YouVersion Logo
Search Icon

2 Teasalónaigh 3

3
Guígí Orainn
1Mar fhocal scoir, a bhráithre, bígí ag guí orainne, le súil go leathfadh scéala an Tiarna go luath agus go mbeadh meas air faoi mar tharla agaibh féin. 2Agus bígí ag guí chomh maith go saorfar sinne ó dhrochdhaoine mallaithe, mar ní hé gach duine a bhfuil an creideamh acu. 3Ach tá an Tiarna dílis agus treiseoidh sé libh agus cosnóidh sé ar an olc sibh. 4Táimid cinnte de sa Tiarna go bhfuil sibh ag déanamh rud orainn cheana agus go leanfaidh sibh á dhéanamh. 5Go stiúra an Tiarna bhur gcroí ar ghrá Dé agus ar sheasmhacht Chríost.
Ná Caith do Shaol Díomhaoin
6Táim ag tabhairt foláirimh daoibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, fanacht amach ó bhráthair ar bith a chaitheann a shaol díomhaoin agus nach leanann an treoir a fuair sibh uainne. 7Tá a fhios agaibh féin cad atá agaibh le déanamh chun aithris a dhéanamh orainne. Ní raibh aon díomhaointeas orainne fad a bhíomar in bhur measc, 8ná níor ghlacamar cothú in aisce ó dhuine ar bith. Is amhlaidh a bhímis ag obair le dua agus saothar, de lá is dʼoíche, ar shlí nach mbeimis inár muirín ar dhuine ar bith agaibh. 9Ní hé nach bhfuilimid i dteideal ár gcoda ach dʼfhonn sampla a thabhairt daoibhse chun go leanfadh sibh ár lorg. 10Go deimhin nuair a bhíomar in bhur measc, seo é an foláireamh a thugaimis daoibh: “An té nach bhfuil fonn oibre air, ná caitheadh sé bia ach oiread.” 11Tá sé á chloisteáil againn go bhfuil daoine áirithe oraibh a chaitheann a saol go díomhaoin, gan aon ní acu á dhéanamh ach a ladar a chur i ngnó daoine eile. 12Táimid ag tabhairt foláirimh dá leithéidí sin agus ag moladh dóibh in ainm an Tiarna Íosa Críost, bheith ag obair go ciúin dóibh féin agus a gcuid bia féin a ithe. 13I dtaca libhse de, áfach, a bhráithre, ná héirígí cortha go deo den mhaith a dhéanamh. 14Duine ar bith nach ngéilleann do theachtaireacht na litreach seo againn, tugaigí suntas dó agus ná bíodh caidreamh ar bith agaibh leis ionas go dtiocfadh náire air. 15Ná tugaigí meas namhad air, áfach, ach é a cheartú mar a cheartófaí deartháir.
16Tiarna na síochána é féin go dtuga sé síocháin daoibh gach uair agus gach slí. Go raibh an Tiarna libh go léir. 17Beannacht oraibh uaimse Pól faoi mo láimh féin. Sin é an síniú a chuirim ar gach litir de mo chuid; is mar sin a scríobhaim. 18Grásta ár dTiarna Íosa Críost agaibh go léir.

Currently Selected:

2 Teasalónaigh 3: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for 2 Teasalónaigh 3