YouVersion Logo
Search Icon

Deotranaimí 8

8
An Fásach
1“Na haitheanta go léir a ordaím duit inniu, ní foláir duit iad a choimeád agus a chomhlíonadh, dʼfhonn go mbeadh an bheatha agaibh agus go rachadh sibh i líonmhaire agus dul isteach agus seilbh a fháil ar an tír a mhionnaigh an Tiarna a thabharfadh sé do bhur n‑aithreacha. 2Agus cuimhnigh ar an gcaoi go léir ar threoraigh an Tiarna do Dhia thú le daichead bliain san fhásach, dʼfhonn tú a umhlú, tú a phromhadh, agus eolas a chur ar rún do chroí féachaint an gcoimeádfá a aitheanta nó nach ndéanfá. 3Dʼumhlaigh sé thú agus dʼfhág ocrach thú agus chothaigh thú le manna nárbh eol duit féin ná do dʼaithreacha, dʼfhonn é a chur in iúl duit nach ar arán amháin a mhaireann an duine, ach go maireann an duine ar gach ní a thagann ó bhéal Dé. 4Ní dheachaigh caitheamh ar an éadach ar do dhroim, ná níor tháinig at ar do chosa, i gcaitheamh an daichead bliain sin. 5Bíodh a fhios agat as sin go raibh an Tiarna do Dhia do do oiliúint mar a dʼoilfeadh fear a mhac. 6Coinnigh dá bhrí sin aitheanta an Tiarna do Dhia, agus lean a chosáin agus bíodh urraim agat dó.
Tír Tairngire
7Óir tá an Tiarna do Dhia do do thabhairt isteach i dtír fhónta, tír sruthán agus toibreacha, agus foinsí ag brúchtaíl aníos i ngleannta agus ar shléibhte, 8tír chruithneachta agus eorna, fíniúna agus figí agus pomagránaití, tír ológ agus ola agus meala, 9tír ina mbeidh arán gan ghannchúis le hithe agat gan aon ní in easnamh ort ann, tír arb iarann a chlocha agus ar féidir leat copar a bhaint as a shléibhte. 10Íosfaidh tú agus beidh do sháith agat agus beannóidh tú an Tiarna do Dhia ar son an fhearainn fhónta a thug sé duit.
11“Bí ar dʼaire agus ná déan dearmad ar an Tiarna do Dhia le faillí a dhéanamh ina aitheanta, a reachtanna agus a dhlíthe de réir mar a ordaím duit inniu. 12Nuair a bheidh bia ite agat agus go mbeidh tú lán, agus nuair a thógfaidh tú tithe móra agus cónaí iontu, 13nuair a thiocfaidh breis ar do tháinte agus ar do thréada, agus breis ar do airgead agus ar dʼór agus breis ar do mhaoin go léir, 14ná tagadh uaill i do chroí. Ná déan dearmad ansin ar an Tiarna do Dhia a thug amach thú as tír na hÉigipte, as teach na daoirse; 15a threoraigh thú tríd an bhfásach mór uafásach seo, dúiche nathracha tintí agus scairpeanna, agus tarta; a thug uisce as an gcarraig chrua san áit róthirim seo; 16a chothaigh san fhásach thú le manna nárbh eol do dʼaithreacha, dʼfhonn go n‑úmhlódh sé thú agus tú a phromhadh agus tairbhe a dhéanamh duit i ndeireadh na dála. 17Seachain agus ná habair i do chroí istigh: ‘Is é mo chumas féin agus neart mo láimhe a ghnóthaigh an saibhreas seo dom.’ 18Cuimhnigh ar an Tiarna do Dhia óir is é a thug an cumas seo duit agus a ghnóthaigh an saibhreas seo duit; agus choimeád sé ar an gcaoi sin an conradh a mhionnaigh sé do dʼaithreacha, mar a dhéanann fós inniu. 19Má dhéanann tú dearmad ar an Tiarna do Dhia, má leanann tú déithe eile agus seirbhís a dhéanamh dóibh agus iad a adhradh, tóg uaimse anois é, bí deimhin de go scriosfar sibh. 20Scriosfar sibh dála na gciníocha atá le díothú romhaibh ag an Tiarna, toisc gan éisteacht le glór an Tiarna bhur nDia.

Currently Selected:

Deotranaimí 8: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in