Eizicéil 16
16
An Bhean Chéile Mhídhílis
1Tháinig briathar an Tiarna chugam arís: 2“A mhic an duine, cuir in iúl a himeachtaí gránna do Iarúsailéim. 3Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia le Iarúsailéim: Is de thír na gCanánach do bhunadh agus do bhreith; ba Amórach dʼathair agus Hiteach do mháthair. 4Ar bhreith duit, ar lá do bhreithe féin, níor gearradh dʼimleacán, níor níodh in uisce thú le do ghlanadh; níor sailleadh thú ná níor cuireadh i gcrios ceangail thú. 5Níor dhearc aon duine ort le trua duit, le haon ghníomh trócaire díobh seo a dhéanamh duit; teilgeadh amach thú ar an mblár folamh i dʼábhar déistine an lá a rugadh thú.
6“Ar ghabháil tharat dom agus tú a fheiceáil i do chróluí féin, dúirt mé leat agus an fhuil umat: ‘Mair, 7agus fás amhail féar na páirce.’ Dʼfhás tú, mhéadaigh agus tháinig ann duit; bhí do chíocha cumtha agus do ghruaig fásta, ach bhí tú lom tarnocht go fóill. 8Ar ghabháil tharat arís dom dʼamharc mé ort. Bhí tú aibí chun grá; leath mé beann mo chlóca ort agus chlúdaigh do tharnochtacht: sea, thug mé mionn duit, chuaigh mé i gconradh leat–an Tiarna Dia a labhraíonn–agus ba liomsa thú. 9Ansin nigh mé thú le huisce, nigh mé fós do fhuil uait agus chuir mé ola ort. 10Thug mé éadach bróidnéirithe duit, bróga leathair, filéad lín agus clóca síoda. 11Sciamhaigh mé thú le hornáidí, le bráisléid thar chaolta do lámh agus slabhra faoi do mhuineál. 12Chuir mé fáinne ar do shrón, cluasfháinní ar do chluasa agus coróin niamhrach ar do cheann. 13Mar sin a maisíodh thú le hór agus le hairgead. Ba de líon mín agus de shíoda bróidnéirithe do chuid éadaí; plúr mín, mil agus ola a bhí mar bhia agat. Dʼéirigh tú an-sciamhach agus tháinig tú in inmhe banríona. 14Craoladh clú do scéimhe ar fud na gciníocha, óir bhí sí foirfe de thairbhe na niamhrachta a bhronn mise ort–an Tiarna Dia a labhraíonn.
15“Ach dʼéirigh tú teann as clú dʼáilleachta; bhain tú feidhm as do chlú le haghaidh striapachais agus dhoirt tú do dhrúis amach ar chách a chuaigh an bealach. 16Ghlac tú de dʼéadach agus chóirigh tú áiteanna arda le dathanna éagsúla de agus ba ansin a mheirdrigh tú; a leithéid ní raibh riamh agus ní bheidh arís. 17Ghlac tú fosta na seoda gleoite óir agus airgid a bhronn mise ort; rinne tú íomhánna daonna leo ionas go meirdreofá ina gcuideachta. 18Chlúdaigh tú iad le dʼéadach bróidnéirithe agus dʼofráil tú mʼola agus mo thúis dóibh. 19Mar an gcéanna, an t‑arán a thug mé duit, an plúr mín, an ola agus an mhil lenar chothaigh mé thú, dʼofráil tú dóibh iad mar bholadh cumhra–an Tiarna Dia a labhraíonn. 20Lena chois sin, thug tú na mic agus na hiníonacha a rug tú domsa agus dʼíobair tú dóibhsean iad lena slogadh siar. Nár leor leat do striapachas? 21Ach thug tú anbhás do mo pháistí agus thug tú ar láimh dóibh iad mar íobairt dhóite. 22Le linn dʼimeachtaí gránna agus do striapachais níor chuimhin leat laethanta dʼóige nuair a bhí tú lom tarnocht i do chróluí féin.
