YouVersion Logo
Search Icon

Deotranaimí 9

9
Leis an Tiarna an Bua
1“Éist, a Iosrael! Tá tú ar tí dul thar an Iordáin inniu, chun ciníocha is mó agus is treise ná thú féin a chur as seilbh agus cathracha móra atá daingnithe go hard na spéire a ghabháil. 2Árrachtaigh mhóra arda clann seo Anácaím mar is eol duit; chuala tú an nath ina dtaobh: ‘Cé a dʼfhéadfadh seasamh in aghaidh chlann Anác?’ 3Bí deimhin de dá bhrí sin inniu gurb é an Tiarna féin, do Dhia, a rachaidh romhat, mar thine loiscneach; scriosfaidh sé iad agus cloífidh sé romhat iad; déanfaidh tú iad a dhíbirt dá bhrí sin agus a mharú gan mhoill faoi mar a gheall an Tiarna duit. 4Ná habair i do chroí tar éis don Tiarna do Dhia iad a dhíbirt romhat: ‘Is de bharr mo fhíréantachta féin a chuir an Tiarna i seilbh na tíre seo mé,’ tráth is gur de bharr a gcoirpeachta atá an Tiarna ag díbirt na gciníocha sin romhat. 5Ní de bharr do fhíréantachta ná do dhúthracht croí atá tú ag dul i seilbh na tíre seo leo, ach de bharr choirpeacht na gciníocha seo tá an Tiarna do Dhia á dhíbirt romhat agus chun go gcoimeádfadh sé an briathar a mhionnaigh sé do dʼaithreacha dʼAbrahám, dʼÍosác, agus do Iacób. 6Bí lándeimhin de, más ea, nach de bharr do fhíréantachta atá an fearann fónta seo á thabhairt duit mar shealúchas ag an Tiarna do Dhia, óir is ceanndána an pobal thú.
Horaeb
7“Cuimhnigh air agus ná déan dearmad de conas mar a ghriog tú an Tiarna do Dhia chun feirge san fhásach. Ón lá a tháinig tú amach as tír na hÉigipte go dtí gur tháinig tú chun na háite seo, bhí sibh i gceannairc in aghaidh an Tiarna. 8Fiú ag Horaeb, ghriog tú an Tiarna agus bhí an Tiarna i bhfearg leat chomh mór sin go raibh sé ullamh sibh a mhilleadh. 9Ghabh mé suas faoin sliabh chun na cláir chloiche, cláir an chonartha a bhí an Tiarna a dhéanamh libh, a fháil. Dʼfhan mé daichead lá agus daichead oíche ar an sliabh, gan greim bia a ithe nó bolgam uisce a ól. 10Thug an Tiarna an dá chlár chloiche dom, agus inscríbhinn ó mhéar Dé orthu, agus na briathra go léir orthu a labhair an Tiarna libh ar an sliabh ó lár na tine lá an Tionóil. 11Agus ag deireadh an daichead lá agus an daichead oíche, tar éis dó an dá chlár chloiche, cláir an chonartha, a thabhairt dom, 12dúirt an Tiarna liom: ‘Fág an áit seo agus imigh leat síos go tapa, óir an pobal a thug tú amach as an Éigipt, tá feall déanta acu. Ba bheag an mhoill orthu claonadh ón tslí a dʼaithin mé dóibh; tá íol de mhiotal leáite déanta acu dóibh féin.’ 13Ansin lean an Tiarna air agus dúirt liom: ‘Chonaic mé an pobal seo, agus cad é mar phobal ceanndána iad! 14Lig dom iad a mhilleadh, agus a n‑ainm a scrios ó faoi neamh, agus náisiún is treise agus is mó ná iad a dhéanamh díot.’ 15Chas mé agus síos liom ón sliabh arís agus bhí an sliabh faoi bharr lasrach agus bhí dhá chlár an chonartha i mo lámha. 16Dʼfhéach mé uaim, agus bʼshiúd sibhse agus peaca déanta agaibh in aghaidh an Tiarna bhur nDia; bhí lao de mhiotal leáite déanta agaibh daoibh féin; níorbh fhada an mhoill oraibh claonadh ón tslí a dʼaithin an Tiarna daoibh. 17Rug mé greim dá bhrí sin ar an dá chlár agus chaith mé síos le mo dhá láimh iad agus bhris os bhur gcomhair iad. 18Ansin thit mé ar mo bhéal agus ar mo fhiacla i láthair an Tiarna; dála na huaire roimhe sin, chaith mé daichead lá agus daichead oíche mar sin gan greim bia a ithe, ná bolgam uisce a ól, ar son an pheaca go léir a rinne sibh ag déanamh cionta is fuath leis an Tiarna, agus á ghríogadh chun feirge. 19Ba eagal liom an cuthach agus an fraoch feirge a spreag an Tiarna chomh mór sin i bhur n‑aghaidh, go raibh fonn air sibh a scrios. Ach dʼéist an Tiarna liom an uair sin leis. 20Bhí an Tiarna i bhfeirg le hÁrón chomh maith, agus réidh le hé a scrios, agus ghuigh mé ar son Árón chomh maith. 21Ansin thóg mé an saothar peaca, an lao a bhí déanta agaibh, agus rinne mé é a loscadh agus a bhriseadh ina smidiríní, agus a mheilt ina luaithreach mín, agus a luaithreach a chaitheamh sa sruthán a shníonn ón sliabh anuas.
Tabaerá
22“Chuir sibh fearg chomh maith ar an Tiarna ag Tabaerá agus ag Masá agus ag Ciobrot Hatavá. 23Agus nuair ab áil leis an Tiarna go bhfágfadh sibh Cáidéis Bairnéa, á rá: ‘Suas libh agus gabhaigí seilbh ar an tír a thug mé daoibh,’ ansin rinne sibh ceannairc in aghaidh ordú an Tiarna bhur nDia; níor chreid sibh ann ná níor éist sibh lena ghlór. 24Tá sibh i gceannairc in aghaidh an Tiarna ón lá a chuir mé aithne oraibh.
25“Thit mé ar mo bhéal agus ar mo fhiacla os comhair an Tiarna agus dʼfhan mé mar sin ar feadh an daichead lá agus an daichead oíche sin mar dúirt an Tiarna go scriosfadh sé sibh. 26Ghuigh mé chun an Tiarna dá bhrí sin: ‘A Thiarna Dia,’ arsa mé, ‘ná scrios do phobal, dʼoidhreacht a dʼfhuascail tú le do mhórgacht, agus a thug tú amach as an Éigipt le do láimh láidir. 27Cuimhnigh ar do shearbhóntaí, ar Abrahám, ar Íosác, agus ar Iacób; ná tabhair aon aird ar cheanndáine an phobail seo, ar a gcoirpeacht ná ar a bpeaca, 28i dtreo nach mbeadh sé á rá sa tír ónar thug tú sinn: “Toisc nárbh fhéidir don Tiarna iad a thabhairt isteach sa tír a gheall sé dóibh, agus toisc go raibh an ghráin aige orthu a thug sé amach iad, le hiad a chur chun báis san fhásach.” 29Ach is iad do phobal iad, agus dʼoidhreacht, a thug tú amach le do neart agus do chumas agus le do ghéag ar tinneall.’

Currently Selected:

Deotranaimí 9: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in