Eizicéil 36
36
Athfhás ar na Sléibhte
1A mhic an duine, tairngir do shléibhte Iosrael, agus abair: A Shléibhte Iosrael, éistigí le briathar an Tiarna. 2Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur mhaslaigh an namhaid sibh, á rá go fonóideach: ‘Is linne anois na sléibhte cianaosta seo’, 3tairngir uime sin agus abair: Seo mar a deir an Tiarna: De bhrí gur bánaíodh, sea, agus gur scriosadh sibh ó gach taobh ionas go ndeachaigh na ciníocha eile i seilbh oraibh agus gur thosaigh cúlchaint agus scéalta mailíseacha ag dul thart i measc an phobail fúibh; 4dá bhrí sin, a shléibhte Iosrael, éistigí le briathar an Tiarna. Seo mar a deir an Tiarna Dia leis na sléibhte agus na cnoic, leis na cumair agus leis na gleannta, le fásaigh loma agus cathracha bánaithe atá ina gcreach agus ina gceap magaidh ag na ciníocha máguaird: 5sea, seo mar a deir an Tiarna Dia: Dearbhaím é dar cuthach mʼéada i gcoinne na gciníocha eile agus i gcoinne Eadóm uile a shealbhaigh agus a chreach mo thír-se le tréan áthais agus tarcaisne. 6Ar an ábhar sin tairngir mar gheall ar thír Iosrael. Abair leis na sléibhte agus leis na cnoic, leis na cumair agus leis na gleannta: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Labhraím le cuthach éada de bhrí gur maslaíodh sibh ag na ciníocha. 7Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Dearbhaím go maslófar na ciníocha máguaird chomh maith libhse.
8“A shléibhte Iosrael, fásfaidh bhur ngéaga agus tabharfaidh sibh torthaí ar son mo mhuintire, Iosrael, a fhillfidh go luath. 9Sea, tá mise ar bhur son, fillfidh mé chugaibh; treabhfar agus síolfar sibh. 10Socróidh mé líon daoine oraibh, muintir Iosrael go hiomlán. Beidh pobal cónaithe sna cathracha arís agus atógfar na fothracha. 11Méadóidh mé idir dhaoine agus ainmhithe oraibh; fásfaidh siad agus beidh breis orthu. Cuirfidh mé líon daoine oraibh mar a bhí i gcéaduair; déanfaidh mé sibh níos rathúla ná mar a bhí anallód, agus tuigfidh sibh dá bharr gur mise an Tiarna. 12A bhuí liomsa siúlfaidh daoine, mo mhuintir Iosrael oraibh arís; rachaidh siad i seilbh oraibh mar a n‑oidhreacht, agus ní dhéanfaidh sibh slad ar a bpáistí choíche arís.
13“Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí go ndúirt na daoine libh: ‘Is alpaire daoine sibh, déanann sibh slad ar pháistí an chine.’ 14Ar an ábhar sin, ní alpfaidh sibh daoine níos mó: ní dhéanfaidh sibh slad ar pháistí an chine arís–an Tiarna Dia a labhraíonn. 15Ní ligfidh mé arís daoibh masla na gciníocha a chloisteáil, ní bheidh oraibh arís éisteacht lé tarcaisne na gciníocha, ní [dhéanfaidh sibh slad arís] ar pháistí an chine–an Tiarna Dia a labhraíonn.”
Athréim an Phobail
16Tháinig briathar an Tiarna chugam: 17“A mhic an duine, nuair a chónaigh muintir Iosrael ina dtír féin thruailligh siad í lena ndrochimeachtaí. Bhí a n‑iompar i mo láthairse neamhghlan mar fhuil mhíosúil mná. 18Scaoil mé mo chuthach leo de bharr na fola a dhoirt siad sa tír agus na n‑íol lenar thruailligh siad í. 19Scaip mé iad i measc na gciníocha agus ruaig mé iad ar fud na dtíortha; ghearr mé breithiúnas orthu mar a thuill a n‑iompar agus a mbearta. 20Agus anois, thruailligh siad mʼainm naofa i measc na gciníocha cibé áit a ndeachaigh siad, ionas go ndeirtear fúthu: ‘Sin iad pobal an Tiarna, ach tá siad ar deoraíocht óna thír.’ 21Ach bhí mé buartha faoi mʼainm naofa a thruailligh muintir Iosrael i measc na gciníocha mar a ndeachaigh siad.
