Eaxodus 40
40
An Sanctóir á Thógáil agus á Choisreacan
1Labhair an Tiarna le Maois: 2“Ar an gcéad lá den chéad mhí,” ar sé, “déanfaidh tú taibearnacal Bhoth na Teagmhála a thógáil. 3Cuir ann áirc na Fianaise, agus folaigh an áirc leis an bhfial. 4Tabhair an bord isteach; cóirigh a bhfuil le heagrú air, agus tabhair isteach an coinnleoir agus cóirigh a lampaí. 5Cuir an altóir óir don túis os comhair áirc na Fianaise, agus cuir suas an scáthlán mar chomhla ar dhoras an taibearnacail. 6Cuir altóir an uileloiscthe os comhair dhoras thaibearnacal Bhoth na Teagmhála 7agus cuir an t‑umar idir Both na Teagmhála agus an altóir agus líon dʼuisce é. 8Cuir suas fál na faiche mórthimpeall agus croch an scáthlán mar gheata ar an bhfaiche. 9Glac chugat an criosma ansin agus déan an taibearnacal agus gach a bhfuil ann a ungadh, agus coisric é féin agus a ghréithe go léir dʼfhonn áit naofa a dhéanamh de. 10Déan altóir an uileloiscthe a ungadh chomh maith, agus a gréithe go léir, agus coisric an altóir agus beidh sí sárnaofa feasta. 11Déan an t‑umar agus a bhonn a ungadh agus a choisreacan. 12Beir leat Árón agus a mhaca go doras Bhoth na Teagmhála agus nigh le huisce iad, 13agus cuir na héidí naofa ar Árón agus déan é a ungadh agus a choisreacan le fónamh dom mar shagart. 14Beir a mhic isteach chomh maith agus cuir ionair umpu, 15agus déan iad a ungadh dála a n‑athar, dʼfhonn go ndéanfaidís fónamh dom mar shagairt. An t‑ungadh seo a dhéanfaidh tú orthu, bronnfaidh sé sagartacht shíoraí orthu ó ghlúin go glúin.”
Na hOrduithe á gcur i gCrích
16Rinne Maois amhlaidh; rinne sé sa tslánchruinne mar a dʼordaigh an Tiarna dó. 17An chéad mhí den dara bliain, an chéad lá den mhí sin, cuireadh suas an taibearnacal, 18Maois a thóg an taibearnacal, a leag a cheapa, a chuir suas a fhrámaí, agus a dʼardaigh a phollaí. 19Leath sé an bhoth ar an taibearnacal, agus ar a bharrsan díon na botha mar a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois. 20Ghlac sé chuige an Fhianaise agus chuir san áirc í, chuir sé na cuaillí leis an áirc agus chuir cathaoir na trócaire ina luí ar an áirc; 21thug sé an áirc isteach sa taibearnacal, chuir an fial folaithe i bhfearas, agus dʼfholaigh sé áirc na Fianaise mar a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois.
22Chuir sé an bord i mBoth na Teagmhála, ar an taobh thuaidh den taibearnacal, lasmuigh den fhial, 23agus leag an t‑arán air, cóirithe i láthair an Tiarna, faoi mar a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois. 24Chuir sé an coinnleoir i mBoth na Teagmhála, os comhair an bhoird ar an taobh theas den taibearnacal, 25agus chóirigh na lampaí i láthair an Tiarna mar a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois. 26Chuir sé an altóir óir i mBoth na Teagmhála os comhair an fhéil, 27agus loisc sé túis chumhra uirthi, faoi mar a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois. 28Chuir sé an scáthlán ar dhoras an taibearnacail i bhfearas. 29Chuir sé suas altóir an uileloiscthe ag doras thaibearnacal Bhoth na Teagmhála, agus dʼofráil sé uirthi an ofráil loiscthe agus an abhlann, mar a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois. 30Leag sé an t‑umar idir Both na Teagmhala agus an altóir, agus líon é le huisce ionlaithe, 31le go nífeadh Árón agus a chlann mhac a lámha agus a gcosa leis; 32nuair a théidís isteach i mBoth na Teagmhála, nó nuair a théidís i gcóngar na haltóra, nídís iad féin, faoi mar a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois. 33Ansin chuir sé fál na faiche timpeall an taibearnacail agus na haltóra, agus chroch an scáthlán mar gheata ar an bhfaiche. Chuir Maois an clabhsúr ar an saothar amhlaidh sin.
An Tiarna ag Gabháil Seilbhe
34Chlúdaigh an néal Both na Teagmhála, agus líon glóir an Tiarna an taibearnaca. 35Níor fhéad Maois dul isteach i mBoth na Teagmhála mar gur luigh an néal uirthi agus gur líon glóir an Tiarna an taibearnacal.
An Néal á dTreorú
36Gach céim dá n‑aistear, aon uair a ardaítí an néal ón taibearnacal, chuireadh clann Iosrael chun siúil arís. 37Mura n‑ardófaí an néal, dʼfhanaidís gan bogadh ar aghaidh go dtí go ndéanfaí. 38Óir luíodh néal an Tiarna ar an taibearnacal sa lá, agus bhíodh tine ar lasadh ann san oíche, agus sin le feiceáil ag teaghlach Iosrael go léir, gach céim dá n‑aistear.
Currently Selected:
Eaxodus 40: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.