YouVersion Logo
Search Icon

Eizicéil 3

3
1“A mhic an duine” ar sé, “ith mar a thairgtear duit, caith siar an scrolla seo agus imigh agus labhair le muintir Iosrael.” 2Dʼoscail mé mo bhéal agus thug sé an scrolla dom le hithe, 3agus dúirt: “A mhic an duine, ith an scrolla seo a thugaim duit agus sásaigh do ghoile leis.” Dʼith mé é agus bhí blas na meala air i mo bhéal.
4Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, imigh chuig muintir Iosrael agus labhair mo bhriathra leo. 5Níl tú do do sheoladh chuig daoine a labhraíonn teanga dothuigthe iasachta. Is chuig muintir Iosrael atáthar do do chur; 6ní chuig a lán ciníocha a bhfuil teanga dheacair iasachta agus caint dhoiléir acu. Go deimhin, dá seolfainn chucusan thú dʼéistfidís leat. 7Ach ní éistfidh muintir Iosrael leat mar ní eistfidh siad liomsa. Is sotalach ceanndána iad muintir Iosrael go léir. 8Ach anois, beidh tusa chomh sotalach ceanndána leo féin. 9Déanfaidh mé do sheasmhacht amhail diamaint atá níos crua ná breochloch féin. Ná bíodh eagla ort rompu ná imní ort roimh a ndrochshúil, mar is ceannairceach an dream iad.” 10Dúirt sé liom fosta: “A mhic an duine, gach focal a deirim leat glac chugat féin é agus éist leis go cúramach. 11Imigh chuig na deoraithe de do mhuintir féin agus abair leo: ‘Mar seo a deir an Tiarna Dia,’ éistidís nó ná héistidís.”
12Thóg an spiorad in airde mé ansin agus chuala mé i mo dhiaidh clampar mór: “Moladh le glóir an Tiarna ina áit chónaithe.” 13Sciatháin na n‑ainmhithe ag bualadh in aghaidh a chéile agus callán na rothaí lena n‑ais, ba iad seo an clampar mór. 14Thóg an spiorad in airde mé agus rug leis mé, agus dʼimigh mé faoi sheirfean agus faoi bhruth feirge agus lámh an Tiarna ag luí go trom orm. 15Tháinig mé go Téil Áibíb chuig na deoraithe a bhí ag cur fúthu ar bhruach na habhann Ceabár. Dʼfhan mé ansin ina measc ar feadh seacht lá agus mé an-chorraithe.
An Fáidh mar Fhear Faire
16I gcionn seacht lá tháinig briathar an Tiarna chugam: 17“A mhic an duine, tá tú ceaptha agam mar fhear faire do mhuintir Iosrael. Nuair a chloisfidh tú focal uaimse tabhair rabhadh dóibh thar mo cheann. 18Má deirim leis an drochdhuine: ‘Tá an bás i ndán duit cinnte’ agus gan tusa rabhadh a thabhairt dó, ná a mhí-iompar a chur ar a shúile don drochdhuine le focal na faire ionas go slánódh sé a bheatha, caillfear é de bharr a pheaca: ach éileoidh mé a fhuil ortsa. 19Más amhlaidh, áfach, go dtabharfaidh tú rabhadh don drochdhuine agus nach dtréigfidh sé a mhí-iompar ná a dhrochimeachtaí, caillfear é de bharr a pheaca; ach slánóidh tusa do bheatha féin. 20Arís, má thréigeann an fíréan a fhíréantacht agus peaca a dhéanamh agus mise constaic a chur sa bhealach roimhe, caillfear é. De bhrí nár thug tú rabhadh dó caillfear é de bharr a pheaca, agus an fhíréantacht a chleacht sé imeoidh sí as cuimhne: ach éileoidh mé a fhuil ortsa. 21Más amhlaidh, áfach, go dtugann tú rabhadh don fhíréan gan peacú agus nach bpeacaíonn sé, slánófar é cinnte, de bhrí gur thug sé aird ar an rabhadh: agus beidh do bheatha féin slánaithe agat chomh maith.
Eizicéil ina Bhalbhán
22Tháinig lámh an Tiarna orm ansin agus dúirt sé liom: Éirigh, imigh leat isteach sa ghleann, áit a labhróidh mé leat.” 23Dʼéirigh mé agus ar aghaidh liom isteach sa ghleann agus féach, sheas glóir an Tiarna ansin dála na glóire a chonaic mé ag an abhainn Ceabár; agus shléacht mé go talamh. 24Ansin tháinig an spiorad ionam agus chuir i mo sheasamh mé agus labhair liom.
Dúirt sé liom: “Imigh agus druid tú féin istigh i do theach. 25Agus tusa, a mhic an duine, cuirfear cuibhreacha ort anois, agus ceanglófar thú leo i dtreo nach mbeidh ar do chumas imeacht i measc an phobail. 26Tabharfaidh mé ar do theanga greamú de do charball, ionas go mbeidh tú balbh agus gan cumas agat iad a chur ar a bhfaichill, mar is ceannairceach an dream iad. 27Ach nuair a labhróidh mé leat osclóidh mé do bhéal agus déarfaidh tú leo: ‘Mar seo a deir an Tiarna Dia.’ An duine a bhfuil fonn éisteachta air éisteadh sé, agus an duine nach bhfuil ná héisteadh sé, mar is ceannairceach an dream iad.”

Currently Selected:

Eizicéil 3: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in