23“Tharla i ndiaidh dʼoilc uile–mairg agus mairg arís duit, an Tiarna Dia a labhraíonn– 24gur thóg tú ardán agus ardionad duit féin ag gach crosbhóthar. 25Thóg tú dʼardionad ag ceann gach sráide, ag truailliú do scéimhe agus ag méadú do striapachais trí bheith do do thairiscint féin do gach duine a théadh an bealach. 26Mheirdrigh tú fosta leis na hÉigiptigh, do chomharsana drúisiúla; mhéadaigh tú an striapachas le mo ghríosúsa chun feirge. 27Dá bhrí sin shín mé mo lámh amach i do choinne. Laghdaigh mé do sciar bia, dʼfhág mé thú i muinín do naimhde, iníonacha na bhFilistíneach, a gcuireann do striapachas déistin orthu. 28Mheirdrigh tú mar an gcéanna leis na hAsaírigh toisc tú a bheith doriartha; sea, mheirdrigh tú leo agus níorbh fhéidir do shásamh. 29Mhéadaigh tú do dhrúis i dtír Chanán agus sa Chaildéa, agus leis seo fós ní raibh tú sásta.
30“Nach lag do chroí–an Tiarna Dia a labhraíonn–leis na nithe seo, obair striapaí dána, a dhéanamh, 31ag tógáil dʼardáin ag ceann gach sráide agus dʼardionaid ag gach crosbhóthar? Ach murab ionann agus striapach ní ghlacfá airgead. 32Fáiltíonn banadhaltrach roimh choimhthígh in áit a céile féin. 33Tugtar bronntanais don striapach. Ach is tusa a thugann na bronntanais do dʼaos grá uile; fostaíonn tú iad don striapachas ó gach uile aird. 34Ba neamhchosúil thú leis na mná eile sa striapachas duit: níor gríosaíodh tusa chun striapachais. Tú féin a dʼfhostaigh nuair nár fostaíodh tusa. Ar an dóigh seo ba neamhchosúil leo siúd thú.
35“Uime sin, a striapach, éist le briathar an Tiarna. 36Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur thaispeáin tú thú féin gan náire agus go bhfacthas tarnocht thú sa striapachas le do leannáin, agus mar gheall ar dʼíola agus fuil do chlainne a thug tú dóibh; 37dá bhrí sin uile, cruinneoidh mé an t‑aos grá uile lenar ghlac tú sámhas, iadsan a thaitin agus iadsan nár thaitin leat, tabharfaidh mé le chéile os do chomhair iad ó gach aird; taispeánfaidh mé dóibh thú gan chlúid, ionas go bhfeicfidh siad thú tarnocht. 38Tabharfaidh mé an breithiúnas ort a thugtar ar mhná a bhriseann cuing phósta agus a dhoirteann fuil, agus doirtfidh mé dʼfhuil féin go héadmhar feargach. 39Tabharfaidh mé suas thú do do leannáin, réabfaidh siad dʼardán agus scriosfaidh dʼardionaid; bainfidh siad do chuid éadaí díot, ropfaidh siad chun siúil do sheoda breátha agus fágfaidh siad thú lom tarnocht. 40Gríosóidh siad slua i do choinne, clochfaidh siad thú, sáfaidh siad claíomh tríot. 41Dófaidh siad do thithe agus daorfaidh siad thú os comhair na sluaite ban; tabharfaidh mé ort éirí as an striapachas agus as fostú na leannán a thuilleadh. 42Ídeoidh mé mo chuthach ort agus imeoidh mʼéad uait; ciúnóidh mé agus ní bheidh fearg orm arís. 43De bhrí nár chuimhin leat laethanta dʼóige agus gur spreag tú fearg ionam leis na nithe seo uile; dá bhrí sin, cúiteoidh mé do ghníomhartha ar do cheann féin–an Tiarna Dia a labhraíonn. Nach raibh tú graosta sa bhreis ar dʼimeachtaí gránna eile?
