YouVersion Logo
Search Icon

Deotranaimí 28

28
Beannachtaí
1“Má ghéilleann tú go dílis do ghlór an Tiarna agus na haitheanta go léir dá chuid atá á n‑ordú agam duit inniu a chomhlíonadh le barr cáiréise, cuirfidh an Tiarna do Dhia thú go hard os cionn náisiúin uile na cruinne. 2Tiocfaidh na beannachtaí uile seo leanas suas leat agus fanfaidh ort má ghéilleann tú do ghlór an Tiarna do Dhia.
3“Beidh beannacht ort sa chathair, agus beannacht ort faoin tuath. 4Beidh beannacht ar thoradh do choirp, ar thoradh dʼithreach, ar thoradh do airnéise, agus ar an mbreis ar do bhólacht agus ar an mbreis ar do thréad. 5Beidh beannacht ar do chliabh aráin agus ar do losaid. 6Beidh beannacht ort ag gabháil isteach duit agus beannacht ort ag dul amach duit. 7Brisfidh an Tiarna i do láthair ar na naimhde a éiríonn i dʼaghaidh; tiocfaidh siad ar feadh an aon bhóthair i dʼaghaidh; ach gabhfaidh siad seacht mbóthar ar teitheadh uait. 8Fógróidh an Tiarna beannacht anuas ort i do sciobóil agus i ngach ní a ghabhfaidh tú idir lámha; cuirfidh sé beannacht ort sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit.
9“Buanóidh an Tiarna thú i do phobal coisricthe dó féin, faoi mar a mhionnaigh sé duit, má choimeádann tú aitheanta an Tiarna do Dhia agus siúl ina bhealaí. 10Feicfidh ciníocha uile an domhain go bhfuil ainm an Tiarna ort agus beidh eagla orthu romhat. 11Cuirfidh an Tiarna conách mór ort, i dtoradh do choirp, sa bhreis ar do bhólacht, agus i dtoradh dʼithreach sa tír a mhionnaigh an Tiarna do dʼaithreacha a thabharfadh sé duit. 12Osclóidh an Tiarna a chiste breá, na speartha, duit, le fearthainn a thabhairt duit i dtráth do do thalamh, agus beannacht a chur ar shaothar uile do lámh. Cuirfidh tú mórán ciníocha faoi smacht, ach ní bheidh tú féin faoi smacht ag cine. 13Ní eireaball a dhéanfaidh an Tiarna díot, ach ceann; ní in íochtar a bheidh tú choíche, ach in uachtar, má ghéilleann tú dʼaitheanta an Tiarna do Dhia, a ordaím duit inniu, á gcoimeád le barr cúraim, 14gan claonadh ar dheis ná ar chlé ó aon cheann de na hoibreacha a ordaím duit inniu trí aon déithe eile a leanúint agus fónamh dóibh.
Mallachtaí
15“Ach mura ngéilleann tú do ghlór an Tiarna do Dhia, agus gan a reachtanna ná a aitheanta go léir a ordaím duit inniu a chomhlíonadh, tiocfaidh na mallachtaí uile seo leanas suas leat agus béarfaidh siad ort. 16Beidh mallacht ort sa chathair agus mallacht ort faoin tuath. 17Beidh mallacht ar do chliabh aráin agus ar do losaid. 18Beidh mallacht ar thoradh do choirp, ar thoradh dʼithreach, ar an mbreis ar do bhólacht agus ar an mbreis ar do thréad. 19Beidh mallacht ort ag gabháil isteach duit, agus mallacht ort ag dul amach duit. 20Cuirfidh an Tiarna mallachtaí agus buaireamh agus eascaine ar gach ní a thógfaidh tú idir lámha, go dtí go millfear thú agus go scriosfar thú gan mhoill de bharr éagóir do bheart do mo thréigean. 21Seolfaidh an Tiarna an phlá le cloí leat nó go ndíothóidh sí thú sa tír a bhfuil tú ag dul ann le seilbh a ghabháil air. 22Pleancfaidh an Tiarna thú leis an eitinn, leis an bhfiabhras, le séideadh, le teas, le híota, le dubh, le snas liath, agus beidh siadsan sa tóir ort go híde. 23Beidh na spéartha os do chionn ina bprás, agus an talamh faoi do bhonn ina iarann. 24Déanfaidh an Tiarna luaithreach agus gaineamh dʼfhearthainn do thalún; titfidh sí ó neamh ort go scriosfar thú.
