Deotranaimí 33
33
Beannacht Mhaois
1Seo í an bheannacht lenar bheannaigh Maois, giolla Dé, clann Iosrael roimh bhás dó. 2Dúirt sé:
Tháinig an Tiarna ó Shíonái,
agus dʼéirigh chucu thar íor na spéire ó Shaeír.
Dealraigh sé ó Shliabh Phárán;
tháinig sé ag triall orthu tar éis an tionóil i gCáidéis,
ó uachtar neimhe go himeall na gcnoc.
3Tusa a ghráigh na haithreacha,
is i do láimh atá na naoimh go léir.
Thiteadar ag do chosa,
agus chuadar ar aghaidh go mear faoi do threoir.
4(Leag Maois dlí orainn.)
Tá comhthionól Iacóib ag dul i seilbh a oidhreachta.
5Bhí rí in Isiriún,
nuair a thionóil ceannairí an phobail,
agus go raibh treibheanna uile Iacóib le chéile.
6Go maire Reúbaen agus nár fhaighe bás,
go maire chomh maith a bheagán slua.
7Dúirt sé mar leanas faoi Iúdá:
Éist, a Thiarna, le glor Iúdá,
agus beir ar ais chun a mhuintire é,
go gcosnaí a lámha a chearta,
agus go dtaga i gcabhair air in aghaidh a naimhde.
8Dúirt sé faoi Léiví:
Tabhair do Léiví do Úirím,
agus do Thuimím don té dá dtug tú gean,
tar éis duit é a phromhadh ag Masá,
agus bheith ag spairn leis ag Miríbeá,
9Dúirt sé faoina athair agus faoina mháthair:
“Ní fhaca mé iad.”
Ní aithnid dó a bhráithre,
ná níl aithne aige ar a chlann.
Sea, chomhlíonadar do bhriathar,
agus choimeádadar do chonradh go daingean.
10Déanann siad do reachtanna a theagasc do Iacób,
agus do dhlí do Iosrael.
Seolann siad túis i do láthair,
agus leagann siad an íobairt uileloiscthe ar dʼaltóir.
11A Thiarna, beannaigh a mhaoin
agus glac le saothar a lámh.
Basc leasracha a naimhde
agus a eascairde, ionas nach n‑éireoidh siad arís.
12Dúirt sé faoi Bhiniáimin:
An té is ionúin leis an Tiarna,
tá cónaí air gan bhaol ina fharraid.
Cumhdaíonn an Té is Airde é ó lá go lá
agus lonnaíonn sé ar leicne a shléibhte.
13Dúirt sé faoi Iósaef:
Go mbeannaí an Tiarna a fhearann,
le togha dhrúcht neimhe,
agus le togha an duibheagáin atá ag cúbadh thíos,
14le togha thorthaí na gréine,
agus fhómhar trom gach míosa,
15le togha thoradh na gcnoc ársa,
agus le flúirse ó na sléibhte ciana,
16le togha thoradh na talún agus a bhfuil ann,
le gean an té a lonnaigh sa Tor.
Go bhfása an ghruaig go tiubh ar mhullach cheann Iósaef,
an té a coisriceadh i measc a bhráithre.
17Céadghin an tairbh, is leis an ghlóir.
Adharca daimh allta a adharca
agus leosan sánn sé na pobail go léir
go himill an domhain.
Is mar sin leis na mílte ar mhílte dʼEafráim,
is mar sin le mílte Mhanaise.
18Dúirt sé faoi Zabúlun:
Bíodh lúcháir ort, a Zabúlun, ag taisteal duit i gcéin,
agus ortsa, a Íosácár, i do bhothanna.
19Déanann siad íobairtí conáigh,
ar an sliabh ar a bhfuil triall na ndaoine ag guí;
óir blaiseann siad saibhreas na mara,
agus an mhaoin folaithe sa ghaineamh.
20Dúirt sé faoi Ghád:
Beannacht ar an té a fhágann a dhóthain slí ag Gád!
Luíonn sé mar bhanleon;
stoll sé géag, ceannaithe, agus baithis.
21Thogh sé an chéad roinn dó féin,
mar bhí mír cheannaire in áirithe ansiúd.
Tháinig sé mar cheannaire ar an bpobal;
aitheanta agus reachtanna córa an Tiarna,
chuir sé i bhfeidhm ar Iosrael iad.
22Dúirt sé faoi Dhán:
Coileán leoin é Dán,
ag lingeadh ó Bháiseán.
23Dúirt sé faoi Naftáilí:
A Naftáilí, ar do shástacht le fabhair,
agus lán de bheannachtaí an Tiarna,
bíodh an loch agus an deisceart i do sheilbh.
24Dúirt sé faoi Áiséar:
Go raibh beannacht thar na mic ar Áiséar;
gurb é muirnín a bhráithre é,
agus tumadh sé a chosa in ola!
25Bíodh do bholtaí dʼiarann agus de phrás
agus do neart comhfhad le do ré.
26Níl aon neach mar Dhia, Isiriún;
tagann sé i gcabhair ort ar mhuin na spéartha;
agus ar mhuin na néalta ina mhórgacht.
27Sé Dia síoraí do thearmann.
Anseo thíos sé an lámh shíoraí é
ag tiomáint an namhad romhat;
eisean a deir: “Scrios iad.”
28Uime sin lonnaíonn Iosrael i síocháin;
toghtar tobar Iacóib
mar thír arbhair agus fíona;
sileann neamh féin an drúcht anuas
29Nach méanar duit, a Iosrael!
Cé tá mar thú, pobal a dʼfhuascail an Tiarna,
an té is sciath do dhídine,
agus claíomh do bhua.
Tiocfaidh do naimhde ag lútáil ort,
ach siúlfaidh tusa ar a ndroim.
Currently Selected:
Deotranaimí 33: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.