44“Lucht seanfhocla a chur trí chéile inseoidh siad an seanfhocal seo fútsa: Ba dual máthar di. 45Is fíoriníon le do mháthair thú, léisean a thug fuath dá céile agus dá clann; agus is deirfiúr le do [dheirfiúracha] thú, leosan a thug fuath dá gcéilí agus dá gclanna. Ba Hiteach do mháthair agus Amórach dʼathair. 46Is í an tSamáir do dheirfiúr shinsir a chónaigh lena clann iníonacha ó thuaidh uait, agus is í Sodom do dheirfiúr óg, ise a chónaigh lena clann iníonacha ó dheas. 47Ach níor [leor leatsa] siúl de réir a ngníomharthasan ná de réir a n‑imeachtaí gránna; i gceann tamaill bhig bhí tú níba thruaillithe ná iad féin. 48Dar mo bheatha–an Tiarna Dia a labhraíonn–ní dhearna Sodom féin agus a clann iníonacha mar a rinne tusa agus dʼiníonacha. 49Ba í seo ciontacht Shodom, do dheirfiúr, agus a hiníonacha: bhí siad díomasach, craosach, tugtha don sámhas, ach níor tháinig i gcabhair ar an mbochtán ná ar an ainniseoir. 50Ba ardnósach iad agus bhí imeachtaí gránna ar siúl acu os mo chomhair; uime sin, ar a bhfeiceáil dom scuab mé amach iad. 51Mar sin féin níor pheacaigh an tSamáir leath chomh mór agus a pheacaigh tusa, bhí imeachtaí níba ghránna ar siúl agat ná mar bhí acusan; go deimhin chuir tú cuma na fíréantachta ar do dheirfiúracha trí mhéid na n‑imeachtaí gránna seo agat féin. 52Fulaing do náire mar gur chlaon tú an breithiúnas i leith do dheirfiúracha; is córa iadsan ná tusa de bhrí gur pheacaigh tú níba ghránna ná iadsan. Sea, bíodh náire ort féin agus fulaing an náire gur chuir tú cuma na fíréantachta ar do dheirfiúracha.
Leasú
53“Tabharfaidh mé ar ais chucu féin Sodom agus a hiníonacha, agus an tSamáir agus a hiníonacha. Tabharfaidh mé tusa ar ais chugat féin i lár báire, 54ionas go bhfulaingeoidh tú dʼísliú céime, go mbeidh náire ort as a ndearna tú agus go mbeidh tú i do shólás acusan. 55Do dheirfiúracha, Sodom agus a hiníonacha, fillfidh siad ar a ndúchas; tú féin agus dʼiníonacha fillfidh sibhse ar bhur ndúchas. 56Nach raibh Sodom do dheirfiúr ina hábhar seanchais agat lá do dhíomais 57sular foilsíodh dʼolc? Tá tú anois ar aon dul léi; is díol aithise thú ag iníonacha Eadóm agus a comharsana, agus ag iníonacha na bhFilistíneach máguaird a chaitheann drochmheas leat. 58Tá tú ag díol as do ghraostacht agus as dʼimeachtaí gránna–an Tiarna Dia a labhraíonn.
59“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Sea, roinnfidh mé leat mar atá tuillte agat, tusa a mhaslaigh an gealltanas nuair a bhris tú an conradh; 60ach cuimhneoidh mise ar an gconradh a rinne mé leat nuair a bhí tú óg, agus bunóidh mé conradh leat a mhairfidh go deo. 61Cuimhneoidh tú ansin ar do ghníomhartha agus beidh náire ort nuair a ghlacfaidh mé do dheirfiúracha, an sinsear agus an t‑óg, lena mbronnadh ort mar iníonacha, cé nach den chonradh leat é seo. 62Daingneoidh mé mo chonradh leat agus tuigfidh tú gur mise an Tiarna, 63ionas go mba chuimhin leat agus go gcuirfí cotadh ort agus go gcuirfí i do thost go deo thú de bharr do náire, nuair a mhaithfidh mise duit a bhfuil déanta agat–an Tiarna Dia a labhraíonn.”
Currently Selected:
Eizicéil 16: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.