1 Tiomóid 1
1
1Mise Pól, aspal Chríost Íosa ar ordú ó Dhia ár slánaitheoir agus ó Chríost Íosa ár ndóchas. 2Guím grásta agus trócaire agus síocháin ó Dhia an tAthair agus ónár dTiarna Íosa Críost ar Thiomóid mo mhac dílis sa chreideamh.
Seachain an Teagasc Bréige
3Faoi mar a dʼiarr mé ort cheana agus mé ag cur chun bóthair go dtí an Mhacadóin, iarraim arís ort fanacht in Eifeasas go fóill chun a fhógairt ar dhaoine áirithe ann gan bheith ag tabhairt saobhtheagaisc uathu, 4agus gan bheith tugtha dʼfhabhalscéalta agus do ghinealaigh gan teorainn, mar gur nithe iad sin a chothaíonn conspóidí in ionad beartas Dé a chur chun cinn, beartas atá bunaithe ar chreideamh. 5Níl de chuspóir ag an bhfoláireamh seo ach an grá a mhúscailt a thagann as an gcroí glan, as an gcoinsias maith agus as an gcreideamh gan chluain. 6Tá daoine ann a chlaon ó na nithe sin agus a dʼiompaigh ar an mbaothchaint; 7is áil leo bheith ina saineolaithe ar an dlí ach iad gan aon tuiscint acu ar a mbíonn siad a rá ná ar na tuairimí a mbíonn siad chomh teann ina dtaobh. 8Tá a fhios againn gur rud fónta an dlí, an té a bhainfeadh feidhm dhleathach as 9agus a thuigfeadh nach don duine fíréanta a dhéantar dlí ach do choirpigh agus do dhaoine ainrialta, dʼéagráifigh agus do pheacaigh, do mhallaitheoirí agus do lucht an oilc, do lucht fionaíola athar is máthar agus do dhúnmharfóirí, 10do lucht drúise agus lucht sodamachta agus lucht fuadaigh, do lucht na mbréag agus na mionn éithigh–dóibh sin uile a dhéanann aon ní eile bunoscionn le teagasc folláin 11atá de réir an dea-scéil ghlórmhair úd ón Dia beannaithe a fágadh faoi mo chúramsa.
Buíochas
12Gabhaim buíochas lenár dTiarna Íosa Críost a thug mo chumas dom, de bhrí go raibh oiread iontaoibhe aige asam agus gur cheap sé mé i mo sheirbhíseach dó, 13cé go mbínn á mhaslú agus á ghéarleanúint agus ag tabhairt easmailte dó roimhe sin. Ach rinne sé trócaire orm toisc gur le corp aineolais agus díchreidimh a rinne mé amhlaidh. 14Tháinig rabharta de ghrásta ár dTiarna chugam agus den chreideamh agus den ghrá atá i gCríost Íosa. 15Is barántúil agus is iontaofa go hiomlán an ráiteas é gur tháinig Críost Íosa ar an saol chun peacaigh a shlánú. Táim féin ar an bpeacach is mó orthu, 16agus is é fáth a ndearnadh trócaire ormsa, an peacach is mó, chun go dtaispeánfadh Íosa Críost a fhoighne gan teorainn i mo chás-sa ar dtús agus go mbeinn i mʼeiseamláir dóibh sin a chreidfeadh ann ar ball agus a bhainfeadh amach an bheatha shíoraí. 17Moladh agus glóir do rí na n‑aoiseanna, don aon Dia dofheicthe síoraí, trí shaol na saol. Amen.
18Táim ag tabhairt an fholáirimh seo duit, a Thiomóid, a mhic, foláireamh atá ag teacht leis an bhfaisnéis a thug na fáithe ort fadó, le hionchas go gcuirfeá an cath go cróga dá réir sin. 19Coinnigh an creideamh agus an coinsias glan agat. Mar tá daoine ann a thug cúl lena gcoinsias agus a chuir a gcreideamh ó rath. 20Orthusan tá Himinéas agus Alastar, beirt a thug mé suas do Shátan le súil go múinfí gan Dia a aithisiú.
Currently Selected:
1 Tiomóid 1: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.