YouVersion Logo
Search Icon

Eizicéil 17

17
Fáthscéal na nIolar agus na Fíniúna
1Tháinig briathar an Tiarna chugam: 2“A mhic an duine, cuir tomhas amach, inis fáthscéal do mhuintir Iosrael. 3Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia:
Iolar mór,
mórsciathánach, fadeiteogach,
le clúmh tiubh ildathach,
a tháinig go dtí an Liobáin.
Rug sé ar bharr an chéadrais,
4bhris an beangán úr ar bharr,
thug leis é go tír thráchtála,
agus leag síos é i gcathair cheannaithe.
5Ansin ghlac sé de shíol fíniúna,
agus chuir in ithir thorthúil é,
i gcóngar uiscí líonmhara,
á chur mar chraobhóg shailí.
6Ghin an síol agus dʼfhás ina fhíniúin,
a bhí íseal agus leathan.
Dʼfhás na géaga i dtreo an iolair
agus na fréamhacha síos sa talamh.
Tháinig ann dó mar fhíniúin,
thug géaga uaidh agus chuir amach duilliúir.
7Bhí iolar mór [eile] ann,
mórsciathánach, dlúthchlúmhach.
Féach, chlaon an fhíniúin
a fréamhacha ina threo,
agus scaoil a géaga ina threo,
amach ón gceapach inar síoladh í,
ionas go n‑uisceodh sé í.
8Ba in ithir thorthúil
i gcóngar uiscí líonmhara
a cuireadh an fhíniúin,
chun géaga a fhás, chun torthaí a bhreith,
agus aibiú mar fhíniúin uasal.
9Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia:
An mbeidh an rath uirthi seo?
Nach mbrisfidh an t‑iolar na fréamhacha
agus na torthaí a ropadh leis,
ionas go bhfeofaidh an duilliúr úr
nuair a phéacfaidh sé?
Ní bheidh gá le neart ná le slua
lena tarraingt aníos ó na fréamhacha.
10Tá sí curtha ansin; an mbeidh an rath uirthi?
Nach seargfaidh sí
nuair a shéideann an ghaoth anoir uirthi?
Nach bhfeofaidh sí san ithir inar fhás?”
11Tháinig briathar an Tiarna chugam ansin: 12“Abair leis an dream ceannairceach sin: ‘Nach dtuigeann sibh cad is ciall leis na nithe seo?’ Inis dóibh: Féach, tháinig rí na Bablóine go Iarúsailéim; ghabh sé an rí agus na prionsaí agus thug leis iad chun na Bablóine. 13Ghlac sé fear de shíol na rí agus rinne conradh leis, á chur faoi bhrí na mionn. Ghabh sé cheana féin taoisigh na tíre 14ionas go mbeadh an ríocht uiríseal gan éirí in airde agus go bhfanfadh sí dílis don chonradh agus go mairfeadh. 15Ach dʼéirigh [an prionsa] amach agus chuir teachtaí chun na hÉigipte, ionas go dtabharfaidís capaill agus slua fear dó. An n‑éireoidh leis? An rachaidh a leithéid seo dʼfhear slán? An bhfuil sé i ndán dʼfhear briste an chonartha dul slán? 16Dar mo bheo–an Tiarna Dia a labhraíonn–dar mo fhocal, gheobhaidh sé bás in áit chónaithe an rí a bhfuair sé an choróin uaidh, is é sin, sa Bhablóin. Óir mhaslaigh sé a mhionn agus bhris a chonradh. 17Ní dhéanfaidh Forann tarrtháil air sa chogadh lena shlua neartmhar agus a mhórchuideachta, ainneoin na mótaí cré agus na mballaí léigir a thógfaí, agus an méid a mharófaí, sa tógáil. 18De bhrí gur mhaslaigh sé an mionn agus gur bhris an conradh a raibh sé fós faoi cheangal aige; dá bhrí sin uile, ní rachaidh sé slán.
19“Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Dar mo bheo, mo mhionn a mhaslaigh sé agus mo chonradh a bhris sé, cúiteoidh mé iad ar a cheann féin. 20Leathfaidh mé mʼeangach thairis agus rachaidh sé i bhfostú i mo mhogaill; tabharfaidh mé liom chuig an Bhablóin é agus gearrfaidh mé pionós air ansin mar gheall ar an bhfeall a dʼimir sé orm. 21Titfidh togha a shlua leis an gclaíomh agus scaipfear an t‑iarmhar le gach gaoth; agus aithneoidh tú gur mise, an Tiarna, a labhair. 22Seo mar a deir an Tiarna Dia:
Ó bharr an chéadrais,
ón ngéag is airde de
gearrfaidh mé maothán
agus cuirfidh é ar shliabh ard beannach;
23ar bharr shliabh Iosrael a chuirfidh mé é.
Ginfidh sé géaga agus béarfaidh toradh,
agus beidh ina chéadras breá.
Cónóidh gach sórt éin faoi,
lonnóidh gach dúil sciathánach faoi scáth a ghéag.
24Agus tuigfidh gach crann sa pháirc
gur mise, an Tiarna,
a leagann an crann ard,
agus a thógann an ceann íseal,
a sheargann an crann glas
agus a bhláthaíonn an ceann críon.
Mise, an Tiarna; a labhair
agus déanfaidh mé beart dá réir.”

Currently Selected:

Eizicéil 17: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in