar shiúl uaim agus cónóidh mé ina measc go brách.
10“A mhic an duine, tabhair tuairisc an Teampaill seo do mhuintir Iosrael; dearaidís an plean ionas go mbeidh náire orthu de bharr a bpeacaí. 11Má bhíonn náire orthu de bharr a n‑imeachtaí, taispeáin crot agus plean an Teampaill dóibh, na slite amach as agus na slite isteach ann, a dhéanamh agus a leagan amach. Cuir in iúl dóibh a dheasghnátha agus a dhlíthe agus scríobh síos dóibh é os a gcomhair ionas go gcomhlíonfaidís agus go gcleachtfaidís a [dhlíthe] agus a dheasghnátha uile. 12Seo é bunreacht an Teampaill: an láthair uile ar mhullach an tsléibhe agus máguaird is áit rónaofa é. Féach, sin é bunreacht an Teampaill.”
An Altóir
13Seo iad tomhais na haltóra de réir banlámh–tá banlámh anseo ar chomhfhad le cnámh rí agus leithead boise. Beidh an bun banlámh ar airde agus banlámh ar leithead; an t‑imeall timpeall aon réise amháin. Seo airde na haltóra: 14ón mbonn ar an urlár go dtí an plionta íochtarach, dhá bhanlámh ar airde, agus banlámh ar leithead; ón bplionta is lú go dtí an plionta is mó ceithre bhanlámh ar airde agus banlámh ar leithead. 15Beidh leac na haltóra ceithre bhanlámh ar airde agus beidh ceithre adharc ag síneadh in airde ón leac. 16Beidh leac na haltóra cearnógach, dhá bhanlámh déag ar fad agus dhá bhanlámh déag ar leithead. 17Beidh an plionta cearnógach fosta, ceithre bhanlámh déag ar fad agus ceithre bhanlámh déag ar leithead. Beidh an t‑imeall thart air leathbhanlámh ar leithead agus a bhun banlámh thart timpeall. Beidh céimeanna na haltóra ag féachaint soir.
18Dúirt sé liom: “A mhic an duine, seo mar a deir an Tiarna Dia: Seo iad na deasghnátha don altóir. An lá a thógfar í le haghaidh ofráil íobairtí dóite agus doirteadh fola, 19tabharfaidh tú tarbh mar íobairt pheaca do na sagairt Léivíteacha de shíol Zádóc a thagann chugam chun freastal orm–an Tiarna Dia a labhraíonn. 20Glacfaidh tú cuid den fhuil agus cuirfidh tú í ar cheithre adharc na haltóra agus ar cheithre chúinne an phlionta agus ar an imeall thart timpeall. Mar seo a ghlanfaidh tú an altóir agus a dhéanfaidh tú leorghníomh ar a son. 21Glacfaidh tú fosta tarbh na híobartha peaca agus dófaidh tú sa láthair cheart den Teampall taobh amuigh den sanctóir é. 22An dara lá ofrálfaidh tú gabhar fireann gan smál mar íobairt pheaca; agus glanfar an altóir arís mar a glanadh leis an tarbh. 23Agus í glanta agat ofrálfaidh tú tarbh gan smál agus reithe gan smál ón tréad. 24Tabharfaidh tú iad i láthair an Tiarna agus croithfidh na sagairt salann orthu agus ofrálfaidh siad don Tiarna mar íobairt dhóite iad. 25Ar feadh seacht lá caithfidh tú gabhar fireann a sholáthar gach lá dʼíobairt pheaca; ní foláir freisin tarbh agus reithe gan smál ón tréad a ofráil. 26Ar feadh seacht lá déanfaidh siad leorghníomh ar son na haltóra; glanfaidh siad í agus beidh sí coisricthe. 27Ag deireadh an ama sin, ón ochtú lá amach, ofrálfaidh na sagairt ar an altóir bhur n‑íobairtí dóite agus bhur n‑íobairtí síochána; agus glacfaidh mise go cineálta libh–an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Currently Selected:

Eizicéil 43: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in