YouVersion Logo
Search Icon

2 Teasalónaigh 2

2
An Mac Mallachta
1Maidir le téarnamh ár dTiarna Íosa Críost agus lenár mbailiú le chéile ina airicis, impímid oraibh, a bhráithre, 2gan bheith suaite go héasca in bhur n‑aigne ná scéin a ghlacadh ó spiorad nó ó scéal nó litir a cuireadh síos domsa, mar dhea go bhfuil lá an Tiarna tagtha cheana féin. 3Ná mealladh aon duine sibh ar aon tsli, mar ní foláir don cheannairc teacht ar dtús, agus ní foláir dʼfhear an oilc é féin a nochtadh–is é sin mac an léirscriosta, 4an t‑áibhirseoir a ardaíonn é féin os cionn gach neach atá in ainm bheith ina Dhia nó ina dhíol ómóis, go dtí go suíonn sé faoi i dteampall Dé agus é a mhaíomh gur Dia é féin.
5Nach cuimhin libh mé á rá sin libh agus mé fós in bhur measc? 6Agus tá a fhios agaibh anois cad atá á choinneáil gan a nochtadh nó go mbeidh a ionú ann. 7Tá cumhacht dhiamhair an oilc ag obair cheana féin agus gan í ach ag fanacht go dtógfar as an tslí an té úd atá á cosc. 8Agus ansin taispeánfaidh an mac mallachta é féin, ach déanfaidh an Tiarna Íosa é a bhascadh le hanáil a bhéil agus díothóidh é le niamhracht a theachta. 9Faoi mar is dual do ghníomhaireacht Shátain, tiocfaidh [an mac mallachta] faoi lánchumhacht, le comharthaí agus le fearta bréige, 10agus le teann urchóide cuirfidh sé cluain orthu siúd atá ar bhealach a n‑aimhleasa, de bhrí nach nglacfaidís leis an ngrá don fhírinne a chuirfeadh ar láimh shábháilte iad. 11Agus sin é an fáth a gcuireann Dia an mearbhall ag obair orthu sa tslí go gcreideann siad an t‑éitheach. 12Dá réir sin, gach duine acu nár ghéill don fhírinne ach gurb é an t‑olc is áil leis, daorfar é.
Tá an Slánú in Áirithe
13Tá sé dʼfhiacha orainne bheith ag gabháil buíochais le Dia gan stad mar gheall oraibh, a bhráithre, a bhfuil gnaoi an Tiarna oraibh, de bhrí gur roghnaigh Dia ó thús sibh chun go slánófaí sibh trí naomhú ón Spiorad agus trí chreidiúint san fhírinne. 14Is é fáth ar ghlaoigh sé oraibh tríd an dea-scéal seo againne, chun go mbainfeadh sibh amach daoibh féin glóir ár dTiarna Íosa Críost. 15Seasaigí an fód go daingean dá bhrí sin, a bhráithre, agus coinnigí an teagasc a dʼfhoghlaim sibh uainne le briathar béil nó trí bhíthin litreach. 16Agus go gcuire Íosa Críost féin ár dTiarna agus Dia ár nAthair, a thug grá dúinn agus a bhronn orainn in aisce sólás síoraí agus dóchas daingean, 17go gcuire siad sólás croí oraibh agus go dtreisí siad libh i ngach gníomh agus briathar fónta.

Currently Selected:

2 Teasalónaigh 2: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for 2 Teasalónaigh 2