22“Dá bhrí sin, abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ní dhéanaim seo, a mhuintir Iosrael, ar bhur sonsa, ach ar son mʼainm naofa a thruailligh sibh i measc na gciníocha mar a ndeachaigh sibh. 23Naomhóidh mé mʼainm mór a truaillíodh i measc na gciníocha, a thruailligh sibhse ina measc. Agus tuigfidh na ciníocha gur mise an Tiarna–an Tiarna Dia a labhraíonn–nuair a naomhóidh mé mé féin ionaibh os comhair a súl. 24Bainfidh mé amach sibh as na ciníocha agus baileoidh sibh le chéile ó na coigríocha go léir agus tabharfaidh mé sibh abhaile chuig bhur dtír dhúchais. 25Croithfidh mé uisce glan oraibh agus beidh sibh glan; scagfaidh mé sibh ó bhur salachar uile agus ó bhur n‑íola uile. 26Tabharfaidh mé croí nua daoibh fosta agus cuirfidh spiorad nua ionaibh; bainfidh mé an croí cloiche as bhur gcorp agus tabharfaidh croí feola daoibh ina áit. 27Cuirfidh mé mo spiorad ionaibh agus tabharfaidh oraibh siúl de réir mo reachtanna agus mo dheasghnátha a chomhlíonadh go beacht. 28Cónóidh sibh sa tír a bhronn mé ar bhur n‑aithreacha; beidh sibh in bhur bpobal agam agus beidh mise i mo Dhia agaibh. 29Glanfaidh mé sibh ó bhur salachar uile. Glaofaidh mé ar an arbhar, cuirfidh mé breis leis agus ní sheolfaidh mé gorta sa mhullach oraibh níos mó. 30Méadóidh mé toradh na gcrann agus na bpáirceanna ionas nach mbeidh masla an ghorta oraibh níos mó i measc na gciníocha. 31Ansin cuimhneoidh sibh ar bhur ndrochiompar agus ar bhur ndrochimeachtaí. Beidh gráin agaibh oraibh féin as bhur bpeacaí agus bhur ngníomhartha gránna. 32Bíodh fhios agaibh nach ar bhur sonsa a dhéanaim é seo–an Tiarna Dia a labhraíonn. Bíodh náire agus imní oraibh mar gheall ar bhur n‑iompar, a mhuintir Iosrael.
33“Seo mar a deir an Tiarna Dia: An lá a ghlanfaidh mé sibh ó bhur bpeacaí uile, líonfaidh mé na cathracha arís le daoine agus atógfar na fothracha. 34Saothrófar an talamh scriosta arís in áit é a fhágáil ina bhlár folamh os comhair cách a théann an bealach. 35Déarfaidh siad: ‘An dúiche seo a creachadh is cuma í nó gairdín Éidin; agus na cathracha scriosta a bánaíodh agus a leagadh, tá siad daingean anois faoi líon mór daoine.’ 36Tuigfidh na ciníocha máguaird gur mise, an Tiarna, a dʼatóg na fothracha agus a dʼithchuir an fásach. Mise, an Tiarna, a labhair agus tabharfaidh mé chun críche é.
37“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ligfidh mé do mhuintir Iosrael an gar eile seo a iarraidh orm, is é sin, a líon daoine a mhéadú amhail tréad, 38amhail tréad naofa, amhail tréad in Iarúsailéim ar na féilte sollúnta. Mar sin a líonfar na cathracha bánaithe le tréad daoine. Tuigfear ansin gur mise an Tiarna.”
Currently Selected:
Eizicéil 36: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.