25“Tabharfaidh an Tiarna faoi deara go mbrisfear ort os comhair do naimhde; rachaidh tú amach ar feadh an aon bhóthair ina n‑aghaidh, ach gabhfaidh tú seacht mbóthar ar teitheadh uathu; beidh tú i do ábhar uafáis ag ríochtaí uile an domhain. 26Beidh do chonablach ina bhia ag éanlaith an aeir go léir agus ag ainmhithe na talún, gan aon duine ann chun iad a ruaigeadh. 27Buailfidh an Tiarna thú le neascóidí na hÉigipte, le hothras, le méirscrí agus le tochas, gan leigheas agat dóibh. 28Buailfidh an Tiarna thú le poc buile agus le daille agus le meabhrán aigne; 29agus beidh tú ag únfairt um mheán lae mar a bhíonn an dall ag únfairt sa dorchadas agus ní bheidh an t‑ádh i do bhóthar; ní bheidh ach leatrom agus slad á dhéanamh ort gan stad, gan lámh chúnta a fháil ó aon duine. 30Pós bean agus luífidh duine eile léi; tóg teach agus ní dhéanfaidh tú cónaí ann; plandaigh fíonghort agus ní chruinneoidh tú a thorthaí. 31Marófar do dhamh os comhair do shúl agus ní íosfaidh tú greim de; scuabfar dʼasal uait os comhair do shúl agus ní dhéanfar é aisíoc leat; tabharfar do chaoirigh do do naimhde agus ní thiocfaidh aon duine i gcabhair ort. 32Tabharfar do chlann mhac agus iníonacha ar láimh do dhaoine eile, agus gach lá beidh do shúile á snoí asat ag faire amach dóibh gan neart ar bith i do láimh leis an scéal a leigheas. 33Cine nach eol duit, íosfaidh siad toradh dʼithreach agus do shaothair; ní bheidh tusa ach do do chrá agus do do bhrú de shíor. 34Cuirfear le buile thú de bharr a bhfeicfidh do shúile cinn. 35Buailfidh an Tiarna thú ar na glúine agus ar na cosa le neascóidí nach mbeidh leigheas le fáil agat orthu, ó bhonn do choise go baithis do chinn.
36“Seolfaidh an Tiarna thú féin agus an rí a chuirfidh tú os do chionn go cine nárbh eol duit féin ná do dʼaithreacha; déanfaidh tú fónamh ansiúd do dhéithe eile, déithe adhmaid agus cloiche. 37Beidh tú i do cheap uafáis, i do sheanfhocal agus i do nath i measc na gciníocha go léir ina seolfaidh an Tiarna thú. 38Scaipfir síol go flúirseach san ithir, ach is beag fómhar a chruinneoidh tú di, óir alpfaidh an lócaiste é. 39Déanfaidh tú fíonghoirt a phlandáil agus a shaothrú, ach ní ólfaidh tú an fíon ná ní chruinneoidh tú na caora mar go n‑íosfaidh an chruimh iad. 40Beidh crainn ológ agat ar fud do chríoch, ach ní dhéanfaidh tú thú féin a ungadh le hola, óir gearrfar anuas do chrainn ológ. 41Ginfidh tú mic agus iníonacha, ach ní leat iad, óir rachaidh siad i mbraighdeanas. 42Do chrainn go léir agus toradh dʼithreach, beidh siad ag an lócaiste. 43An deoraí in bhur measc rachaidh sé céim ar chéim os do chionn, agus tusa céim ar chéim níos ísle. 44Beidh tú faoina smacht, ní bheidh seisean faoi do smachtsa. Eisean a bheidh ina cheann, agus tusa i dʼeireaball. 45Tiocfaidh na mallachtaí sin go léir anuas ort, leanfaidh siad thú, agus béarfaidh siad ort go dtí go scriosfar thú mar nár ghéill tú do ghlór an Tiarna do Dhia agus na haitheanta agus na reachtanna a dʼordaigh sé duit a chomhlíonadh. 46Beidh siadsan ina gcomhartha, agus ina n‑iontas, ag tagairt duit féin agus do do shliocht go brách.
