YouVersion Logo
Search Icon

Léivític 1

1
Uileloscadh
1Ghlaoigh an Tiarna ar Mhaois agus labhair leis ó Bhoth na Teagmhála á rá: 2“Labhair le clann Iosrael agus abair leo:
Nuair a thagann duine agaibh le hofráil don Tiarna tugaigí bhur n‑ainmhí le hofráil on táin nó ón tréad. 3Más beithíoch ón táin atá á ofráil aige ina íobairt uileloiscthe, ofráladh sé fireannach gan mháchail, agus ofráladh sé é ag doras Bhoth na Teagmhála i dtreo go mbeadh sé taitneamhach i láthair an Tiarna. 4Leagadh sé lámh ar cheann an íobarthaigh le loscadh agus glacfar leis mar shás leorghnímh dó. 5Ansin maraíodh sé an tarbh i láthair an Tiarna agus déanfaidh clann Árón, na sagairt, an fhuil a ofráil. Déanfaidh siad í a dhoirteadh ar imill na haltóra atá ag doras Bhoth na Teagmhála. 6Déanadh sé an t‑íobarthach a fheannadh ansin agus a ghearradh ina phíosaí. 7Cuireadh clann Árón, na sagairt, tine ar an altóir, agus cóirídís brosna ar an tine sin. 8Leagadh clann Árón, na sagairt, na píosaí, agus an ceann, agus an tsaill in ord ar an mbrosna ar an tine ar an altóir. 9Ach a ionathar, agus a chosa, níodh sé in uisce iad agus dódh an sagart an t‑iomlán ar an altóir. Beidh an t‑uileloisctheach seo ina íobairt dhóite agus beidh a chumhracht taitneamhach leis an Tiarna.
10Más ainmhí ón tréad, ceann de na caoirigh nó de na gabhair, a bheidh le hofráil aige le huileloscadh, ofráladh sé fireannach gan mháchail. 11Maraíodh sé é ar an taobh thuaidh den altóir, i láthair an Tiarna agus déanfaidh clann Árón, na sagairt, an fhuil a dhoirteadh ar imill na haltóra. 12Gearradh sé ina phíosaí é, leis an gceann agus an tsaill, agus cóiríodh an sagart na píosaí, ar an mbrosna ar an tine ar an altóir. 13Ach a ionathar agus na cosa, níodh sé in uisce iad agus ofráladh agus dódh an sagart an t‑iomlán ar an altóir. Beidh an t‑uileloisctheach seo ina íobairt dhóite agus beidh a chumhracht taitneamhach leis an Tiarna.
14Más éanlaith a bheidh le huileloscadh aige mar íobairt don Tiarna, tugadh sé a ofráil de choilm nó de ghearrcaigh cholúir. 15Déanadh an sagart é a ofráil ag an altóir, agus a cheann a stoitheadh de agus é sin a dhó ar an altóir. Fáisceadh sé an fhuil as ar thaobh na haltóra. 16Ansin baineadh sé an eagaois as agus na cleití de, agus iad a chaitheamh láimh leis an altóir ar an taobh thoir mar a gcuirtear an luaithreach. 17Stolladh sé ina dhá leath é, le sciathán ar gach taobh, ach ná scaradh sé an dá chuid ó chéile. Dódh an sagart ar an altóir ansin é ar an mbrosna ar an tine. Beidh an t‑uileloisctheach seo ina íobairt dhóite, agus beidh a chumhracht taitneamhach leis an Tiarna.

Currently Selected:

Léivític 1: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Léivític 1