Deotranaimí 10
10
An Áirc–Clann Léiví
1“San am sin dúirt an Tiarna liom: ‘Snoigh dhá chlár chloiche mar na chéad chinn agus tar aníos ar an sliabh chugam. Déan áirc adhmaid. 2Déanfaidh mé na briathra a bhí ar na chéad chláir a bhris tú a inscríobh ar na cláir agus cuirfidh tusa san áirc iad.’ 3Rinne mé dá bhrí sin áirc den chrann sitím agus shnoigh mé dhá chlár chloiche mar na chéad chinn, agus ghabh mé suas faoin sliabh agus an dá chlár i mo láimh. 4Ansin dʼinscríobh sé ar an dá chlár, faoi mar a rinne a inscríobh an chéad uair, na Deich nAitheanta a labhair an Tiarna libh ar an sliabh ó chroí na tine lá an Tionóil. Ansin thug an Tiarna dom iad. 5Dʼfhill mé ansin agus anuas liom ón sliabh agus chuir mé na cláir san áirc a bhí déanta agam, agus is ansiúd dóibh fós faoi mar a dʼordaigh an Tiarna dom.
6(Chuir clann Iosrael chun bealaigh ó thoibreacha Bheiné Iácán go Mósaerá mar a bhfuair Árón bás; adhlacadh ansiúd é agus ghabh a mhac Eileázár a áit mar shagart. 7Chuadar as sin go Gudgodá agus ó Ghudgodá go Iotbátá, dúiche le srutháin uisce. 8Ansin is ea a roghnaigh an Tiarna treibh Léiví chun áirc chonradh an Tiarna a iompar, chun seasamh i láthair an Tiarna, chun fónamh dó, agus chun a ainm a bheannú mar a dhéanann siad go dtí inniu féin. 9Tá Léiví dá bhrí sin gan páirt na oidhreacht lena bhráithre; an Tiarna a oidhreacht, faoi mar a gheall an Tiarna do Dhia dó.)
10“Dʼfhan mise ar an sliabh, dála na huaire eile, daichead lá agus daichead oíche. Agus dʼéist an Tiarna arís le mo ghuí agus níorbh áil leis thú a mhilleadh. 11Agus dúirt an Tiarna liom: ‘Éirigh! Téigh ar aghaidh ar cheann an phobail seo i dtreo go rachaidís isteach agus seilbh a ghabháil ar an tír a mhionnaigh mé dá n‑aithreacha a thabharfainn dóibh.’
Aithrí–Ceachtanna–Geallúintí
12“Anois, a Iosrael, cad a éilíonn an Tiarna do Dhia ort ach eagla an Tiarna do Dhia a bheith ort agus siúl ina bhealaí go léir, agus grá a thabhairt dó agus seirbhís a thabhairt don Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó dʼanam go hiomlán, 13agus aitheanta agus dlíthe an Tiarna, a ordaím duit inniu ar mhaithe leat, a choimeád. 14Is leis an Tiarna do Dhia na flaithis agus flaithis na bhflaitheas, an domhan agus gach a bhfuil ann. 15Is iad dʼaithreacha, áfach, a ghlac an Tiarna i gcochall a chroí le barr grá; agus ina ndiaidh, thogh sé a sliocht, sibhse féin thar na ciníocha go léir mar a dhéanann inniu féin. 16Déanaigí dá bhrí sin bhur gcroí a thimpeallghearradh, agus na bígí ceanndána a thuilleadh. 17Óir is é an Tiarna bhur nDia Dia na ndéithe, agus Tiarna na dtiarnaí, an Neach mór, caithréimeach, uafar, thar gach leathchuma agus thar gach breab. 18Eisean a chuireann an chóir i bhfeidhm don dílleachta agus don bhaintreach; a thugann grá don deoraí agus a bhronnann air bia agus éadach. 19Tugaigí grá don deoraí dá bhrí sin, mar ba dheoraithe sibh féin i dtír na hÉigipte. 20Bíodh eagla an Tiarna do Dhia ort; déan seirbhís dó agus cloígh leis, agus is dar a ainm a thabharfaidh tú mionn. 21Eisean amháin atá le moladh agat; eisean do Dhia; ar do shonsa a rinne sé na nithe móra uafásacha seo a chonaic tú le do shúile cinn. 22Fág nach raibh ach deichniúr agus trí fichid díobh ann nuair a ghabh dʼaithreacha ó dheas isteach san Éigipt, rinne an Tiarna do Dhia chomh líonmhar le réaltaí neimhe thú.
Currently Selected:
Deotranaimí 10: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.