Eizicéil 35
35
In Éadan Eadóm
1Tháinig briathar an Tiarna chugam: 2“A mhic an duine, iompaigh i dtreo Shliabh Shaeír agus tairngir ina éadan. 3Abair leis: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, a Shliabh Shaeír, tá mé i do choinne agus sínfidh mé mo lámh amach i do choinne; fágfaidh mé i do fhásach léirscriosta thú. 4Bánóidh mé do chathracha agus fágfar folamh thú; tuigfidh tú gur mise an Tiarna. 5De bhrí gur chothaigh tú ionat féin de shíor an fhearg agus gur thug tú suas clann Iosrael don chlaíomh le linn a mí-áidh, le linn a bpionóis deiridh; 6dá bhrí sin, dar mo bheo–an Tiarna Dia a labhraíonn–tabharfaidh mé suas chun fola thú agus leanfaidh fuil thú. De bhrí gur ciontach thú i ndoirteadh fola dearbhaím go dtiocfaidh doirteadh fola suas leat. 7Fágfaidh mé Sliabh Shaeír ina fhásach léirscriosta agus fágfaidh mé gan taistealaí ann ná as. 8Líonfaidh mé a shléibhte le corpáin; an dream a maraíodh leis an gclaíomh titfidh siad ar do chnoic, i do ghleannta agus i dʼuile chumar. 9Fágfaidh mé thú i dʼfhásach buan agus ní fhillfear ar do chathracha cónaithe. Tuigfidh tú ansin gur mise an Tiarna.
10“De bhrí go ndúirt tú: ‘Is liomsa an dá chine agus an dá thír seo: rachaimid ina seilbh san áit ina mbíodh an Tiarna.” 11Dá bhrí sin, dar mo bheatha–an Tiarna Dia a labhraíonn–roinnfidh mé leat de réir dʼfheirge agus na haingíochta céanna a bhain le do fhuath féin ina n‑aghaidh. Cuirfidh mé mé féin in aithne dóibh nuair a ghearrfaidh mé breithiúnas ortsa. 12Agus beidh fhios agat gur chuala mise, an Tiarna, an uile mhasla dar thug tú in aghaidh shléibhte Iosrael, a leithéid seo: ‘Bánaíodh iad, fágtar againne iad lena gcreachadh.’ 13Labhair tú go mórchúiseach fúmsa, do mo mhaslú arís agus arís eile; bhí cluas orm! 14Seo mar a deir an Tiarna Dia: Bánóidh mé thú, rud a chuirfidh áthas croí ar an tír uile. 15De bhrí gur bhain tú aoibhneas as nuair a bánaíodh oidhreacht mhuintir Iosrael, déanfaidh mé amhlaidh leatsa, a Shliabh Shaeír: bánófar thú agus Eadóm uile mar an gcéanna. Tuigfidh na daoine gur mise an Tiarna.”
Currently Selected:
Eizicéil 35: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.