Deotranaimí 32
32
Laoi Mhaois
1Éistigí, a spéartha, go labhraí mé!
éisteadh an talamh le briathra mo bhéil.
2Go dtite mo theagasc mar an fhearthainn;
go sile mo ghlór mar an drúcht
mar an fhearthainn bhog ar an bhféar bláith,
agus mar cheathanna ar lusra an bháin.
3Óir fógróidh mé ainm an Tiarna.
Cuirigí in iúl mórgacht ár nDé!
4Eisean an Charraig, níl locht ar a shaothar,
mar is fíréan iad a bhealaí go léir.
Dia dílis é gan éagoir;
eisean an Chóir féin agus an Ceart.
5Rinneadar coirpeacht, an chlann a ghin sé gan cháim;
ál fealltach cam iad.
6An mar sin a dhíolann sibh an comhar leis an Tiarna?
Nach baoth éaganta an pobal sibh!
Nach é dʼathair é a chruthaigh thú,
a dhealbhaigh thú agus a bhunaigh thú?
7Cuimhnigh ar na laethanta a bhí,
agus machtnaigh ar na blianta ó ghlúin go glúin.
Cuir ceist ar dʼathair agus tabharfaidh sé fios duit
agus ar do sheanóirí agus cuirfidh siad ar an eolas thú.
8Nuair a bhronn an Té is Airde a n‑oidhreacht ar na ciníocha,
nuair a roinn sé clann Ádhaimh,
leag sé síos a dteorainneacha de réir líon chlann [Dé].
9Ach a mhuintir féin cuid an Tiarna,
agus Iacób an oidhreacht a thit air.
10Fuair sé sa díthreabh é,
i bhfásach uallairte an fhiántais.
Cumhdaíonn sé é, oileann é agus cosnaíonn
mar mhac imreasan a shúile.
11Mar iolar ag faire a neide,
ar foluain os cionn a ghearrcach,
leathann sé a sciatháin le breith air
agus cuireann a eiteoga leis mar theannta.
12An Tiarna amháin a threoraí,
níl aon dia deoranta fairis.
13Tugann sé arda na cruinne dó le marcaíocht tharstu,
agus beathaíonn sé é le toradh na sléibhte;
tugann sé mil ón gcarraig le deol dó,
agus ola ón gcarraig scáil;
14gruth ón mbólacht, bainne ón tréad,
bia saibhir ón bhféarach,
reithí do phór Bháiseán, agus gabhair,
bia saibhir de dhias na cruithneachta,
agus fuil na fíniúna glan mar dheoch.
15[Chaith Iacób bia agus bhí a sháith aige;]
Thit Isiriún chun feola agus thug speach.
(Thit tú chun feola, chun méithris agus chun gaoithe.)
Thréig sé an Dia a rinne é,
mhaslaigh sé Carraig a shlánaithe.
16Ghriogadar é chun éada le déithe deoranta;
chuireadar fearg air le nithe gránna.
17Rinneadar íobairt do dheamhain nach Dia,
do dhéithe nárbh aithnid dóibh riamh,
núíosaigh an lae inné,
nárbh eagal lena n‑aithreacha riamh.
18(Níor chuimhin leat an Charraig a ghin thú,
agus rinne tú dearmad den Dia a ba athair agat.)
19Chonaic an Tiarna é seo agus le barr feirge
chaith sé uaidh a chlann mhac agus iníonacha.
20“Déanfaidh mé mo ghnúis a fholach orthu,” ar sé,
agus feicfidh mé cén chríoch a bheidh orthu.
Óir is ál fealltach iad,
clann gan dílseacht iontu.”
21Spreagadar chun formaid mé le ní nach Dia;
ghriogadar mé lena n‑íola.
Cuirfidh mise iadsan in éad le dream nach pobal,
Cuirfidh mé fearg orthu trí chine gan stuaim.
22Las tine as mo fhearg,
agus dófaidh sí go híochtar Sheól;
alpfaidh sí an talamh agus a thoradh go léir,
loiscfidh sí máithreacha na sléibhte.
23Déanfaidh mé urchóidí a chruachadh orthu,
agus is leo a chaithfidh mé mo shaigheada go léir.
24Beidh sciobóil ghorta mar airm agam;
galar agus eitinn mar nimh.
Seolfaidh mé fiacla géara na n‑ainmhithe allta
agus nimh na n‑athracha talmhaí ina n‑aghaidh.
25Lasmuigh déanfaidh an claíomh eirleach ar a gclann,
agus laistigh beidh an scéin i réim.
Ní mhairfidh ógfhear nó ógbhean,
an leanbh cíche ná an seanduine liath.
26“Ba chóir dom iad a scaipeadh i gcéin,” a déarfainn
“agus iad a scrios ó chuimhne daoine,”
27mura mbeadh gurb eagal liom maíomh an namhad,
le heagla go dtabharfadh a n‑eascairde breith bhréagach,
le heagla go ndéarfaidís: “Tá an lá lenár neart!
