YouVersion Logo
Search Icon

Deotranaimí 30

30
1“Nuair a thiocfaidh na nithe seo go léir sa mhullach ort, an bheannacht agus an mhallacht a chuir mé romhat, má thugann tú chun cuimhne iad i measc na náisiún go léir, mar a dtiomáinfidh an Tiarna do Dhia thú, 2agus go n‑iompaíonn tú chun an Tiarna do Dhia, tú féin agus do chlann, agus go ngéilleann tú dá ghlór san uile ní a ordaím duit inniu, ó do chroí go hiomlán agus ó dʼanam go hiomlán, 3ansin tabharfaidh an Tiarna do Dhia do chonách ar ais, agus beidh trua aige duit agus cruinneoidh sé thú arís ó na pobail go léir mar ar scaip an Tiarna do Dhia thú. 4Má bhíonn fán fada ar aon chuid agaibh go himill na cruinne cruinneoidh an Tiarna do Dhia fiú ón áit sin thú, agus tabharfaidh sé leis as sin thú, 5agus tabharfaidh ar ais thú chun na tíre a bhí i seilbh dʼaithreacha dʼfhonn go mbeadh seilbh agatsa leis air, agus cuirfidh sé conách agus rath ort seachas mar a bhí ar dʼaithreacha. 6Déanfaidh an Tiarna do Dhia timpeallghearradh ar do chroí agus ar chroí do shleachta i dtreo go dtabharfaidh tú grá don Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó dʼanam go hiomlán agus go mbeadh an bheatha agat. 7Cuirfidh an Tiarna do Dhia na mallachtaí sin go léir sa mhullach ar dʼeascairde agus ar do naimhde a rinne géarleanúint ort. 8Géillfidh tú do ghlór an Tiarna agus coimeádfaidh tú na haitheanta go léir dá chuid a ordaímse duit inniu. 9Cuirfidh an Tiarna do Dhia conách bláfar ar shaothar do lámh go léir, ar thoradh do choirp, ar thoradh do airnéise, agus ar thoradh do thalún. Óir tabharfaidh an Tiarna gean do do chonách arís mar a rinne le dʼaithreacha, 10má ghéilleann tú do ghlór an Tiarna do Dhia agus a aitheanta a choimeád agus na reachtanna leis atá scríofa sa leabhar seo a dhlí, agus má chasann tú chun an Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó dʼanam go hiomlán.
11“Óir an dlí seo a aithním duit inniu níl sé thar do chumas ná gan breith agat air. 12Ní ar neamh atá sé agus nár mhór duit a rá: ‘Cé rachaidh suas ar neamh dúinn lena bhreith anuas chugainn, chun go gcluinfimís é agus déanamh dá réir?” 13Ní mó ná sin is thar lear atá agus nár mhór duit a rá: ‘Cé rachaidh thar lear dúinn agus é a thabhairt chugainn chun go gcluinfimís é agus déanamh dá réir?” 14Ní amhlaidh atá; tá an briathar an-ghar duit; tá sé i do bhéal agus i do chroí agat le comhlíonadh.
15“Seo beatha agus rath, bás agus urchóid á gcur agam romhat inniu. 16Má ghéilleann tú dʼaitheanta an Tiarna do Dhia a ordaímse duit inniu, má ghránn tú an Tiarna do Dhia agus siúl ina bhealaí, agus a aitheanta, a reachtanna agus a orduithe a choimeád, ansin beidh an bheatha agat, agus beidh síol ort, agus cuirfidh an Tiarna do Dhia a bheannacht ort sa tír a bhfuil tú ag dul ann lena shealbhú. 17Ach má chlaonann do chroí, má dhiúltaíonn tú éisteacht agus go mealltar thú chun adhradh do dhéithe eile agus seirbhís dóibh, 18fógraím daoibh inniu go scriosfar sibh, go scriosfar sin; is gearr é bhur seal sa tír a bhfuil tú ag dul thar Iordáin isteach ann á shealbhú. 19Glaoim ar neamh agus ar thalamh chun fianaise a bhreith in bhur n‑aghaidh inniu: Chuir mé romhat bás nó beatha, beannacht nó mallacht. Beir an bheatha de rogha dá bhrí sin, i dtreo go mairfidh tú féin agus do shliocht, 20i ngrá an Tiarna do Dhia, ag géilleadh dá ghlór agus ag cloí leis; óir sin é is beatha duit, agus is air a bhraitheann fad do ré sa tír a mhionnaigh an Tiarna do dʼaithreacha, dʼAbrahám, dʼÍosác, agus do Iacób, a thabharfadh sé dóibh.”

Currently Selected:

Deotranaimí 30: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in