Deotranaimí 34
34
Bás Mhaois
1Ansin dʼimigh Maois ó mhachairí Mhóáb agus ghabh Sliabh Neabó suas go mullach Phisceá, sall ó Ireachó, agus thaispeáin an Tiarna an tír ar fad dó: Gileád go Dán, 2Naftáilí go léir, dúiche Eafráim agus Manaise, tír Iúdá go léir go dtí an Fharraige Thiar, 3an Neigib agus fairsinge Ghleann Ireachó, cathair na gcrann pailme, go Zoar. 4Dúirt an Tiarna leis: “Sin é an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dʼAbrahám, dʼÍosác, agus do Iacób, á rá: ‘Tabharfaidh mé do do shíol é.’ Lig mé duit é a fheiceáil le do shúile cinn, ach ní rachaidh tú anonn isteach ann.” 5Ansiúd i dtír Mhóáb, fuair Maois searbhónta an Tiarna bás faoi mar a dʼachtaigh an Tiarna, 6agus rinne sé é a adhlacadh sa ghleann, i dtír Mhóáb, sall ó Bhéit Peór; ach go dtí an lá inniu féin ní fios dʼaon duine cá bhfuil a uaigh. 7Bhí Maois céad agus a fiche bliain dʼaois nuair a fuair sé bás; ní raibh a radharc teipthe ná a bhrí tráite. 8Chaoin clann Iosrael Maois ar feadh tríocha lá ar bhánta Mhóáb; ansin bhí deireadh le caoineadh agus le holagón do Mhaois. 9Líonadh Iósua mac Nún le spiorad na heagna mar leag Maois a lámha air. Ghéill clann Iosrael dó agus rinneadar de réir an ordaithe a thug an Tiarna do Mhaois.
10Níor éirigh in Iosrael ó shin fáidh mar Mhaois, an té a ba aithin don Tiarna gnúis le gnúis. 11Cad é comharthaí agus iontais a chuir an Tiarna faoi deara dó a déanamh i dtír na hÉigipte in aghaidh Fhorainn agus a shearbhóntaí agus a thíre go léir! 12Nár láidir í an lámh, agus nár mhór agus nárbh uafásach iad na héachta a nocht Maois os comhair Iosrael go léir!
Currently Selected:
Deotranaimí 34: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.