Níl aon bhaint ag an Tiarna leis seo go léir!”
28Is náisiún gan chomhairle iad!
Níl aon tuiscint acu!
29Dá mbeidís eagnaí, thuigfidís é seo,
bheadh léamh acu ar an gcríoch atá i ndán dóibh.
30Conas a dʼfhéadfadh duine an teitheadh a chur ar mhíle
agus beirt ar dheich míle,
murar dhíol a gCarraig iad
agus gur thug an Tiarna ar láimh iad?
31Óir níl a gcarraigsean mar ár gCarraigne;
ní himpígh ár naimhde.
32Óir is dʼfhiniúin Shodom dá bhfíniúin
agus ó dhoirí Ghomorá.
Caora nimhe a gcaora,
crobhaingí searbha a gcrobhaingí.
33Nimh nathracha a bhfíon,
agus goimh dhanartha asp.
34Ach eisean, nach seoid luachmhar chánach agam é
arna cumhdach i mo chiste?
35Liomsa an díoltas, agus an cúiteamh,
i gcomhair an lae nuair a shleamhnóidh a gcos.
Óir tá lá a scriosta in achmaireacht
agus tá a dtubaiste ar sodar faoina ndéin.
36(Óir tabharfaidh an Tiarna breith i bhfabhar a phobail,
agus beidh trua aige dá shearbhóntaí.)
Óir feicfidh sé gur thréig a gcumhacht,
agus nach bhfuil aon duine fágtha, daor ná saor.
37Fiafróidh sé ansin: “Cá bhfuil a ndéithe?–
an charraig inar chuireadar muinín,
38an té a dʼith saill a n‑íobairtí,
agus a dʼól fíon a n‑íobairtí dí?
Éiridís-sean agus déanaidís tarrtháil ort!
Bídís-sean mar dhíon ort!
39Féach anois, gur mise É, mise féin
agus níl aon dia eile ann ach mé.
Is mé údar an bháis agus údar na beatha
Nuair a bhuailim, is mé a leigheasann
(agus níl duine a dhéanfadh fuascailt as mo láimh).
40Sea, ardaím mo lámh chun neimhe,
agus mionnaím dar mo bheo go deo:
41Nuair a bheidh faobhar ar mo chlaíomh lonrach,
agus go dtéim i mbun cúis na córa,
déanfaidh mé díoltas a imirt ar mo naimhde,
agus díolfaidh mé an comhar le lucht mʼfhuatha.
42Cuirfidh mé meisce fola ar mo shaigheada,
agus slogfaidh mo chlaíomh feoil ina chraos
fuil na gcrólíoch agus na gcimí,
agus cloigne cheannairí an namhad.”
43[A spéartha, déanaigí lúcháir in éineacht leis!
Tugadh clann Dé urraim dó!]
A náisiúna, déanaigí lúcháir lena phobal;
tráchtadh teachtairí Dé ar a chumhacht!
Óir déanfaidh sé fuil a shearbhóntaí a dhíolt,
agus díolfaidh sé an comhar lena naimhde.
Déanfaidh sé aisíoc le lucht a fhuatha,
agus déanfaidh sé fearann a phobail a íonghlanadh.
44Tháinig Maois agus [Iósua] mac Nún agus dʼaithris siad focail na laoi sin go léir i gcomhchlos an phobail.
45Nuair a bhí an clabhsúr ag Maois ag aithris na mbriathra sin go léir do chlann Iosrael uile, 46dúirt sé leo: “Gabhaigí chugaibh i gcochall bhur gcroí na briathra go léir a dʼaithin mé daoibh inniu; ní foláir daoibh a ordú do bhur gclann briathra uile an dlí seo a choimeád le barr cúraim. 47Óir ní aon ghnó suarach a bheidh á dhéanamh agaibh, mar is é bhur mbeatha é, agus dá bhíthin beidh fad saoil agaibh sa tír a bhfuil sibh ag dul thar Iordáin anonn lena shealbhú.”
Bás Mhaois á Thairngreacht
48Labhair an Tiarna le Maois an lá sin féin agus dúirt sé leis: 49“Gabh suas ar Shliabh Neabó, i sliabhraon seo Abáraím, i dtír Mhóáb sall ó Ireachó; agus féach uait ar thír Chanán atáim a thabhairt mar fhearann dílis do chlann Iosrael. 50Faigh bás ar an gcnoc ar a rachaidh tú agus cruinnítear chun do mhuintire thú, faoi mar a fuair Árón do dheartháir bás ar Shliabh Hor agus a cruinníodh chun a mhuintire é. 51Óir rinne sibh feall ar iontaoibh liom i measc chlann Iosrael an uair úd ag Miríbeat Cáidéis, i bhfásach Zin; mar níor thaispeáin sibh mo naofacht i measc chlann Iosrael. 52Ní fheicfidh tú an tír ach i gcéin uait; ní féidir duit dul ann, isteach sa tír sé sin atá á thabhairt agam do chlann Iosrael.”
Currently Selected:
Deotranaimí 32: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.