Eizicéil 15
15
Parabal na Fíniúna
1Tháinig briathar an Tiarna chugam: 2“A mhic an duine conas a sháraíonn adhmad na fíniúna aon adhmad eile ó chraobh crainn san fhoraois?
3An mbaintear a hadhmad
le haon rud a dhéanamh as?
An mbaintear bacán as
le soitheach a chrochadh air?
4Féach ansin é!
á chaitheamh ar an tine mar chonnadh.
Dónn an tine dhá cheann;
deargann an lár ina aibhleog;
An bhfuil maith ar bith ann a thuilleadh?
5Nuair a bhí sé iomlán
ní raibh aon mhaith ann
le haon rud a dhéanamh as;
anois agus é dóite gualaithe
nach lú fós an mhaith atá ann?
6“Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Dála adhmad na fíniúna i measc crainn na foraoise a thug mé don tine mar chonnadh, mar sin a chaithfidh mé áitritheoirí Iarúsailéim uaim. 7Iompóidh mé mʼaghaidh ina gcoinne, agus cé go n‑éalóidh siad ón tine slogfaidh sí beo iad fós. Tuigfidh tú gur mise an Tiarna nuair a iompóidh mé mʼaghaidh ina gcoinne, 8agus nuair a bhánóidh mé an talamh in éiric a mídhílseachta–an Tiarna Dia a labhraíonn.”
Currently Selected:
Eizicéil 15: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.