Eizicéil 12
12
Geáitsíocht an Eisimircigh
1Tháinig briathar an Tiarna chugam: 2“A mhic an duine, tá cónaí ort le dream ceannairceach a bhfuil radharc na súl acu ach nach bhfeiceann siad, a bhfuil cluas le héisteacht acu ach nach gcluineann siad; óir is ceannairceach an dream iad. 3Dá bhrí sin, a mhic an duine, bailigh leat mála taistil le haghaidh deoraíochta agus imigh leat amach de lá os comhair a súl; rachaidh tú ar deoraíocht ó dʼáit féin go háit eile os comhair a súl. Bʼfhéidir go dtuigfidh siad cé gur dream ceannairceach iad. 4Tabharfaidh tú do mhála taistil amach de lá os comhair a súl mar mhála taistil deoraí; agus imeoidh tú leat sa tráthnóna os a gcomhair mar a dhéanann fir a théann ar deoraíocht faoi éigean. 5Tochail tríd an mballa os a gcomhair agus amach leat tríd. 6Tógfaidh tú an mála taistil ar do ghualainn os a gcomhair agus tabharfaidh tú amach é sa dorchadas. Clúdóidh tú dʼaghaidh ionas nach bhfeicfidh tú an talamh; óir rinne mé comhartha díot do mhuintir Iosrael.’ ”
7Rinne mé mar a ordaíodh dom. Thug mé mo mhála taistil amach de lá amhail mála taistil deoraí, agus um tráthnóna thochail mé tríd an mballa le mo lámha féin. Chuaigh mé amach sa dorchadas ag iompar mo mhála ar mo ghualainn os a gcomhair.
8Tháinig briathar an Tiarna chugam ar maidin: 9“A mhic an duine, nár fhiafraigh muintir Iosrael, an dream ceannairceach sin, díot cad a bhí ar siúl agat? 10Abair leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Baineann an tairngreacht seo leis an uachtarán in Iarúsailéim agus le muintir uile Iosrael atá ansin.’ 11Abair: ‘Is comhartha mise daoibh: mar a rinne mise déanfar amhlaidh leosan; rachaidh siad ar deoraíocht, i mbraighdeanas.’ 12An t‑uachtarán ina measc tógfaidh sé a mhála taistil ar a ghualainn sa dorchadas agus imeoidh sé leis; tochlóidh sé tríd an mballa agus rachaidh sé amach. Clúdóidh sé a aghaidh ionas nach bhfeicfidh sé an talamh lena shúile. 13Leathnóidh mise mo líon air agus rachaidh sé i bhfostú i mo mhogall; tabharfaidh mé liom é go dtí an Bhablóin i dtír na gCaildéach, cé nach bhfeicfidh sé é; agus gheobhaidh sé bás ansin. 14Agus cách dá bhfuil thart air idir chúntóirí agus thrúpaí, scaipfidh mé iad le gach gaoth agus nochtfaidh mé claíomh ina ndiaidh. 15Tuigfidh siad gur mise an Tiarna nuair a ruaigfidh mé iad ar fud na dtíortha. 16Ach fágfaidh mé beagán acu saor ón gclaíomh, ón ngorta agus ón bplá, ionas go n‑admhóidh siad a n‑imeachtaí gránna uile ar fud na gciníocha mar a dtéann siad, agus go dtuigfidh siad gur mise an Tiarna.”
17Lena chois sin tháinig briathar an Tiarna chugam: 18“A mhic an duine, bí ar crith agus tú ag ithe do chuid aráin; bíodh eagla dʼanama ort agus tú ag ól uisce. 19Abair le pobal na tíre: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia faoi áitritheoirí Iarúsailéim i dtír Iosrael: Íosfaidh siad a n‑arán le faitíos agus ólfaidh siad a n‑uisce le huafás, toisc go mbeidh an tír ina fásach lom ó fhoréigean na n‑áitritheoirí. 20Bánófar na cathracha cónaithe agus scriosfar an tír; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.’ ”
Fonóid Faoin Tairngreacht
21Tháinig briathar an Tiarna chugam: 22“A mhic an duine, cad é an seanfhocal úd atá agaibh i dtír Iosrael a deir: ‘Éiríonn na laethanta fada agus tagann deireadh le gach fís’? 23Abair leo, dá bhrí sin: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cuirfidh mise deireadh leis an seanfhocal seo agus ní bhainfidh siad feidhm as mar sheanfhocal níos mó in Iosrael.’ Ach abair leo: ‘Tá na laethanta ar láimh agus cuirfear gach fís i gcrích. 24Óir ní bheidh feasta i measc mhuintir Iosrael fís bhaoth ná tairngreacht bhréige. 25Ach mise, an Tiarna, a labhróidh an briathar agus cuirfear i gcrích é. Ní bheidh a thuilleadh cairde ann; ach, a dhream cheannaircigh, labhróidh mé an briathar agus cuirfidh i gcrích é le bhur linn–an Tiarna Dia a labhraíonn.’ ”
26Tháinig briathar an Tiarna chugam arís: 27“A mhic an duine, féach, deir muintir Iosrael: ‘An fhís a fheiceann sé tá sí mórán laethanta uainn fós; tairngríonn sé faoi am i bhfad romhainn.’ 28Dá bhrí sin, abair leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ní chuirfear aon chuid de mo bhriathra ar cairde a thuilleadh, ach an briathar a labhraím cuirfear i gcrích é–an Tiarna Dia a labhraíonn.’ ”
Currently Selected:
Eizicéil 12: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.