YouVersion Logo
Search Icon

Eaxodus 39

39
An tÉafód
1Rinne siad éidí slachtmhara do sheirbhís an tsanctóra den ábhar gorm agus corcra agus craorag [agus den línéadach cas mín]. Rinneadar na héidí naofa do Árón mar a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois.
2Rinneadar an t‑éafód dʼór agus dʼábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas. 3Bhuaileadar an t‑ór ina lanna caola agus gearradh ina snáthanna é le hinleadh san ábhar gorm agus corcra agus craorag agus sa linéadach mín cas i ndearadh slachtmhar. 4Rinneadar guailleáin don éafód, ceangailte dá dhá imeall á choimeád le chéile. 5An crios fite a bhí air á choimeád bhí sé den ábhar céanna agus den déantús céanna, dʼór, dʼábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach cas mín, mar a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois. 6Dhearadar clocha oinisce agus luíodar iad i leapacha de fhiolagráin óir agus ghreanadar orthu, mar a dhéanfaí ar shéala, ainmneacha chlann Iosrael. 7Chuir sé iad ar ghuailleáin an éafód le bheith ina gclocha cuimhne ar chlann Iosrael, mar a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois.
Lúireach an Bhreithiúnais
8Rinne sé an lúireach dʼobair shlachtmhar; rinne sé í ar dhéantús an éafód, dʼór agus dʼábhar gorm agus corcra agus craorag, agus de línéadach mín cas. 9Bhí sí cearnógach, fillte uirthi féin, réise ar fad agus réise ar leithead. 10Leagadar ceithre shraith cloch inti: sard, tópas, agus carmhogal sa chéad sraith; 11smaragaid, saifír, agus diamant sa dara sraith; 12iasaint, agáit, agus aimitis sa tríú sraith; 13beiril, oinisc agus seaspar sa cheathrú sraith. Bhíodar go léir luite ar leaba dʼfhiolagrán óir. 14Bhí ainmneacha chlann Iosrael orthu, agus a dó dhéag a líon de réir líon na n‑ainmneacha. Bhíodar greanta mar a bheadh séalaí, a ainm féin greanta ar gach ceann, ag freagairt don dá threibh déag. 15Rinneadar dhá shlabhra dʼór fíre, fite mar chorda, don lúireach. 16Agus rinneadar dhá chnota dʼfhiolagrán óir agus dhá fháinne óir agus chuireadar an dá fháinne ar dhá imeall na lúirí, 17agus chuireadar an dá shlabhra óir sa dá fháinne ag imill na lúirí. 18Cheanglaíodar dhá cheann eile na slabhraí don dá chnota fíolagráin i slí is gur ghreamaíodar iad de ghuailleáin an éafód chun tosaigh. 19Rinneadar dhá fháinne óir agus ghreamaíodar iad do dhá chúinne íochtaracha na lúirí, ar an bhfáithim laistigh le hais an éafód. 20Agus rinneadar dhá fháinne óir eile agus ghreamaíodar iad dʼíochtar dhá ghuailleán an éafód in aice leis an gceangal, lastuas de chrios fite an éafód. 21Cheanglaíodar an lúireach don éafód le lása gorm trína bhfáinní araon, i dtreo gur luigh sí ar chrios fite an éafód agus nár scar an lúireach ón éafód, faoi mar a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois.
An Fhallaing
22Ansin rinneadar fallaing an éafód go léir a fhí dʼábhar gorm. 23Bhí an oscailt ina lár dála muiníl chathéide; timpeall na hoscailte bhí fáithim dʼfhonn nach sracfaí an fhallaing. 24Ar a fáithim íochtair bhí maisiú de phomagránaití, dʼábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas. 25Rinneadar chomh maith cloigíní dʼór fíre agus chuireadar timpeall fáithime íochtaraí na fallainge iad idir na pomagránaití; 26bhí cloigíní agus pomagránaití, gach re ceann, timpeall fáithim íochtarach fhallaing na seirbhíse mar a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois.
Éidí na Sagart
27Ansin rinneadar na hionair chomh maith, fite as línéadach mín, dʼÁrón agus dá mhic; 28agus an cheannbheart de línéadach mín agus na boinéid de líneadach mín, agus na brístí línéadaigh de línéadach mín cas, 29agus an crios de línéadach mín cas agus de ábhar gorm agus corcra agus craorag, maisithe le hobair shnáthaide, faoi mar a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois. 30Rinneadar mar an gcéanna an lann don choróin naofa, dʼór fíre agus “Naofa don Tiarna” greanta uirthi, faoi mar a dhéanfadh duine ar shéala. 31Ghreamaíodar lása glas dó seo á cheangal den cheannbheart lastuas, faoi mar a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois.
32Críochnaíodh ar an gcuma sin obair uile an taibearnacail agus Bhoth na Teagmhála; bhí gach ní déanta ag clann Iosrael; díreach mar a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois is ea a rinneadar.
An Toradh á Chur i Láthair Mhaois
33Thugadar an taibearnacal go dtí Maois, agus an Bhoth agus a gréithe, a naisc, a frámaí, a bataí, a pollaí, a ceapa; 34an díon de sheithí coirtithe reithe agus de sheithí gabhar, agus fial na cléithe; 35áirc na Fianaise lena cuaillí agus lena cathaoir thrócaire; 36an bord lena ghréithe go léir agus arán na láithreachta; 37an coinnleoir dʼór fíre lena lampaí–na lampaí a bhí le cur ann–agus lena ghréithe go léir; an ola don solas; 38an altóir óir, an criosma, an túis chumhra, agus an scáthlán do dhoras na botha; 39an altóir chré-umha lena gráta de chré-umha, a cuaillí agus a gréithe go léir; an t‑umar agus a bhonn; 40na brait don fhaiche, a pollaí agus a ceapa, an scáthlán do gheata na faiche, a shlabhraí agus a phionnaí; agus na gréithe go léir don tseirbhís sa taibearnacal, do Bhoth na Teagmhála; 41na heidí dea-dhéanta don tseirbhís san áit naofa, na héidí naofa dʼÁrón an sagart agus na héidí dá mhic le fónamh mar shagairt. 42Bhí an obair go léir déanta ag clann Iosrael sa tslánchruinne faoi mar a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois. 43Dʼiniúch Maois an obair go léir agus ba léir dó go raibh sé go léir déanta acu mar a dʼordaigh an Tiarna. Bheannaigh Maois iad.

Currently Selected:

Eaxodus 39: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in