YouVersion Logo
Search Icon

Deotranaimí 31

31
Laethe Deiridh Mhaois
Gnó Iósua
1Lean Maois air ag rá na bhfocal seo le hIosrael go léir: 2“Táim céad agus a fiche bliain dʼaois inniu,” ar sé; “ní féidir dom dul agus teacht mar ba mhaith liom a thuilleadh. Tá sé ráite ag an Tiarna liom: ‘Ní rachaidh tú thar an Iordáin seo.’ 3Rachaidh an Tiarna féin, do Dhia, anonn romhat; scriosfaidh sé na náisiúin seo romhat; díbreoidh tú as seilbh iad; rachaidh Iósua chomh maith anonn ar cheann do shlua mar a dúirt an Tiarna. 4Tabharfaidh an Tiarna an íde chéanna orthu a thug sé ar Shíochon agus ar Óg, ríthe na nAmórach, agus ar a gcríocha nuair a scrios sé iad. 5Tabharfaidh an Tiarna ar láimh daoibhse iad agus déanfaidh sibh leo go beacht de réir gach aithne dár ordaigh mé daoibh. 6Bíodh neart ionaibh, agus misneach agaibh; ná bíodh eagla ná scanradh oraibh rompu; óir is é an Tiarna do Dhia a théann libh; ní theipfidh sé ort, ná ní fheallfaidh ort.”
7Ansin ghlaoigh Maois ar Iósua agus dúirt leis i bhfianaise Iosrael go léir: “Bíodh neart ionat, agus misneach agat; tá tú ag dul isteach leis an bpobal seo sa tír a mhionnaigh an Tiarna dá n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibh; tabharfaidh tú ina seilbh dóibh é. 8Sé an Tiarna é féin a threoróidh thú; beidh sé i do theannta; ní theipfidh sé ort ná ní fheallfaidh ort; ná bíodh eagla ná beaguchtach ort.”
Léamh an Dlí
9Scríobh Maois an dlí seo agus thug é do na sagairt, clann Léiví, an mhuintir a dʼiompraíodh áirc chonradh an Tiarna, agus do sheanóirí Iosrael. 10Thug Maois an aithne seo dóibh: “Ag deireadh gach seacht mbliana, ag an am ceaptha don fhuascailt, ag féile na dTaibearnacal, 11nuair a thagann Iosrael go léir i láthair an Tiarna do Dhia, san áit a thoghfaidh sé, léigh an dlí seo go léir i gcomhchlos Iosrael uile. 12Cruinnigh an pobal, idir fhir agus mhná agus mhiondaoine agus dheoraí i do bhailte, dʼfhonn go gcluinfidh siad agus go bhfoghlaimeoidh siad eagla an Tiarna bhur nDia, agus go gcoimeádfaidh siad agus go gcomhlíonfaidh siad focail uile an dlí seo. 13A gclann nach eol dóibh fós é, cluinfidh siad é agus foghlaimeoidh siad eagla an Tiarna bhur nDia i gcaitheamh bhur ré sa tír a bhfuil sibh ag dul thar Iordáin lena shealbhú.”
Treoracha
14Dúirt an Tiarna le Maois: “Féach, tá an t‑am ag druidim leat nuair a chaithfidh tú bás a fháil; glaoigh ar Iósua agus tagaigí i láthair i mBoth na Teagmhála go dtuga mé a threoracha dó.” Tháinig Maois agus Iósua i láthair i mBoth na Teagmhála. 15Agus thaispeáin an Tiarna é féin sa taibearnacal i gcolún néil, agus sheas an colún néil ag doras na Botha.
16Dúirt an Tiarna le Maois: “Is gearr go gcodlóidh tú le dʼaithreacha. Ansin éireoidh an pobal seo agus rachaidh siad le striapachas ar thóir déithe deoranta na tíre ina bhfuil siad le cur fúthu ina measc. Tréigfidh siad mé agus brisfidh siad an conradh seo a rinne mé leo. 17Lasfaidh mʼfhearg ina gcoinne an lá sin agus tréigfidh mé iad, agus ceilfidh mé mo ghnúis orthu, agus alpfar iad; is iomaí urchóid agus tubaiste a thiocfaidh orthu i dtreo go ndéarfaidh siad an lá sin: ‘Nár tháinig na hurchóidí seo orm mar nach bhfuil an Tiarna mo Dhia in éineacht liom?’ 18Ceilfidh mé mo ghnúis orthu, ceilfidh mé sin, an lá úd toisc na hurchóide go léir a rinneadar ag iompú chun déithe eile.
Laoi na Fianaise
19“Scríobh an laoi seo más ea agus múin í do chlann Iosrael; cuir ina mbéal í ionas go mba fhinné dom í an laoi seo in aghaidh chlann Iosrael. 20Óir nuair a bheidh siad seolta isteach agam sa tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dá n‑aithreacha, agus go n‑íosfaidh siad agus go mbíonn a mbolg lán, agus blonag orthu, iompóidh siad chun déithe eile agus déanfaidh siad seirbhís dóibh, agus beidh drochmheas acu ormsa agus brisfidh siad mo chonradh. 21Nuair a thiocfaidh cith urchóidí agus tubaistí sa mhullach orthu, tabharfaidh an laoi seo fianaise ina n‑aghaidh, óir mairfidh sí beo i mbéal a sleachta. Óir inniu féin, sula dtugaim isteach iad sa tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dóibh, is eol dom cad tá á thaibhreamh dóibh ina n‑aigne.” 22An lá ceannann céanna sin scríobh Maois an laoi seo agus mhúin í do chlann Iosrael.
23Thug [an Tiarna] treoracha do Iósua mac Nún agus dúirt: “Bíodh neart ionat, agus misneach agat; óir tá tú le clann Iosrael a thabhairt isteach sa tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dóibh, agus beidh mé féin i do theannta.”
Cuirtear an Dlí san Áirc
24Nuair a bhí deireadh déanta ag Maois ag scríobh briathra an dlí seo amach go críoch i leabhar, 25thug sé an t‑ordú seo do na Léivítigh a dʼiompraíodh áirc chonradh an Tiarna: 26“Tóg leabhar seo an dlí agus cuir taobh le háirc chonradh an Tiarna do Dhia é. Bíodh sé ansiúd mar fhinné i dʼaghaidh, 27óir is eol dom a cheannaircí agus a cheanndáine atá tú. Má thugann sibh dúshlán an Tiarna inniu féin agus mé beo fós in bhur measc, nach mó ná sin go mór a thabharfaidh sibh a dhúshlán tar éis mo bháis!
Tionól
28“Cruinnigí i mo thimpeall seanóirí bhur dtreibheanna, agus bhur scríobhaithe, dʼfhonn go labhróinn na focail seo ina gcluasa agus go nglaofainn neamh agus talamh mar fhinnéithe ina n‑aghaidh. 29Óir is maith is eol dom go ndéanfaidh sibh coirpeacht tar éis mo bháis, agus go gclaonfaidh sibh den bhealach a dʼaithin mé daoibh; agus go dtiocfaidh an urchóid sa mhullach oraibh sna laethanta le teacht mar go ndearna sibh an t‑olc i láthair an Tiarna, á ghríogadh chun feirge le bhur mí-iompar.”
30Ansin i gcomhchlos thionól iomlán Iosrael dʼaithris Maois focail na laoi seo siar amach go dúnadh.

Currently Selected:

Deotranaimí 31: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in