Eizicéil 41
41
1Thug sé isteach sa halla mé. Thomhais sé na hursaineacha; bhí siad sé bhanlámh ar tiús ar thaobh amháin agus sé bhanlámh ar tiús ar an taobh éile. 2Bhí an bealach isteach deich mbanlámh ar leithead. Na ballaí ag dul isteach bhí siad cúig bhanlámh ar thaobh amháin agus cúig bhanlámh ar an taobh eile. Thomhais sé an halla; bhí sé daichead banlámh ar fad agus fiche banlámh ar leithead.
3Isteach leis. Thomhais sé na hursaineacha ag dul isteach, a bhí dhá bhanlámh; ansin an bealach isteach, a bhí sé bhanlámh ar leithead; agus na ballaí ar gach taobh ag dul isteach, a bhí seacht mbanlámh. 4Thomhais sé a fhad, a bhí fiche banlámh; agus a leithead thar an halla, a bhí fiche banlámh. Dúirt sé liom ansin: “Is é seo an áit is naofa.”
5Thomhais sé balla an Teampaill, a bhí sé bhanlámh ar tiús. Bhí na taobhsheomraí thart timpeall an Teampaill ceithre bhanlámh ar leithead. 6Bhí tríocha taobhsheomraí ann ar trí urlár, gach ceann os cionn a chéile. Na taobhsheomraí thart timpeall fuair siad tacaíocht ó bhallaí an Teampaill taobh amuigh ionas nach mbeidís sáite i mballa an Teampaill. 7Mhéadaigh ar leithead na dtaobhsheomraí ó urlár go hurlár de réir méadú na tacaíochta ar an taobh amuigh ó urlár go hurlár. Ar thaobh an Teampaill bhí staighre ag dul suas agus ba é seo an dóigh a ndeachaigh duine ón urlár in íochtar go dtí an t‑urlár ar barr tríd an urlár láir. 8Chonaic mé ansin go raibh pábháil thart timpeall an Teampaill. Ba é bunsraith na dtaobhsheomraí é seo agus bhí slat tomhais iomlán sé bhanlámh ann. 9Bhí tiús cúig bhanlámh i mballa seachtrach na dtaobh sheomraí agus cúig bhanlámh sa chuid den phábháil a fágadh oscailte. 10Idir pábháil an Teampaill agus seomraí na cúirte bhí spás fiche banlámh ar leithead thart timpeall an Teampaill. 11Bhí doirse na dtaobhsheomraí ag oscailt ar ar fágadh saor den phábháil, doras ag oscailt ó thuaidh agus doras ag oscailt ó dheas. An phábháil a fágadh saor bhí sí cúig bhanlámh ar leithead thart timpeall.
12An foirgneamh os comhair chlós seo an Teampaill ar an taobh thiar, bhí sé seachtó banlámh ar leithead agus nócha banlámh ar fad, agus bhí tiús cúig bhanlámh i mballa an fhoirgnimh thart timpeall. 13Thomhais sé fad an Teampaill, a bhí céad banlámh; agus fad an chlóis agus an foirgneamh lena bhallaí, a bhí céad banlámh; 14agus leithead aghaidh an Teampaill agus an chlóis thoir, a bhí céad banlámh. 15Thomhais sé fad an fhoirgnimh ar an taobh thiar ar aghaidh an chlóis agus na ballaí ar gach taobh de; bhí siad céad banlámh.
Feisteas an Teampaill
Halla an Teampaill, an seomra inmheánach agus an póirse seachtrach, 16bhí tairseacha acu triúr agus fuinneoga laitíse thart timpeall gach ceann acu. Thart faoin tairseach bhí an Teampall painéalta le hadhmad ón urlár go dtí na fuinneoga; ba fhuinneoga laitíse iad. 17Ón doras isteach go dtí an seomra inmheánach agus thart timpeall bhalla an tseomra inmheánaigh taobh amuigh agus taobh istigh, 18bhí ceiribíní agus crainn phailme snoite, ceiribín agus crann pailme gach re ceann. Bhí dhá aghaidh ar gach ceiribín, 19aghaidh duine os comhair an chrainn phailme ar thaobh amháin agus aghaidh leoin os comhair an chrainn phailme ar an taobh eile, agus iad snoite thart timpeall an Teampaill ar fad. 20Bhí na ceiribíní agus na crainn phailme snoite ón urlár go dtí os cionn an dorais agus ar an mballa. 21Bhí colúin an halla cearnógach.
Os comhair an tsanctóra bhí mar a bheadh 22altóir adhmaid, a bhí trí bhanlámh ar airde, dhá bhanlámh ar fad agus dhá bhanlámh ar leithead. Ba dʼadhmad a cúinní, a bun agus a taobhanna. Dúirt sé liom: “Seo é an tábla atá os comhair an Tiarna.”
23Bhí doras dúbailte ar an halla agus doras dúbailte ar an sanctóir. 24Bhí dhá dhuilleog ag na doirse seo, dhá dhuilleog infhillte ag gach ceann acu. 25Ar dhoirse an halla bhí ceiribíní agus crainn phailme snoite mar a bhí ar na ballaí; agus bhí scáthlán adhmaid trasna os comhair an phóirse amuigh. 26Bhí fuinneoga laitíse agus crainn phailme ar gach taobh acu ar bhallaí an phóirse agus ar na taobhsheomraí ag taobh an Teampaill agus ar na scáthláin.
Currently Selected:
Eizicéil 41: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.