YouVersion Logo
Search Icon

Eizicéil 11

11
Pionós an Chúigir is Fiche
1Thóg an spiorad ansin mé agus rug mé go geata thoir Theampall an Tiarna, an geata a fhéachann soir. Ar an mbealach isteach ag an ngeata bhí cúigear fear is fiche agus ina measc chonaic mé Iázainia mac Azur agus Palaitia mac Bhanáiá, uachtaráin an phobail. 2“A mhic an duine,” arsan Tiarna, “seo lucht na drochchomhcheilge a thugann comhairle a haimhleasa don chathair seo; 3na daoine a deir: ‘[Nach bhfuil] sé in am againn tithe a thógáil? Is coire an chathair seo agus is sinne an fheoil.’ 4Dá bhrí sin, tairngir ina gcoinne, tairngir, a mhic an duine!” 5Tháinig spiorad an Tiarna anuas orm agus dúirt sé liom: “Abair: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Sin mar a mheasann sibh, a mhuintir Iosrael, mar tá fios bhur smaointe agamsa. 6Mhéadaigh sibh líon bhur marbh sa chathair seo, líon sibh na sráideanna le corpáin. 7Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna: Na mairbh a leag sibh inti, is iadsan an fheoil agus is í an chathair an coire; ach tá sé ar intinn agam sibh a thiomáint amach aisti. 8Bʼeagal libh an claíomh agus tabharfaidh mé an claíomh anuas oraibh–an Tiarna Dia a labhraíonn. 9Tiomáinfidh mé amach sibh, tabharfaidh mé suas do na coimhthígh sibh, agus gearrfaidh mé pionós oraibh. 10Titfidh sibh leis an gclaíomh ar thalamh Iosrael, gearrfaidh mé pionós oraibh agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna. 11Ní bheidh an chathair seo ina coire agaibh ná sibhse in bhur bhfeoil istigh; gearrfaidh mé pionós oraibh ar thalamh Iosrael, 12agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna. Níor shiúil sibh de réir mo reachtanna agus níor chomhlíon sibh mo dheasghnátha; ach chleacht sibh gnásanna na gciníocha máguaird.’ ”
13Tharla, agus mé ag tairngreacht, gur éag Palaitia mac Bhanáiá. Shléacht mé go talamh agus bhéic os ard: “A Thiarna Dia, an bhfuil sé leagtha amach agat iarmhar Iosrael a dhíothú?”
Iosrael Nua á Ghealladh
14Tháinig briathar an Tiarna chugam ansin: 15“A mhic an duine, do bhráithre–is é sin do dheartháireacha, fir do chine, muintir iomlán Iosrael–dúirt muintir Iarúsailéim leo: ‘Dʼimigh sibhse i bhfad ón Tiarna; is dúinne a tugadh an tír seo mar oidhreacht.’ 16Abair, dá bhrí sin: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cé gur theilg mé i bhfad uaim iad i measc na gciníocha agus gur scaip mé iad ar fud na dtíortha, ba shanctóir dóibh mé ar feadh tamaill sa tír ina ndeachaigh siad.’ 17Abair, dá bhrí sin: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cruinneoidh mé sibh ó na ciníocha, cruinneoidh mé sibh as na tíortha inar scaipeadh sibh agus bronnfaidh mé fearann Iosrael oraibh.’ 18Ar theacht ansin dóibh ruaigfidh siad glan idir uafáis agus imeachtaí gránna aisti. 19Tabharfaidh mé aon chroí amháin dóibh, cuirfidh mé spiorad úr isteach iontu: aistreoidh mé an croí cloiche óna gcorp agus tabharfaidh mé croí feola dóibh, 20ionas go siúlfaidh siad de réir mo reachtanna agus go gcomhlíonfaidh siad mo dheasghnátha gan faillí a dhéanamh; agus beidh siad ina bpobal agamsa agus mise i mo Dhia acusan. 21Ach i dtaobh an dreama a dtéann a gcroí sa tóir ar uafáis agus ar imeachtaí gránna, cúiteoidh mé a ngníomhartha leo féin–an Tiarna Dia a labhraíonn.”
Fágann Glóir an Tiarna Iarúsailéim
22Ansin spréigh na ceiribíní a sciatháin amach agus na rothaí lena n‑ais, agus bhí glóir an Tiarna os a gcionn. 23Dʼéirigh glóir an Tiarna ó lár na cathrach agus sheas ar an sliabh ar oirthear na cathrach. 24Thóg an spiorad mé agus rug mé i bhfís ó spiorad Dé go Caildéa, chuig na deoraithe. An fhís a chonaic mé dʼimigh sí ar shiúl uaim ansin, 25agus dʼinis mé do na deoraithe ar thaispeáin an Tiarna dom.

Currently Selected:

Eizicéil 11: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in