Deotranaimí 29
29
1Sin iad briathra an chonartha a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois a dhéanamh le clann Iosrael i dtír Mhóáb i dteannta an chonartha a rinne sé leo ag Horaeb.
An tAitheasc Deiridh
Athchuimhneamh
2Ghair Maois ar Iosrael go léir agus dúirt leo: “Chonaic sibh gach a ndearna an Tiarna os comhair bhur súl i dtír na hÉigipte le Forann, lena shearbhóntaí, agus lena thír uile, 3na cathuithe móra a chonaic do shúile cinn, na comharthaí agus na hiontais mhóra úd; 4ach go dtí an lá atá inniu ann, níor thug an Tiarna croí daoibh le tuiscint, ná súile le feiceáil, ná cluasa le clos. 5Threoraigh mé san fhásach sibh ar feadh daichead bliain; ní dheachaigh caitheamh ar bhur gcuid éadaigh umaibh ná dreo ar do chuaráin faoi do chosa. 6Níor ith sibh arán; níor ól sibh fíon ná braon crua, i dtreo go mbeadh a fhios agaibh gur mise an Tiarna bhur nDia. 7Nuair a shroich sibh an áit seo tháinig Síochon rí Heisbeon agus Óg rí Bháiseán amach chun cath a chur inár n‑aghaidh, ach bhriseamar orthu. 8Ghabhamar a dtír agus thugamar é mar oidhreacht do threibh Reúbaen agus do threibh Ghád agus do leath-threibh Mhanaise.
9“Coimeádaigí dá bhrí sin briathra an chonartha seo agus comhlíonaigí iad, agus rithfidh libh i ngach ní dá ndéanfaidh sibh. 10Tá sibh uile in bhur seasamh anseo inniu i láthair an Tiarna bhur nDia–taoisigh bhur dtreibheanna, bhur seanóirí, bhur scríobhaithe, fir Iosrael go léir, 11bhur miondaoine, bhur mná, an deoraí i do champa–idir fhear gearrtha conaidh duit agus fhear tarraingthe uisce– 12agus tá tú ar tí dul i gconradh faoi mhionnaí leis an Tiarna do Dhia, conradh atá an Tiarna do Dhia a dhéanamh leat inniu, 13le pobal leis féin a dhéanamh díot inniu, agus Dia a dhéanamh de féin duit, faoi mar a gheall sé duit féin agus a mhionnaigh sé do dʼaithreacha dʼAbrahám, dʼÍosác, agus do Iacób.
An Conradh agus na Glúine le Teacht
14“Ní libh féin amháin a dhéanaim an conradh faoi mhionnaí inniu, 15ach leis siúd nach bhfuil anseo linn inniu chomh maith céanna leis siúd atá ina sheasamh anseo linn i láthair an Tiarna ár nDia.
16“Tá aithne agaibh orthu siúd ar chónaíomar ina measc san Éigipt, iad siúd ar ghabhamar trína dtailte, na ciníocha ar ghabhamar tríothu, 17agus chonaic sibh a ngráiniúlachtaí agus na híola adhmaid agus cloiche agus airgid agus óir a bhí acu ina measc. 18Ná bíodh fear ná bean ná clann ná treibh in bhur measc a iompaíonn a chroí inniu ón Tiarna ár nDia chun imeacht agus seirbhís a dhéanamh do dhéithe na gciníocha sin. Ná bíodh aon fhréamh in bhur measc a bhéarfadh toradh nimhneach searbh. 19Tar éis dó briathra an chonartha mhionnaithe seo a chlos, má bheannaíonn a leithéid sin de dhuine é féin ina chroí á rá: ‘Ní cás dom déanamh de réir dhánaíocht mo chroí agus beidh mé slán; cuireann tuile uisce an teitheadh ar an tart,’ 20ní mhaithfidh an Tiarna dó; ach lasfaidh fearg agus formad an Tiarna in aghaidh an duine sin, agus luífidh gach mallacht atá scríofa sa leabhar seo ar a mhullach, agus scriosfaidh an Tiarna a ainm ó faoi neamh. 21Scarfaidh an Tiarna ó threibheanna Iosrael go léir é le haghaidh drochíde de réir mhallachtaí an chonartha atá scríofa i leabhar an dlí seo.
22“An ghlúin le teacht, an chlann a éiríonn suas in bhur ndiaidh, agus an coimhthíoch a thagann ón imigéin, feicfidh siad plánna na tíre úd agus na galair a leagfaidh an Tiarna air, 23agus liúfaidh siad: ‘Ruibh agus salann agus loscadh críche ar an bhfearann go léir! É gan cur gan toradh, gan féar ag fás go deo arís air! É millte mar Shodom agus Gomorá, Admá agus Zabóím, áiteanna a scrios an Tiarna le barr feirge agus díoltais.’ 24Déarfaidh na ciníocha go léir de liú: ‘Cén fáth ar thug an Tiarna an íde seo ar an tír? Cad is ciall le mórbhruth seo a fheirge?’ 25Déarfaidh daoine ansin: ‘Mar gur thréigeadar conradh an Tiarna, Dia a n‑aithreacha, an conradh a rinne sé leo nuair a thug sé amach iad as tír na hÉigipte; 26mar go ndeachadar agus seirbhís a dhéanamh do dhéithe eile agus adhradh dóibh cé gur dhéithe iad nárbh aithnid dóibh agus nár thug seisean dóibh. 27Uime sin las fraoch feirge an Tiarna in aghaidh na tíre seo, agus thug air na mallachtaí go léir atá scríofa sa leabhar seo. 28Stoith an Tiarna iad as a dtír le barr feirge agus cuthaigh agus straidhne, agus chaith amach i dtír eile iad, mar a bhfuil siad inniu.’
Filleadh agus Aithrí
29“Baineann na rúin leis an Tiarna ár nDia; ach na nithe a fhoilsítear, is linne iad agus lenár gclann go deo dʼfhonn go ndéanfaimís briathra uile an dlí seo a chomhlíonadh.
Currently Selected:
Deotranaimí 29: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.