Cogadh agus Deoraíocht
47“Dé bhrí nach ndearna tú seirbhís don Tiarna do Dhia le gairdeas agus le lúcháir de bharr flúirse na n‑iolmhaitheasaí, 48ní foláir duit fónamh do na naimhde a sheolfaidh an Tiarna i do choinne, faoi ocras agus faoi thart, faoi nochtacht agus cheal gach ní. Cuirfidh sé cuing iarainn faoi do bhráid nó go scriosfar thú. 49Seolfaidh an Tiarna náisiún i do aghaidh ón imigéin, ó imill na cruinne, é mear mar iolar ag eitilt; náisiún é nach dtuigeann tú fiú a theanga; 50náisiún is gruama dreach, gan urraim aige don sean ná taise don óg. 51Íosfaidh siad an bhreis a bheidh ar dʼairnéis agus toradh do thalún nó go scriosfar thú; fágfaidh siad thú gan arbhar gan fhíon, gan ola, gan breis ar do airnéis, ná breis ar do thréad, nó go ndíothóidh siad thú. 52Cuirfidh siad léigear ort i do bhailte go léir, go dtí go dtitfidh na ballaí is airde agus is daingne, na ballaí inar chuir tú muinín ar fud do chríoch. Cuirfidh siad léigear ort sna bailte go léir ar fud do chríoch a thug an Tiarna do Dhia duit. 53Le linn an léigir, agus san anró a chuirfidh do naimhde ort, íosfaidh tú toradh do cholainne féin, feoil na mac agus na n‑iníonacha a bhronn an Tiarna do Dhia ort. 54An té is cneasta agus is cineálta in bhur measc, beidh súil mhuice aige ar a bhráthair, agus fiú ar a chéile cumainn, agus ar fhuíoll a chlainne; 55diúltóidh sé aon chuid dʼfheoil a leanaí a bheidh á hithe aige a thabhairt dóibh, óir le linn an léigir agus san anró ina gcuirfidh do naimhde thú i do bhailte go léir ní bheidh aon ní fágtha aige. 56An bhean is cneasta agus is cineálta in bhur measc, an té sin atá chomh cneasta chomh cineálta sin nár lámhaigh sí bonn a coise a leagan ar an talamh riamh, beidh súil mhuice aici ar a céile cumainn, agus fiú ar a mac agus ar a hiníon; 57ceilfidh sí orthu slánú a broinne idir a cosa agus an mac a bhéarfaidh sí, ach is dʼfhonn iad a ithe; óir beidh ganntanas uafásach ann le linn an léigir agus san anró a chuirfidh do naimhde ort i do bhailte go léir.
58“Mura gcoimeádann tú briathra uile an dlí seo atá scríofa sa leabhar seo le barr cáiréise, dʼfhonn go mba eagal leat an t‑ainm glórmhar uafar seo: An Tiarna do Dhia, 59buailfidh an Tiarna le plánna uafásacha thú, tú féin agus do shliocht; sea, le plánna troma buana, agus le galair nimhneacha sheasmhacha. 60Seolfaidh sé ort arís galair uile na hÉigipte a ba eagal leat, agus cloífidh siad leat. 61Seolfaidh an Tiarna chugat chomh maith gach aicíd, gach plá nach luaitear i leabhar an dlí seo, nó go scriosfar thú. 62Ba líonmhar sibh mar réaltaí neimhe, ach ní fhágfar díbh ach dornán beag, óir níor ghéill tú do ghlór an Tiarna do Dhia. 63Faoi mar a rinne an Tiarna gairdeas ag bronnadh conáich agus ratha oraibh, sin mar a dhéanfaidh sé gairdeas do bhur scrios agus do bhur milleadh. Stoithfear sibh as an talamh a bhfuil sibh ag dul ann á shealbhú. 64Cuirfidh an Tiarna scaipeadh ort i measc na gciníocha go léir ó cheann ceann na cruinne; agus déanfaidh tú seirbhís ansiúd do dhéithe eile, déithe adhmaid agus cloiche, nárbh eol duit féin ná do do shinsir. 65Ní bheidh suaimhneas i ndán duit i measc na gciníocha seo ná aon sos do bhonn do choise; fágfaidh an Tiarna suaitheadh ar do chroí, tuirse ar do shúile, agus gearranálaí ort. 66Beidh do shaol ó thosach ina ualach ort; beidh faitíos ort de lá agus dʼoíche, agus tú in amhras faoi dʼanam. 67Déarfaidh tú ar maidin: ‘Uch, nach é an tráthnóna é!’ agus tráthnóna: ‘Uch, nach bhfuil sé ina mhaidin!’ de bharr an scanradh a bheidh ar do chroí agus na radhairc a fheicfidh tú le do shúile cinn. 68Tabharfaidh an Tiarna ar ais don Éigipt i longa thú, aistear a gheall mé duit nach ndéanfá go deo arís. Beidh fonn oraibh ansiúd sibh féin a reic le bhur naimhde mar dhaoir agus mar dhaoirseacha, ach ní cheannóidh aon duine sibh.”

Currently Selected:

Deotranaimí 28: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in