YouVersion Logo
Search Icon

Eizicéil 37

37
Fís na gCnámh Seargtha
1Leagadh lámh an Tiarna orm agus thug sé amach faoi luí spiorad an Tiarna mé. Chuir sé síos mé i lár gleanna a bhí lán de chnámha. 2Sheol sé thart mé ina measc; agus féach, bhí na múrtha acu ar an talamh ó cheann ceann an ghleanna, agus iad an-seargtha. 3Dúirt sé liom: “A mhic an duine, an féidir anam a theacht sna cnámha seo?” “Is agatsa atá a fhios sin, a Thiarna Dia,” arsa mise. 4Dúirt seisean: “Tairngir thar na cnámha seo agus abair leo: A chnámha seargtha, éistigí le briathar an Tiarna. 5Seo mar a deir an Tiarna Dia leis na cnámha seo: Féach, cuirfidh mé anam ionaibh agus beidh sibh beo. 6Leagfaidh mé féitheacha oraibh, cuirfidh mé feoil ag fás oraibh, clúdóidh mé sibh le craiceann, cuirfidh mé anam ionaibh agus beidh sibh beo; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.” 7De réir mar a ordaíodh dom, thairngir mé. Agus mé ag tairngreacht bhí tormán, sea, agus gliogarnaíl ann; agus tháinig na cnámha lena chéile. 8Nuair a dʼamharc mé bhí féitheacha orthu, bhí feoil ag fás orthu agus bhí craiceann á gclúdach; ach ní raibh aon anáil iontu. 9Dúirt sé liom ansin: “Tairngir don anáil; tairngir, a mhic an duine, agus abair leis an anáil: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tar ó na ceithre ghaoth, a anáil, agus séid ar na marbháin seo chun go mbeidh siad beo.” 10Thairngir mé mar a dúradh liom agus tháinig an anáil isteach iontu. Bhí siad beo agus dʼéirigh siad ina seasamh, slua ábhalmhór acu.
11Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, is iad na cnámha seo muintir Iosrael uile. Féach, deir siad: ‘Tá ár gcnámha seargtha agus ár ndóchas caillte; tá deireadh linn.’ 12Tairngir dá bhrí sin agus abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, a phobal liom, tá mé chun bhur n‑uaigheanna a oscailt, chun sibh a thabhairt aníos as bhur n‑uaigheanna, agus seolfaidh mé abhaile sibh go tír Iosrael. 13Tuigfidh sibh gur mise an Tiarna nuair a osclóidh mé bhur n‑uaigheanna, nuair a thabharfaidh mé aníos sibh as bhur n‑uaigheanna, a phobal liom. 14Cuirfidh mé mo spiorad ionaibh agus beidh sibh beo, agus socróidh mé sibh síos in bhur dtír féin. Ansin a thuigfidh sibh gur mise, an Tiarna, a labhair, agus gur mise a rinne é–an Tiarna a labhraíonn.”
Aontú Iúdá agus Iosrael
15Tháinig briathar an Tiarna chugam: 16“A mhic an duine, glac chugat bata agus scríobh air: ‘Thar ceann Iúdá agus chlann Iosrael i gcomhar leis.’ Glac bata eile ansin agus scríobh air: ‘Thar ceann Iósaef, bata Eafráim, agus muintir Iosrael uile atá i gcomhar leis.’ 17Táthaigh le chéile iad in aon bhata amháin ionas go mba aon bhata amháin i do láimh iad. 18Nuair a deir do mhuintir leat: ‘Mínigh ciall an scéil seo dúinn’; 19abair leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mé chun bata Iósaef, atá i lámha Eafráim, a thógáil, agus clanna Iosrael atá i gcomhar leis; agus táthóidh mé le bata Iúdá é. Déanfaidh mé bata amháin astu ionas go mba aon iad i mo láimhse.’ 20Nuair a bheidh na bataí ar a scríobhfaidh tú i do láimh os a gcomhair, 21abair leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, glacfaidh mé chugam clann Iosrael ó na ciníocha mar a ndeachaigh siad. Baileoidh mé le chéile iad ó gach taobh agus seolfaidh mé abhaile iad chun a dtíre féin. 22Déanfaidh mé aon chine amháin astu sa tír ar shléibhte Iosrael, agus aon rí amháin a bheidh ina rí orthu uile. Ní bheidh dhá chine iontu a thuilleadh ná ní bheidh siad deighilte ina dhá ríocht. 23Ní thruailleoidh siad iad féin a thuilleadh lena n‑íola agus a nithe gránna ná le haon chuid dá bpeacaí. Fuasclóidh mé iad ó na bearta fill ina raibh siad ciontach, agus glanfaidh mé iad. Beidh siadsan mar phobal agamsa agus beidh mise mar Dhia acusan. 24Beidh Dáiví, mo sheirbhíseach, ina rí orthu, agus ní bheidh ach aon tréadaí amháin acu go léir. Siúlfaidh siad de réir mo reachtanna agus comhlíonfaidh siad mo dheasghnátha go beacht. 25Cuirfidh siad fúthu mar ar chuir bhur n‑aithreacha fúthu, sa tír a thug mé do mo sheirbhíseach, Iacób. Cónóidh siad ansin go brách, iad féin, a gclann agus clann a gclainne. Beidh mo sheirbhíseach, Dáiví, ina rí orthu go brách. 26Déanfaidh mé conradh síochána leo; conradh síoraí a bheidh ann. [Beannóidh] mé agus cuirfidh mé rath orthu; tógfaidh mé mo shanctóir ina measc go deo. 27Beidh mʼáit chónaithe ina gcuideachta; beidh mé i mo Dhia acusan agus beidh siadsan ina bpobal agamsa. 28Tuigfidh na ciníocha ansin gur mise, an Tiarna, a naomhaíonn Iosrael nuair a bheidh mo shanctóir ina measc go brách.’ ”

Currently Selected:

Eizicéil 37: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in