Deotranaimí 27
27
An Dlí á Scríobh
1Thug Maois agus seanóirí Iosrael ordú don phobal: “Coimeádaigí na haitheanta uile a ordaím duit inniu. 2An uair a théann sibh thar Iordáin isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, cuir líoga móra ina seasamh agus cuir brat aoil orthu; 3agus scríobh orthu focail uile an dlí seo a luaithe a rachaidh tú sall ar do shlí isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda faoi mar a gheall an Tiarna, Dia dʼaithreacha, duit. 4Nuair a rachaidh sibh thar Iordáin, ní foláir daoibh na líoga seo a chur suas ar Shliabh Éabál mar a ordaím daoibh inniu, agus brat aoil a chur orthu. 5Déan altóir san áit sin don Tiarna do Dhia de chlocha nár luigh aon uirlis iarainn orthu. 6Tóg an altóir don Tiarna do Dhia as clocha gan cóiriú, agus ofráil íobairtí uileloiscthe uirthi don Tiarna do Dhia. 7Ofráil íobairtí comaoineach agus ith iad ansiúd agus bíodh lúcháir ort i láthair an Tiarna do Dhia. 8Scríobh briathra uile an dlí seo ar na clocha go soiléir sofheicthe.”
9Ansin dúirt Maois agus na sagairt Léivíteacha le hIosrael go léir: “Tabhair cluas, a Iosrael, agus éist. Inniu rinneadh pobal don Tiarna do Dhia díot. 10Géill dá bhrí sin do ghlór an Tiarna do Dhia, agus coimeád a aitheanta agus a reachtanna a ordaím duit inniu.” 11Agus thug Maois ordú don phobal an lá céanna á rá: 12“Nuair a rachaidh sibh thar Iordáin anonn seasaidís seo ar Shliabh Girizím chun an pobal a bheannú: Símeon, Léiví, Iúdá, Íosácár, Iósaef, agus Biniáimin. 13Agus seasaidís seo ar Shliabh Éabál don mhallacht: Reúbaen, Gád, Áiséar, Zabúlun, Dán, agus Naftáilí. 14Labhraíodh na Léivítigh ansin agus fógraídís in ard a gcinn do na hIosraelaigh:
15‘Go raibh mallacht ar an bhfear a dhéanfaidh dealbh shnoite nó leáite–rud is gráin leis an Tiarna–obair lámha ceardaí, agus a chuirfidh suas i bhfolach í.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’
16‘Go raibh mallacht ar an té a thugann tarcaisne dá athair nó dá mháthair.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’
17‘Go raibh mallacht ar an té a chorraíonn marc teorann a chomharsan.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’
18‘Go raibh mallacht ar an té a chuireann an dall ar seachrán slí.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’
19‘Go raibh mallacht ar an té a dhéanann cantáil ar chearta an deoraí, an dílleachta, agus na baintrí.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’
20‘Go raibh mallacht ar an té a luíonn le bean a athar, agus a bhaineann beann bhrat a athar anuas di.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’
21‘Mallacht ar an té a luíonn le haon sórt ainmhí.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’
22‘Mallacht ar an té a luíonn lena dheirfiúr, iníon a athar nó iníon a mháthar.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’
23‘Mallacht ar an té a luíonn le máthair a chéile.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’
24‘Mallacht ar an té a bhuaileann a chomharsa faoi choim.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’
25‘Mallacht ar an té a thógann breab chun neamhchiontach a bhású.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’
26‘Mallacht ar an té nach ndaingníonn briathra an dlí trína gcomhlíonadh.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’
Currently Selected:
Deotranaimí 27: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.